Súil siar ar shaol an fhaisin agus na háilleachta in 2020

Rogha ár gcomhfhreagraí de na scéalta faisin agus áilleachta a chuaigh i bhfeidhm uirthi le bliain anuas

Súil siar ar shaol an fhaisin agus na háilleachta in 2020

Is tráthúil i gcónaí an tráth seo bliana súil a chaitheamh siar ar a bhfuil tarlaithe le dhá mhí dhéag anuas ach, faraor, is beag ábhar ceiliúrtha nó gairdis a thug 2020 dúinn. Cuireadh ina lánstad cuid mhór den ghnáthshaol le bliain anuas de bharr na paindéime agus bhí drochscéalta faoi bhás agus faoi thinneas ar bhéal gach duine agus muid dírithe ar na figiúirí ba dheireanaí de chásanna nua agus ag plé an r-ráta mar a bheadh saineolaithe eipidéimeolaíochta ann.

Níor éalaigh saol an fhaisin agus na háilleachta ón bpaindéim agus ba thubaisteach mar a chaill oibrithe bochta sa tríú domhan a gcuid oibre nuair a theip go hiomlán ar na gnáthmhargaí a raibh siad ag táirgeadh earraí dóibh. Chaill oibrithe go leor a gcuid post i siopaí agus i ngnóthaí eile níos gaire do bhaile le linn na dianghlasála agus ba dheacair cúiseanna ceiliúrtha ar bith a aimsiú agus muid ag breathnú siar ar shaol an fhaisin agus na háilleachta in 2020.

Earra faisin na bliana: an clúdach aghaidhe  

Má tá ball amháin éadaigh a d’aimsigh áit lárnach inár saol le linn 2020 is é an clúdach aghaidhe é. Ba dheacair a chreidiúint roimhe seo go mbeadh tóir ar fud an domhain ar a leithéid agus go mbeadh éileamh ar chinn a bhí deartha go faiseanta. Ní fada go raibh na Gaeil féin i mbun deartha ar chinn le manaí Gaeilge.

Leabhar áilleachta na bliana: Skin Care: The Ultimate No Nonsense Guide le Caroline Hirons

Tá seasamh agus aitheantas anois ag Caroline Hirons mar shaoi i measc shaineolaithe cúram cnis agus bhí éileamh dochreidte ar a leabhar nua le linn na bliana.

Géarchéim áilleachta na bliana: Géarchéim na gruaige le linn na paindéime

Bhí cuid mhór daoine a bhí i gcruachás ceart nuair a dhún gruagairí na tíre faoi threoir an Rialtais le linn na dianghlasála. Rútaí liatha na gruaige a bheith á nochtadh agus gan bearradh gruaige le fáil ar feadh seachtainí móra fada a d’fhág an scéal ina ghéarchéim ceart.

Smaoineamh seafóideach faisin na bliana: Feisteas fíorúil faiseanta d’Instagram

Is deacair a chreidiúint go mbeadh daoine ann a chuirfeadh fios ar bhaill éadaigh nua agus nach mbeadh d’úsáid acu dóibh ach ar mhaithe le pictiúir ar Instagram. Nuair a bhí an phostáil déanta sheoltaí an t-éadach ar ais chuig an díoltóir.

Pearsa faisin na bliana: Kamala Harris

Ní as a cuid ‘Chucks’, na bróga spóirt a chaitheann sí go rialta beag beann ar an ócáid, is ceart aitheantas a thabhairt do Kamala Harris mar laoch ach go bhfuil sí ar an gcéad bhean agus an gcéad duine den chine dubh a toghadh ina Leas-Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Beidh aird an domhain mhóir uirthi sna ceithre bliana seo romhainn ach beidh ceamaraí lucht an fhaisin dírithe uirthi chomh maith céanna.

Dea-nós áilleachta na bliana: Dúshlán Chloe Ting

Tá ceangal idir aclaíocht agus áilleacht agus chabhraigh Chloe Ting leis na mílte duine leibhéal nua aclaíochta agus sásaimh a bhaint amach le linn na dianghlasála le naoi mí anuas.

Físeán smididh na bliana: Alexandria Ocasio Cortez

Le polaitíocht an pháirtí Dhaonlathaigh i Meiriceá is mó a thuilleann Alexandria Ocasio Cortez, nó AOC mar is fearr aithne uirthi, cáil. Ach i bhfíseán a rinne sí le linn na bliana, léirigh sí a thábhachtaí agus atá a cuid smididh agus nach rud fánach nó ar bheagán brí é do mhórán ban.

Fág freagra ar 'Súil siar ar shaol an fhaisin agus na háilleachta in 2020'