Tá sé ródheacair do dhuine amháin cluiche caide a mhaoirsiú – Dara Ó Cinnéide

Bíonn cead cainte i gcónaí ag lucht caillte na himeartha ach mar sin féin bhí ciall lena raibh le rá ag beirt bhainisteoirí a d’fhág slán lena bpostanna an tseachtain seo caite

GAA Football All Ireland Senior Championship Round 2B, Owenbeg, Derry 11/7/2015 Derry vs Wexford Derry manager Brian McIver joins the pre-match team huddle Mandatory Credit ©INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Iarbhainisteoir Dhoire, Brian McIver. Pictiúr: ©INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Cé go ndeirtear go minic go gceapann fear na buile gurb é féin fear na céille, bhraitheas go raibh ciall áirithe leis an méid a chur bainisteoirí Dhoire agus Thiobraid Árann díobh agus iad ag éirí as an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí sé le rá ag Brian McIver, bainisteoir Dhoire, agus é ag fágaint slán leis an bpost tar éis don nGaillimh buachtaint orthu tráthnóna Dé Sathairn, go raibh gach aon ghné de Chumann Lúthchleas Gael tar éis dul i bhfeabhas le tamall de bhlianta, seachas cúrsaí réiteoireachta.

Ba dheacair, bunaithe ar fhianaise an taispeántais a thug réiteoir Chorcaí, Conor Lane, uaidh, gan teacht le tuairimí McIver. Bhí cuid des na ciceanna saora a thug an réiteoir i gcoinne Dhoire le linn an chluiche bun os cionn le héirim an chluiche féin agus b’fhuirist buile McIver a thuiscint sa chomhthéacs sin.

Is dóigh liom, áfach, go ngéillfeadh McIver féin, agus an racht buile maolaithe le roinnt laethanta anuas, go raibh dóthain cúraim ar an réiteoir breith a thabhairt ar chuid den ealaíon a bhí ar bun ar an bpáirc Dé Sathairn. Pé lochtanna atá ar réiteoirí an lae inniu, níl an dúshlán atá rompu aon phioc níos fusa le sárú de bharr imreoirí agus, go deimhin, bainisteoirí a chuireann foirne chun páirce sa tslí a dhein Doire le bliain anuas. Tá sé ródheacair do dhuine amháin cluiche caide, mar a himrítear anois í, a mhaoirsiú, a stiúrú agus a choimeád faoi smacht.

B’fhéidir nach anois, ag deireadh mhí Iúil, an t-am is fearr le bheith ag labhairt ná ag scríobh faoin gcur i gcéill atá ar bun ag imreoirí nuair a fhaigheann siad buille neafaiseach, ach is cinnte go bhfuil cúram an réiteora dulta thar fóir ar fad i mbliana agus má leanann an scéal mar atá, beidh gá leis an ndara réiteoir, nó, ar a laghad, cúnamh breise chun go bhféadfaidís tabhairt faoin ndúshlán atá ann faoi láthair.

Bhí cad é cur is cúiteamh coicís ó shin nuair a cuireadh imreoir lár páirce an Chabháin, Tomás Corr, den bpáirc de bharr buille fealltúil a tharrac ar imreoir de chuid Ros Comáin neomat go leith roimh leath ama. Sara gcuireadh tús leis an imirt don dara leath, nocht an réiteoir, David Gough, an cárta dearg, mar ba cheart, do Corr.

An raibh an réiteoir agus a mhaoir tar éis fianaise teilifíse a fheiscint ag leath ama? An mbeadh sé ceadaithe de réir rialacha CLG an t-imreoir a chur den bpáirc dá mb’amhlaidh a bhí? Nach cuma i ndáiríre, chomh fada is a deineadh an rud ceart sa deireadh? Má bhíonn imreoirí agus bainisteoirí an lae inniu meáite ar uisce faoi thalamh, cleasaíocht agus ganasaíocht a úsáid chun na ba a chur thar abhainn, canathaobh ná beadh sé de cheart ag an réiteoir pé áiseanna agus acmhainní atá ar fáil dó siúd a tharrac chuige féin chun an cinneadh ceart a dhéanamh chomh maith?

