Béaldathanna áille do liopaí dearga ar phraghsanna idir €10 agus €50

Deir ár gcomhfhreagraí nach éasca an béaldath dearg is fearr ar an margadh a roghnú

Béaldathanna áille do liopaí dearga ar phraghsanna idir €10 agus €50

Níl freagra simplí i gcónaí ar gach ceist shimplí. Cuireadh ceist orm tamall ó shin cé acu ceann a mholfainn féin as an iliomad béaldathanna dearga atá ar an margadh faoi láthair.

Liostaigh mé sé cinn de mo rogha féin gan mórán achair. Trí sheans chonaic mé liosta den chineál céanna foilsithe tamaillín ina dhiaidh sin san Irish Times agus tráthúil go maith ní raibh oiread agus ceann amháin de na roghanna a bhí agamsa déanta ag comhfhreagraí an nuachtáin sin Laura Kennedy – cruthú má theastaigh sin nach lia duine ná tuairim.

Seo an rogha a bhí ag scríbhneoir an Irish Times:

Lisa Eldridge Lipstick in Velvet Morning (€26), Russian Red (€20), Chanel Rouge Allure Luminous Intense Lip Color (€36),  Giorgio Armani Beauty Rouge D’Armani Lipstick in 400 (€33) agus Nars Audacious Lipstick in Bette (€32).

Leis an fhírinne a rá braitheann an rogha a dhéanfadh duine go hiomlán ar céard atá uait an lá nó an oíche sin. Ar dath éadrom nó láidir atá uait? Lonrach nó neamhlonrach? Béaldath mín nó trom?

Seo na sé cinn a roghnaigh mise agus bheadh mo rogha ag brath ar an ghiúmar a bheadh orm agus ar an éadach a bheadh á chaitheamh agam.

 

1.     Charlotte Tilbury Lip Lustre i ndath ar a dtugtar Red Vixen ar fáil ó Brown Thomas ar €22

Tá dath láidir dearg ar an snas béil seo agus é thar a bheith lonrach. Tarraingeoidh an ceann seo aird ort go cinnte. Rabhadh don té a bhfuil gruaig fhada orthu – greamóidh do ghruaig don cheann seo má ligeann tú in aice do bhéil í.

2.     Generation G Sheer Matte Lipstick i ndath ar a dtugtar Zip ar fáil ó Glossier.com ar €17

Seo béaldath a chaithim féin go minic agus bíonn sé agam i mo mhála i gcónaí. Tá an dath dearg atá ar an gceann seo éadrom geal agus ní theastaíonn an scáthán féin uait agus tú á chur ort.  Seo dath deas dóibh siúd nach bhfuil cleachtadh acu a bheith ag caitheamh dath dorcha ar a gcuid liopaí.

3.     Benefit Benetint Lip and Cheek Stain ar fáil ó Boots.ie ar €19.50

An rud is fearr liom faoi gceann seo ná gur féidir é a chaitheamh agus tú oíche ‘amuigh’ agus ní bheidh tú de shíoraí ag cur tuilleadh smididh ort le linn na hoíche. Breathnaíonn sé seo cosúil le vearnais ingne agus tá sé chomh héadrom le huisce. Nuair a thriomaíonn sé fágann sé dath nádúrtha ar na liopaí a sheasfaidh i bhfad.

4.     Lanolips Tinted Balm i ndath ar a dtugtar Red Apple ar fáil ó Feel Unique ar €10.95

Seo balsam béil iontach i ndath dearg don té a mbeadh a cuid liopaí an-tirim. Is maothóir maith é seo do na liopaí agus tá fachtóir cosanta gréine 30 ann – rogha mhaith agus duine ag dul ar saoire.

5.     Nars Velvet Matte Lip Pencil i ndath ar a dtugtar Cruella ar fáil ó Brown Thomas ar €27

Dá gcaithfinn béaldath amháin a roghnú seans gurbh é an pionsail liopaí seo an ceann a phiocfainn. Níl sé saor ach is breá liom an dath dorcha dearg neamhlonrach sin. Tá an dath seo iontach d’ócáid mhór mar go mairfidh sé i bhfad agus tá sé an-éasca le cur ort.

6.     Hourglass No 28 Lip Treatment Oil i ndath ar a dtugtar Icon ar fáil ó Arnotts ar €53

Ní hé chuile dhuine a chaithfeadh €53 ar bhéaldath ach más acmhainn duit sin agus má tá tú tinn tuirseach de na cinn thraidisiúnta seo ola álainn a choinneoidh do chuid liopaí maoth agus deas daite. Tá seo molta go hard do liopaí tirime aimsir fhuar. Tá tuilleadh dathanna acu ach is é an ceann ar a dtugtar Icon mo rogha féin.

Fág freagra ar 'Béaldathanna áille do liopaí dearga ar phraghsanna idir €10 agus €50'