Feisteas fíorúil faiseanta ar $10 do do phictiúr ar Instagram

Tá sé mar aidhm ag beirt fiontraithe faisin billiún íomhá a dhíol sna deich mbliana seo romhainn leo siúd nach bhfuil uathu ach ‘feisteas’ do phictiúr ar na meáin shóisialta

Feisteas fíorúil faiseanta ar $10 do do phictiúr ar Instagram

Nuair a cheannaíonn an chuid is mó againn éadach ar líne is ar mhaithe lena chaitheamh ag ócáid shóisialta nó chun na hoibre a dhéanann muid sin. Bíonn muid ag súil go gcuirfidh sé cuma dheas orainn agus go dtabharfaidh daoine suntas don dearadh nó don stíl a bhaineann leis.

Ach tá céatadán beag daoine, beagnach 10%, a mbíonn cúis iomlán difriúil acu leis an tsiopadóireacht faisin ar líne – níl an feisteas nua uathu ach lena chaitheamh i bpictiúir ar Instagram nó ar mheán sóisialta éigin eile. A luaithe agus atá an phostáil sin déanta seolann siad an t-earra faisin ar ais chuig an díoltóir.

Ó shuirbhé a rinne an comhlacht Barclaycard ar bhreis agus 2,000 duine dhá bhliain ó shin a tháinig an t-eolas go raibh an nós ag beagnach duine amháin as gach deichniúr. Dála an scéil, bhí na fir sa suirbhé beagán níos tugtha don chleachtas seo ná mar a bhí na mná.

An socrú faoinar féidir le daoine earraí a cheannaítear ar líne a sheoladh ar ais gan mórán costais nó, in amanna, gan aon chostas a bheith orthu féin is cúis leis an nós seo. É sin agus an brú damanta a bhraitheann daoine áirithe orthu féin íomhá ar leith díobh féin a fhorbairt ar na meáin shóisialta agus iad gléasta go faiseanta in éadach nua i gcónaí.

Ach, ar ndóigh, tá costas an-mhór ag baint leis an gcleachtas siopadóireachta seo. Bíonn an t-éadach le dearadh, le táirgeadh, le cur ar líne, le pacáistiú, le seachadadh go dtí doras an tí agus le tógáil ar ais arís an bealach ceanna go dtí an díoltóir nach ndearna cent brabaigh as seo ar fad. Smaoinigh ar an astaíocht charbóin ar fad atá i gceist, ní airím an t-am agus an stró ar fad. Agus é sin ar fad ar mhaithe le pictiúr ar Instagram.

Ach san áit a n-aithnítear cleachtas mar sin a bheith ait agus aisteach, tiocfaidh lucht fiontraíochta chun cinn luath nó mall le hiarracht a dhéanamh brabach a bhaint as an mbearna sa mhargadh.

Ón Úcráin ó dhúchas iad na fiontraithe faisin Daria Shapovalova agus Natalia Modenova agus tá córas nua seolta acu le gairid a thabharfaidh deis do dhaoine an pictiúr faisin sin a shantaíonn siad dá gcuntas ar na meáin shóisialta a fháil gan an t-éadach a cheannach ar chor ar bith.

Sheol siad Dress-X le gairid, suíomh gréasáin a thugann deis do dhaoine pictiúir díobh féin a sheoladh isteach chuig an gcomhlacht chomh maith le heolas faoina rogha éadaigh ó dhearthóirí ar leith. Ar tháille $10 gheobhaidh siad pictiúr digiteach, nó físeán gairid fiú, díobh féin agus an t-éadach nua orthu le postáil ar na meáin shóisialta. Samhlaím gur coincheap níos sofaisticiúla ná Photoshop atá i gceist anseo.

Ta rún ag na mná billiún pictiúr a bheith díolta acu laistigh de dheich mbliana, a thug siad le fios in agallamh don iris ghnó Forbes le gairid. Bhí 2,000 custaiméir acu ar an gcéad lá agus an figiúr sin ag dúbailt gach lá ina dhiaidh sin, a dúirt siad.

Ní aon núíosaigh iad Shapovalova agus Modenova i gcúrsaí fiontraíochta agus faisin. Tá na comhlachtaí B2B agus More Dash acu cheana féin agus is iad a bhunaigh Seachtain Faisin Cív na hÚcráine. B’fhéidir go bhfuil bearna aimsithe acu sa mhargadh agus, má tá, bheadh buntáiste amháin ag baint leis – laghdófaí go mór an cur amú acmhainní agus an astaíocht charbóin a bhaineann le táirgeadh agus seachadadh earraí nach bhfuil i ndán dóibh ach cúpla nóiméad de cháil agus aitheantas ar chuntas fánach Instagram.

Ní bheidh mise i mo chustaiméir ag Dress-X ach is maith ann aon iarracht a laghdódh an cur amú atá i gceist leis an gcóras reatha don dream beag dhaoine sin nach bhfuil uathu ach pictiúr faiseanta dá gcuntas ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'Feisteas fíorúil faiseanta ar $10 do do phictiúr ar Instagram'