Munster GAA Football Senior Championship Quarter-Final, Semple Stadium, Thurles 31/5/2015 Tipperary vs Waterford Tipperary manager Peter Creedon Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
Peter Creedon. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

Cé gur dócha go ndein sé an cinneadh ceart agus é ag éirí as, ní mó ná sásta, ach an oiread, a bhí bainisteoir Thiobraid Árann, Peter Creedon, leis na háiseanna agus na hacmhainní a bhí ar fáil dó siúd agus é ag fágaint slán leis an gcúram i rith na deireadh seachtaine.

Cás an ghobadáin atá de shíor ag iarraidh an dá thráigh a thabhairt leis a bhí ag dó na geirbe ag an gCríodánach. Dúirt sé go gcaithfeadh cuid acu siúd atá ag plé le cúrsaí peile sa chontae tús áite a thabhairt don gcluiche sin agus na camáin a fhágaint ina ndiaidh ar fad dá mb’áil leo aon dul chun cinn a dhéanamh i ngeansaithe Thiobraid Árann.    

Is deacair a rá cad ’deir cinneadh Colin O’ Riordan linn faoi chúrsaí peile sa chontae ach nuair a chuaigh sé chun páirce i gcluiche craoibhe faoi bhliain is fiche iomána le Tiobraid Árann dhá lá roimh chluiche peile an tSathairn; ba iad an dá fhoireann agus an Riordánach féin a bhí thíos leis. Is é O’ Riordan, ceann feáin na gluaiseachta in athbheochan na peile i dTiobraid Árann le blianta beaga anuas ach tá sé i mbaol é féin agus an athbheochan chéanna a mhúchadh lena dhíograis.

Tá an Riordánach ag iarraidh bheith ina mháistir ar gach aon cheard ach, le fírinne, níl ag éirí leis toisc go bhfuil an lá imithe go bhféadfadh an té a bhfuil lé aige leis an dá chluiche iad a chleachtadh go leibhéal sásúil.

Ainneoin na mbriathra milse a bhí sa treis nuair a shroich Tiobraid Árann cluiche ceannais peile faoi bhliain is fiche na hÉireann san earrach, beidh tamall fada eile ann sara mbeidh toil iomlán an chontae in aon áit eile ach leis na camáin sa bhfómhar.

Ní scéal aon chontae amháin é seo ach an oiread. Fé bhun coicíos ó shin, bhí ar fhoirne camógaíochta agus peile na mban Chorcaí cur chun páirce ar an lá céanna cé go raibh triúr – Briege Corkery, Rena Buckley agus Maebh Cahalane – ar an dá phainéal.

Is léir le tamall go bhfuil cinneadh le déanamh ag Cumann Lúthchleas Gael, idir fhearaibh is mhná. An eagraíocht iad atá ag freastal ar rannpháirtíocht sa dá mhórchluiche, peil agus iománaíocht? Nó an bhfuil sé in am deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus a rá go neamhbhalbh gur ag freastal ar aicme barr feabhais ar leith atáid agus gur ag gníomhú dá réir a bheidh siad nuair a shocróidh siad cluichí feasta?

Tá an tuiscint ann le tamall go bhfuil gá le gníomh sa chás seo ach tá míthuiscint ann maidir leis na slite chun tabhairt faoin ngníomh.

Tuiscint agus míthuiscint ní oireann dá chéile mar, arís, is dóigh le fear na buile gurb é féin fear na céille.

Is clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta é Dara Ó Cinnéide

Fág freagra ar 'Tá sé ródheacair do dhuine amháin cluiche caide a mhaoirsiú – Dara Ó Cinnéide'

  • Pádraig Ó Sabhain

    Táim ag rá le roinnnt mhaith blianta anois, go bhfuil gá le beirt réiteoir, ach go háraithe don iomáint, ar aon cuma. Tá an páirc ró-mhór agus an imirt ró-sciopadh le h-aghaidh duine amháin mar réiteoir leis léí fhéin.

    Deirim é seo ar a laghad uair amháin ag chuile cluiche a fhreastalaím air, idir club agus contae agsus beionn daoine ag gáire fúim go dtí go gcaileann a bhfoireann poc-saor nó rud mar é, de bharr go raibh an réiteoir bocht ar an taobh eile den pháirc agus nach bhfaca sé/sí an eachtra eairithe. Oibríonn sé sa Cispheil an t-am ar fad agus tá an cúirt i bhfad níos lú ná páirc iomána nó peile… Táim dáiríre faoi seo….