Nach deas é? Bhí caobach air…

Cuirtear tús inniu le 'Nach deas é?', mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Nuair a bhíonn rud éigint ráite chun a shástachta ag fear Dhún Chaoin, fíliocht is ea é, a deirtear. Ach ní haon dóithín é fear na Gráige ach an oiread. Ó údar ón bparóiste san in Iarthar Duibhneach, an mórscríbhneoir Pádraig Ó Cíobháin, a fuaireamar iontráil na seachtaine seo.

Ba ‘nach deas é?’ ó thús deireadh againn ‘An Ghráin Fé Cheilt’, gearrscéal nua an Chíobhánaigh a foilsíodh ar Comhar le déanaí, ach thugamar suntas ar leith d’abairt amháin ann.

Na caobaigh, táid ann gan cháim. Éan lena bhfuil an dara ciall nach eol ach don mbeagán: bheith ar meisce ar nós amadáin.

Is beag léitheoir stuama a dhiúltodh don gcuireadh san chun póirseála. Chun Ó Dónaill a chuamar:

caobach1, f. (gs. -aí, npl. ~a, gpl. ~). 1. (a) Lumpish person or thing; lout. (b) (In phrase) Bhí ~ air, he was mad drunk. 2. Orn: Blackbacked gull.

Bhí caobach air. Sin le rá go raibh sé ar deargmheisce.

Nach deas é?

– Foilseofar De Chion Focal, cnuasach nua le Pádraig Ó Cíobháin go luath

Fág freagra ar 'Nach deas é? Bhí caobach air…'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Le linn don nath thuas a bheith dá phlé agam fhéin agus Seán Tadhg in oifig Tuairisc.ie i mBearna inniu dh’eachtraíos dó go raibh ‘caobach ‘na mhaor’ leis ann, treisiú leis an ráiteas i gceist san eireabaillín breise sin, deismireacht gur minic di curtha ag obair i ndéantús na ráiteachas a dheinimidne Gaelaibh. Bhí amhras orm fén ‘maor,’ arbh ‘fhaobhar’ a bhí i gceist, mar nach minic dhom é chlos, ach age dea-chainteoirí, de chion focal. Dála Sheáin Tadhg chuas go hÓ Dónaill. ‘Maor,’ ba dhealrataí liom de rogha; fé mar gurb é tá i gceist le ‘caobhach ina mhaor,’ maoirseacht nó máistreacht a bheith age’n ndeoch ar dhuine is é siar ó thuaidh. Samhlaím nathanna mar sin le ceirtlín nach mór a scaoileadh is a mbeadh de shnáth inti a chíoradh go mion is go beacht.