Na bróga faiseanta a léiríonn gur ‘duine daonna’ Theresa May

Is díol spéise ag mórán bróga Phríomh-Aire na Breataine seachas a cuid polasaithe

Na bróga faiseanta a léiríonn gur ‘duine daonna’ Theresa May

Is dócha nach bhfuil bean ar bith ar domhan a bhfuil an oiread cainte déanta fúithi le tamall anuas is atá déanta faoi Theresa May, Príomh-Aire na Breataine.

An díospóireacht gan stop faoin mBreatimeacht agus a cuid idirbheartaíochta leis an Aontas Eorpach a thuill an aird go léir le cúpla bliain anuas. 

Nuair a ghlac sí ceannas ar na Tóraithe ba ar a cuid bróg seachas a cuid polasaithe a dhírigh cuid de na meáin.

Tá sí ar dhuine de na mná is mó le rá ar domhan agus í sáite i ngnó arb iad na fir is mó atá ag plé leis fós, ach is cosúil gur maith léi a pearsantacht a léiriú trína rogha bróg.

Ní dhéantar oiread sin cainte faoi rogha faisin fhir na polaitíochta cé is moite de bheagán eisceachtaí ar nós stocaí Justin Trudeau agus carbhait rófhada Donald Trump.

Mheasfá go gcuirfeadh an bhéim ar a gcuid bróg cantal ar an bPríomh-Aire May ach is cosúil gur a mhalairt atá fíor agus go bhfuil sí an-sásta go mbíonn nuachtáin agus irisí ag cur suime iontu. Deir sí go gcabhraíonn an chaint faoi na bróga lena léiriú gur duine daonna í.

Dúirt sí in agallamh amháin gurbh iad a bróga ‘the greatest love of her life’, chomh maith lena fear céile, Philip.

Dúirt sí uair eile gur féidir leat a bheith cliste agus gairm bheatha a bheith agat agus ag an am céanna, suim a bheith agat i gcúrsaí faisin.

Tá pá mór á shaothrú ag Theresa May mar Phríomh-Aire agus ní leasc léi suimeanna móra airgid a chaitheamh ar bhonn rialta ar bhróga nua sa stíl is deireanaí. Is minic gur thart ar £200 a chaitheann sí ar phéire bróg óna rogha féin dearthóirí Russell & Bromley agus L.K Bennett.

Seo chugaibh mar sin seacht gcinn de na bróga dá cuid is mó a tharraing aird le roinnt blianta anuas:

Sála arda agus prionta craiceann crogaill orthu a chaith sí do thoradh olltoghcháin a bhain stangadh aisti.

 

‘Brogues’ dubha snasleathair a chaith sí le hóráid mhór a thabhairt faoin mBreatimeacht.

 

Buataisí ceathrún a roghnaigh sí agus í ag bualadh le Banríon Shasana.

 

Bróga le prionta liopaird a chaith sí dá céad lá mar Phríomh-Aire i Sráid Downing.

 

Na bróga marún faoina gcuachóg agus a sála glioscarnacha a bhí mar rogha aici le bualadh le hUachtarán na Colóime.

 

Bróga ísle a bhfuil beola béaldaite greanta orthu agus a chaith sí ag a céad chruinniú mullaigh de chuid an Aontais Eorpaigh (an péire is ansa leis an eagarthóir).

 

Sála arda agus prionta ildaite liopaird agus seoda a chaith sí an lá ar fógraíodh gurbh ise Príomh-Aire nua na Breataine.

Fág freagra ar 'Na bróga faiseanta a léiríonn gur ‘duine daonna’ Theresa May'

  • Bibi

    Tá do bhróga agus do leaba ana thábhachtach. Muna mbíonn tú i gceann amháin bíonn tú i gceann eile! Tá súil agam go bhfuil a leaba chomh compórdach lena bróga mar, mo ghraidhin í níor mhaith liom sa a bheith ina bróga pé scéal é faoina leaba!!