Conspóid ar líne faoi fhógra ‘nua’ TG4 – ocht mbliana i ndiaidh a dhéanta

Bhuaigh an fógra do chraobhchomórtas peile na mban duais in 2007, ach tá díospóireacht anois faoi cé acu an bhfuil sé ‘tarcaisneach’ nó nach bhfuil

Pic TG4

Is cúis iontais do lucht bainistíochta TG4 an chonspóid atá tarraingthe ag fógra dá gcuid 8 mbliana i ndiaidh a dhéanta.

‘Pregnant’ is teideal don bhfógra i gcomhair chraobhchomórtas pheil na mban a bhuaigh duais ón Institiúid le haghaidh Fógraíocht agus Dearadh Cruthaitheach in 2007.

Ba iad an comhlacht a dhear an feachtas fógraíochta faoi pheil na mban don stáisiún a chuir ‘Pregnant’ isteach ar an gcomórtas, ach thug TG4 le fios inniu nár craoladh raimh é.

Dé hAoine seo caite, chuir an craoltóir Gaeilge tweet amach ar a gcuntas Twitter @SportTG4 a raibh nasc ann chuig an seanfhógra agus an haischlib #FlashbackFriday ag gabháil leis.

Is cosúil, áfach, nár thuig cuid de na na meáin nach fógra nua a bhí sa phictiúr de bhean agus í mar dhea ‘ag iompar’ liathróide. ‘The most important nine months of a woman’s life’ an mana fógraíochta a bhí leis an bpictiúr.

I measc na suíomhanna nuachta a d’fhoilsigh scéalta inniu faoin bhfógra ‘is déanaí’ ó TG4, bhí an Irish Examiner, a reáchtáil pobalbhreith ar líne faoin scéal. ‘POLL: TG4 split opinion with attention-grabbing ad for Ladies Football’ an ceannlíne a bhí ag an nuachtán Corcaíoch.

Screen Shot 2015-07-21 at 16.28.18

Ba é an suíomh Her.ie is túisce a d’fhoilsigh scéal faoin bhfógra ‘nua’. Tuairiscíodh ar an suíomh sin inné go raibh fógra ‘fíorchumhachtach’ eisithe ag an stáisiún Gaeilge roimh thús chraobhchomórtas peile na mban.

“The picture has been getting an enormous reaction and has become a major talking point on Twitter this week and it’s not hard to see why,” a dúirt Her.ie. ‘TG4’s new Ladies football advert has certainly split opinion,” a d’fhógair Newstalk 106-108 fm ar a suíomh idirlín siúd.

“TG4′s new Ladies football ad has split opinion and provoked a ‘sexism’ debate”, a dúirt an suíomh spóirt The 42.

“Many have seen the ad in a positive light and as a great endorsement for the ladies game itself but others are of a different opinion.

“They feel the image focuses on women as mothers rather than the sporting aspect itself, which the ad is ultimately designed to be promoting. Either way, it’s got people talking,” a dúradh i scéal The 42.

Thaitin an seanfhógra go mór le SPORTSJOE.ie. “TG4 unveil one of the best advertisments for ladies football we’ve ever seen,” a dúradh ar an suíomh slí maireachtála. Bhí tuairimí éagsúla ag daoine ar na meáin shóisialta faoin bhfógra.

Fág freagra ar 'Conspóid ar líne faoi fhógra ‘nua’ TG4 – ocht mbliana i ndiaidh a dhéanta'

  • Pat Butler

    ‘Ladies Football’, um baist. ‘Peil na mBanuasal’. Mo náire sibh, muintir na Gaeilge is na caide. An tsúil chaoch fós á chaitheamh ag TG4 ar an bhréagfhriotal Victeoiriánach sin ‘ladies’, nuair is ‘womens’ atá i gceist.

    Nó bhfuil dul amú orm? ‘Peil na bhFearuasal’? Any takers?