‘Chucks agus jíons’ –  rogha faisin Kamala Harris, an bhean is cumhachtaí i SAM

Tá na Meiriceánaigh ag baint ‘brí’ as rogha bróg an Leasuachtaráin Thofa le tuiscint a fháil uirthi féin agus a seasamh i leith na polaitíochta…

‘Chucks agus jíons’ –  rogha faisin Kamala Harris, an bhean is cumhachtaí i SAM

Shílfeá, ar an gcéad amharc, gur beag ar chor ar bith a bheadh i gcoiteann ag Leasuachtarán tofa Mheiriceá, Kamala Harris, agus iarPhríomh-Aire na Breataine, Theresa May agus is cinnte go bhfuil difríocht mhór idir an bheirt acu maidir le fealsúnacht na polaitíochta.

Ach tá dlúthcheangal amháin eatarthu – spéis na meán ina rogha bróg!

Ba mhinic gur mhó suim a cuireadh i mbróga Theresa May ná ina cuid polasaithe le linn di a bheith ina Príomh-Aire ar an mBreatain. Scríobhadh na céadta míle focal fúthu agus foilsíodh pictiúir díobh i nuachtáin ar fud an domhain. Go deimhin, dúirt sí féin in agallamh uair amháin gurbh é ‘the greatest love of her life’ a fear céile agus a bróga.

Tá bróga Kamala Harris ag tarraingt na cainte céanna ó fógraíodh go mbeidh sí ar an gcéad bhean a rachaidh i mbun cúraimí an phoist mar Leasuachtarán ar Mheiriceá.

Bróga reatha nó spóirt de chuid Converse, ar stíl Chuck Taylor, a chaitheann sí den chuid is mó. Seo an stíl ar a dtugann na Meiriceánaigh ‘sneakers’ orthu  agus tá na mílte focal á scríobh faoi ‘sneakers’ an Leasuachtaráin thofa ag iriseoirí faisin agus scríbhneoirí eile ar fud an domhain.

Bheifeá ag súil lena leithéid ó fhoilseacháin ar nós Vogue, Elle, Harper’s Bazaar nó iris Oprah Winfrey. Ach tá an spéis chéanna á cur sna bróga ag nuachtáin ar nós an Wall Street Journal i Meiriceá agus Guardian na Breataine.

Fág ag na Meiriceánaigh é ‘brí’ a bhaint as rogha bróg an Leasuachtaráin thofa. Dar le scríbhneoir amháin, tugann a cuid Chucks le fios “cé hí féin” agus cén “seasamh atá aici i leith na polaitíochta” – níl tada aisteach ag baint leis na ‘Chucks’ agus iad ar fáil do gach duine, beag beann ar chúrsaí aoise, cine, inscne, claonadh gnéis nó stádas eacnamaíochta.

Dúirt Kamala Harris féin in agallamh a foilsíodh arís le gairid go raibh bailiúchán iomlán de Converse Chuck Taylor aici – dubh, bán, le hiallacha nó gan iallacha, cinn don aimsir the agus cinn don aimsir fhuar. Tá cinn bonn-ard aici le caitheamh le culaith threabhsair agus fiú cinn atá clúdaithe le seacainí lonracha.

Caitheann Harris a cuid Chucks ar ócáidí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta agus is cosúil gurb é is fearr léi ar fad iad a chaitheamh le jíons.

“The Kamala Harris I know wears Chucks and jeans,” a dúirt a fear céile ar Twitter.

Tá na bróga reatha seo á dtáirgeadh ó thus an chéid seo caite agus iad ainmnithe as an imreoir cispheile Charles ‘Chuck’ Taylor as Indiana Mheiriceá. D’imir sé leis na Converse All-Stars agus é i mbun margaíochta do bhróga an chomhlachta. Chaith sé cuid mhór dá shaol ag taisteal ar fud na tíre i mbun clinicí cispheile agus ag díol na mbróg.

Tá súile an phobail dírithe go mór in athuair ar na Chucks agus níos mó margaíochta déanta trí thimpiste ag Kamala Harris orthu ná mar a d’fhéadfadh Chuck Taylor féin a dhéanamh.

Ar ndóigh, tá i bhfad níos mó agus níos stairiúla ag baint le Leasuachtarán tofa nua Mheiriceá ná a rogha bróg. Is í an chéad bhean a roghnaíodh don phost, an chéad duine den chine dubh agus an chéad duine de shliocht na hIndia sa ról tábhachtach sin. Glacfaidh sí a móid oifige ar an gCéadaoin, an 20 Eanáir ar chéimeanna fhoirgneamh an Capitol go gairid sula n-insealbhófar Joe Biden ina Uachtarán ar Mheiriceá. Ní fios an péire Chucks a bheidh uirthi an lá sin.

Fág freagra ar '‘Chucks agus jíons’ –  rogha faisin Kamala Harris, an bhean is cumhachtaí i SAM'

  • Agus Sin Sin

    Cursaí faisin na mban i gcumhacht á bplé i gcónaí agaibh…

    Bheadh ailt ar a bhfuil i gceist aici a dhéanamh (seachas a chaitheamh!) níos fóintigh ná an bladar seo.

    Más uaibh cúrsaí faisin a phlé, pléigí iad agus sibh dírithe ar an bhfaisean féin, ní ar dhul chun cinn na mná ceannródaí seo.