Físeán áilleachta ó Alexandria Ocasio-Cortez a thabharfadh misneach do dhuine

Laistigh dínn féin ar fad atá an eochair chun na háilleachta a deir an bhean is óige riamh a toghadh ina feisire go Teach Comhdhála Mheiriceá

Físeán áilleachta ó Alexandria Ocasio-Cortez a thabharfadh misneach do dhuine

Ní dócha go mbíonn Alexandria Ocasio-Cortez ag léamh Tuairisc.ie nó go bhfaca sí an méid a scríobh mé anseo an tseachtain seo caite faoi bhéaldath dearg.

Tá Cortez ina ball de Theach an Comhdhála i Meiriceá agus is í an bhean is óige riamh í a toghadh chun an tí sin.

Ach tráthúil go maith tar éis dom a bheith ag scríobh anseo faoi liopaí dearga, rinne Alexandria Ocasio-Cortez, nó AOC mar a thugtar uirthi go coitianta, físeán faoin ábhar céanna le linn na seachtaine don tsraith Beauty Secrets do Vogue.

An béaldath dearg a chaitheann an polaiteoir óg is mó a tharraingíonn aird ar a cuid áilleachta, ach tugann sí ceacht dúinn sa bhfíseán faoin gcleachtas atá aici maidir le cúram cnis agus smididh. Tá sé feicthe cheana féin ag cúpla milliún duine ar YouTube ach tá cleachtadh maith ag AOS ar na meáin shóisialta áit a bhfuil 8.4 milliún leantóir aici ar Twitter agus 6.4 milliún eile ar Instagram.

Nó haon dóithín an bhean chéanna.

Ní raibh sí ach 29 bliain d’aois nuair a toghadh chuig Teach na Comhdhála in Washington í anuraidh. Bean í atá láidir fuinniúil agus misniúil í de bhunadh Phórtó Ríce a sheasann go tréan in aghaidh an chiníochais agus ar son chearta na mban. Ag obair i mbeár agus mar fhreastalaí bialainne a bhí sí sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht.

Is don Pháirtí Daonlathach a sheas sí sa toghchán agus b’éacht a bhí ann go bhfuair sí an t-ainmniúchán ó tharla an t-iarrthóir eile a bheith ansin le blianta.  Bhí bua éasca aici sa toghchán féin i gceantar i Nua-Eabhrac ina dtugtar tacaíocht láidir do na Daonlathaigh. Caitheann sí ceithre lá ag obair in Washington DC gach seachtain agus na trí lá eile ag obair ina ceantar féin i Nua-Eabhrac.

Is léir nach dtaitníonn a cuid polaitíochta, a hóige, ná a seasamh le cuid de na seanphoblachtaigh in Washington agus rinne duine acu, Ted Yoho, ionsaí binbeach uirthi ar chéimeanna Theach na Comhdhála ag deireadh na míosa seo caite nuair a dúirt sé go raibh sí “disgusting” agus gur “f…ing bitch” a bhí inti.

Ach cén bhaint atá aige seo ar fad le cúrsa faisin agus stíle? Tugann sí tuiscint mhaith dúinn sa bhfíseán do Vogue ar an gceangal a fheiceann sí féin idir faisean, áilleacht agus cumhacht na mban.

“Femininity has power,” a deir sí agus deir sí nár cheart géilleadh dóibh siúd a deir gur ionann spéis a bheith ag duine sa bhfaisean agus i gcúrsaí áilleachta agus a bheith ag plé le rud a bheadh fánach nó gan tábhacht.  “Laistigh dínn féin ar fad atá an eochair chun na háilleachta agus ní éireodh le hairgead nó le smideadh é sin a shárú,” a dúirt sí.

Bíonn an iomarca daoine ag mioncháineadh na mban faoi mheáchan nó dath a gcraiceann, dar léi.

Labhraíonn sí freisin faoin bhféinmhuinín a thugann smideadh do mhná agus deir sí nach bhfuil aon fhadhb aici dóthain ama – uair an chloig, más gá – a chur ar leataobh ar maidin le haire a thabhairt dá cúram cnis agus smididh, nuair is é a rogha féin é sin a dhéanamh.

Tugann sí léargas, céim ar chéim, sa bhfíseán ar gach a ndéanann sí ón tonóir go dtí an béaldath sainiúil dearg sin a thugann oiread féinmhuiníne di mar ‘Latina’.

An béaldath Stila Liquid ar dhath ‘beso’ an rogha a bhíonn aici de ghnáth. Tá sé ar fáil sa tír seo ó Boots ar thart ar €20.

Nár dheas an rud é dá gcabhródh an béaldath sin linn ar fad cur lenár bhféinmhuinín agus cuid de chumas AOC a tharraingt chugainn féin.

Fág freagra ar 'Físeán áilleachta ó Alexandria Ocasio-Cortez a thabharfadh misneach do dhuine'