Deacrachtaí fostaíochta ag iardhalta Gaelscoile san Astráil mar gheall ar ‘easpa Béarla’

Ní chláródh an Australian Health Practitioners Regulation Agency altra óg Éireannach mar ba i nGaeilge a fuair sí a cuid scolaíochta sa tír seo

Sydney_harbour_bridge_new_south_wales

Dúradh le haltra Éireannach a chuaigh chun cónaí san Astráil go mbeadh uirthi cúrsa agus scrúdú Béarla a dhéanamh sula bhféadfadh sí dul ag obair mar go bhfuair sí a cuid scolaíochta ar fad trí mheán na Gaeilge.

De réir choinníollacha clárúcháin an Australian Health Practitioners Regulation Agency (AHPRA), teastaíonn fianaise ar chúig bliana oideachais trí Bhéarla sula gcláraítear altra eachtrannach leis an nGníomhaireacht.

Cainteoir dúchais Béarla ab ea an bhean óg a chuaigh trí chóras an tumoideachais in Éirinn. D’fhreastail sí ar bhunscoil agus meánscoil lán-Ghaeilge ach rinne sí Béarla mar ábhar Ardteiste. Ina dhiaidh sin, chaith sí ceithre bliana ar an ollscoil anseo agus bhain sí céim amach san altranas agus san eolaíocht trí mheán an Bhéarla.

Bhain an t-altra óg dioplóma amach i mBainistíocht na Seirbhísí Sláinte freisin a múineadh agus a tástáladh trí mheán an Bhéarla. Níor áiríodh an cúrsa dioplóma seo, áfach, mar gheall ar a laghad uaireanta a’ chloig a caitheadh ina bhun.

Is éard is bliain acadúil ann san Astráil ná 1,200 uair a’ chloig de theagasc. Níor mhair an cúrsa dioplóma ach 96 uair a’ chloig – níos lú ná aon mhí amháin de theagasc.

Níor leor na ceithre bliana ollscoile agus 96 uair a’ chloig i mbun dioplóma d’údaráis na hAstráile agus dúradh léi go mbeadh uirthi tabhairt faoin gcúrsa Béarla d’eachtrannaigh agus scrúdú a dhéanamh a chosnódh $600 uirthi.

Ainneoin iarrachtaí na mná óige a chur ina luí ar an nGníomhaireacht gurb é an Béarla a teanga dúchais, ní raibh an AHPRA sásta í a chlárú mar altra san Astráil gan an scrúdú costasach teanga a dhéanamh.

Chuaigh an t-altra i muinín na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a mhol di a dhéanamh soiléir don AHPRA go bhfuil dhá theanga oifigiúla in Éirinn agus gur oideachas trí dhara teanga a bhíonn i gceist leis an tumoideachas.

Chuathas i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga freisin a léirigh a imní d’Ambasadóir na hÉireann san Astráil. Chuaigh an Ambasáid chun cainte leis an AHPRA agus thángthas ar réiteach.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil geallúint tugtha nach dtarlóidh a leithéid arís san Astráil.

Fág freagra ar 'Deacrachtaí fostaíochta ag iardhalta Gaelscoile san Astráil mar gheall ar ‘easpa Béarla’'

  • alan

    Easpa Béarla in Éirinn…. áit éigin ar bith in Éirinn?

  • Breathnóir

    Bhuel, ar a laghad tuigeann na húdaráis thall gur teangacha éagsúla iad an Ghaeilge agus an Béarla. Is iomaí duine ar fud an domhain nach bhfuil an méid sin féin ar eolas acu.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl sé soiléir an gaelscolaíocht nó scolaíocht Gaeltachta a fuair an duine seo. B’fhéidir nach bhfuil Gaeilge ar bith aici. Nach bhfuil cainteoirí Béarla ag freastal ar scoltachta Gaeltachta faoi láthair agus an rogha acu an tArdteist a shuí tré mheán an Bhéarla?

    Agus ní thuigim cad chuige a mbeadh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag tabhairt ísliú céime do chéad teanga na tíre seo – is ‘oideachas trí dhara teanga’ atá sa tumoideachas?? Nár cheart go mbeadh comhionannas ag an dá theanga sa tír seo?

    Bheadh sé suimiúil an ‘réiteach a thángthas air’ a léamh…

  • muiris Ó Súilleabháin

    I shlí amháin is ceolmhar go bhfuil meas ag reachtairí thar sáile ar Ghaeilge.
    Ach, I gcás mar so, nil ann ach ráiméis.
    Tá ana áthas orm gur eirigh leis an mhnaoi seo dul isteach in obair ina bhfui cáilíocht aici.
    Mairim san Astráil agus má’s mian leat mo email seoladh a thabhairt di, ba bhreá liom bualadh léi.
    Cónaím leath-shlí idir Sydney agus Canberra.