“B’fhearr liom dul amach i mo chuid fo-éadaí ná rútaí mo chuid gruaige a bheith ina seó mar seo,” – géarchéim na gruaige ag dul in olcas

Is fada ó chupáin chaife, irisí gleoite faisin agus an comhrá fánach a bheimid nuair a osclóidh na salóin ghruaige arís

“B’fhearr liom dul amach i mo chuid fo-éadaí ná rútaí mo chuid gruaige a bheith ina seó mar seo,” – géarchéim na gruaige ag dul in olcas

Is cosúil nach féidir teacht ar na táirgí is mó ráchairt don dathú gruaige ar ór ná ar airgead i siopaí ná ar líne faoi láthair. Tá daoine nach smaoineodh ar a leithéid go deo roimhe seo ag dul i muinín an dathú gruaige sa mbaile anois.

Tá cúram gruaige liostaithe ag cuid mhór de lucht údaráis ar fud an domhain, an tír seo san áireamh, mar sheirbhís ‘neamhriachtanach’. Níor mhaith duit é sin a rá le cuid de na daoine a bhí ag caint liomsa le gairid.

“B’fhearr liom dul amach i mo chuid fo-éadaí ná rútaí mo chuid gruaige a bheith ina seó mar seo,” a dúirt bean amháin liom. 

Tá an scéal chomh dona sin ag daoine áirithe go bhfuil siad sásta na treoracha a bhriseadh, dul sa seans le cúrsaí sláinte agus suimeanna ollmhóra a íoc le gruagairí neamhscrupallach le cúram a dhéanamh dá gcuid gruaige sa mbaile. 

Don chuid againn nach bhfuil chomh díchéillí sin beidh orainn fanacht go dtí an ceathrú céim den phróiseas athoscailte, 20 Iúil, le coinne a dhéanamh le gruagaire arís. Beidh scuainí fada romhainn! 

Níor éirigh go dtí seo ar aon nós le hiarrachtaí an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan a chuir in luí ar a comhghleacaithe Rialtais gur cheart na salóin ghruaige a oscailt níos túisce agus beidh fanacht cúig seachtaine eile fós orainn. Meastar gur thart ar an am céanna, sa cheathrú céim den athoscailt, a rachaidh gruagairí an Tuaiscirt i mbun oibre arís freisin. Beidh cinn na Breataine oscailte roimhe sin, cé nach dtarlóidh sin roimh an 4 Iúil. 

Chuir fógra Boris Johnson mearbhall ar ghruagairí ansin ar dtús nuair a mhol sé don phobal ar fad filleadh ar an obair mura raibh siad in ann an obair sin a dhéanamh ón mbaile. Dúradh níos deireanaí nár bhain an treoir sin le gruagairí – comhartha, b’fhéidir, nach bhfuil scil rómhór ag Boris féin i ngruagaireacht nó bearbóireacht!

Mar a chéile an scéal ag an Dr Tony Holohan, fear nach cás leis féin siopaí bearbóra a bheith oscailte ná dúnta. 

Caithfidh mé a admháil nach bhfuil cás na gruaige ródhona agam féin – bhí sé d’ádh orm go ndearna mé cinneadh tamall ó shin tabhairt faoi theicníc an balayage agus níl oiread suntais le tabhairt do dhath rútaí mo chuid gruaige dá bharr sin. 

Ach ní bheidh comparáid ar bith idir an salón gruaige ar a bhfillfidh muid agus an ceann a raibh cleachtadh againn air roimh theacht na géarchéime.

Beidh deireadh ar fad leis an gcompord agus an só a bhain roimhe seo le cuairt a thabhairt ar an ngruagaire agus is gaire do thasc míleata a bheidh ann feasta más fíor a bhfuil le feiceáil i dtíortha eile a bhfuil a gcuid salón gruaige oscailte arís le gairid acu. 

I bhformhór na dtíortha sin bíonn ar an gcustaiméir coinne cinnte a bheith acu leis an ngruagaire agus ní ghlactar le cliant a bhuailfeadh isteach gan a leithéid. Bíonn masc le caitheamh ag gruagairí agus ag custaiméirí i mbeagnach gach tír. 

Sa Ghearmáin ní cheadaítear ach an bearradh tirim (dry-cuts) agus bíonn foirm le líonadh roimh ré le do chuid sonraí pearsanta a chur ar fáil. Caithfidh gach dara suíochán sa salón a bheith folamh, caithfidh an scaradh sóisialta a bheith i bhfeidhm go docht agus ní cheadaítear ach an chuid is lú den chaint.  

Sa Fhrainc caithfidh an custaiméir lámhainní agus rabhlaer aonuaire a chaitheamh agus gearrtar táille ar leith orthu as na hearraí sin sa bhreis ar chostas chúram na gruaige féin. Bíonn sciath chosanta thrédhearcach aghaidhe á chaitheamh ag cuid mhór de na gruagairí os cionn an mhaisc. Caitheann cuid acu fiú éadach cosanta iomlán ar nós an PPE a bheadh ar oibrithe sláinte sna hospidéil.  

Pictiúir den chineál céanna atá faighte againn ó thíortha eile a bhfuil a gcuid salón gruaige athoscailte le gairid, an Tuirc, an Spáinn agus an Iorua san áireamh. 

Is dócha gur mar sin a bheidh sé sa tír seo freisin ach go mbeidh orainn fanacht go dtí an 20 Iúil go bhfeicfidh muid sin. 

Beidh an bearradh nó an dathú gruaige sin rómhall d’athoscailt na mbialann agus na gcaiféanna (an 29 Meitheamh) ach beidh an ghruaig cíortha slíoctha sula n-osclóidh an teach ósta  ar an 10 Lúnasa. Leide atá sa mhéid sin féin chomh “neamhriachtanach” agus atá cúram gruaige i súile na n-údarás, agus oscailt na salón leath bealaigh idir oscailt na bialainne agus oscailt an phub. 

Cibé leagan amach a bheas ar na salón gruaige nuair a osclóidh é, is cinnte nach bhfaighidh tú aon chupán caife ná irisí gleoite faisin ann feasta. 

Fág freagra ar '“B’fhearr liom dul amach i mo chuid fo-éadaí ná rútaí mo chuid gruaige a bheith ina seó mar seo,” – géarchéim na gruaige ag dul in olcas'