Tá dúshlán aclaíochta Chloe Ting críochnaithe agam agus is mé atá sásta liom féin!

Dianchúrsa ar YouTube an tseift a bhí ag ár gcomhfhreagraí le fáil réidh leis an meáchan breise ó aimsir na dianghlasála

Tá dúshlán aclaíochta Chloe Ting críochnaithe agam agus is mé atá sásta liom féin!

Tá dúshlán Chloe Ting críochnaithe agam agus is mé atá sásta liom féin!

Dianchlár aclaíochta agus traenála ar líne a bhí gceist a mhair 28 lá. Na seachtainí fada sin faoin dianghlasáil ag ithe agus ag ól a thug orm ar deireadh tabhairt faoi dhúshlán crua laethúil sula mbeinn réidh don saol mór arís.

Is dócha gur beag duine againn nár chuir suas cúpla punt meáchain ó bí Lá Fhéile Padraig ann agus muid ag ithe agus ag ól níos mó ná mar a chleacht muid roimhe seo.

Mholfainn cúrsaí Chloe Ting go láidir d’aon duine atá ag iarraidh an farasbarr sin a chailliúint agus an leibhéal aclaíochta a fheabhsú arís.

Tá a cuid cúrsaí ar fáil ar YouTube agus tá siad saor in aice.

Níor chuala mé mórán faoi Chloe Ting roimhe seo ach gur léigh mé go raibh sí molta ag roinnt mhaith daoine ar fud na cruinne a ghlac páirt sna dúshláin folláine a chuireann sí ar YouTube.

Nuair a chuaigh mé ag fiosrú chonaic mé go raibh 10 milliún síntiúsóir aici ar YouTube!

Tá na físeáin a dhéanann sí feicthe ag daoine os cionn 841 milliún uair agus tá ceann aonair amháin dá cuid, ‘Abs in 2 Weeks’, feicthe beagnach 160 milliún uair.

As Brúiné ó dhúchas do Chloe Ting atá 34 bliain d’aois. Tá sí ina cónaí san Astráil le roinnt mhaith blianta anois. Cuireann sí físeáin éagsúla aclaíochta le chéile ar chloeting.com a thugann dúshlán do dhuine aithris a dhéanamh orthu. Bíonn na físeáin atá aici leagtha amach ar bhealaí ar leith le cabhrú le duine spriocanna éagsúla a bhaint amach. An bailiúchán ar a dtugann sí ‘4 Week Summer Shred Challenge’ a roghnaigh mise.

Ba bhreá liom a bheith in ann a rá go raibh sé go maith agus deas éasca ach leis an fhírinne a insint bhí mé maraithe tar éis an chéad lae!

An méid a bhí déanta aici in dhá fhíseán ghearra a bhí ormsa aithris a dhéanamh air an chéad lá sin agus bhí sin crua go maith. Bhí a fhios agam go mbeadh laethanta ann go mbeadh orm na dúshláin ó cheithre cinn d’fhíseáin a dhéanamh i ndiaidh a chéile agus ní raibh mé ag súil leis sin ach choinnigh mé leis.

Bhí 28 lá traenála i gceist ar fad le roinnt bheag laethanta scíthe ina raibh briseadh ón aclaíocht molta. Bhí na laethanta sin roghnaithe go maith aici díreach nuair a theastaigh siad go géar.

Idir 22 agus 45 nóiméad in aghaidh an lae a mhair an aclaíocht agus bhí amanna ann ag an tús go raibh orm an cnaipe sosa a bhrú ar an bhfíseán le briseadh beag a fháil. Ba ghaire d’uair an chloig iad na seisiúin sin ná an 45 nóiméad a bhí luaite ag Chloe Ting.

Aclaíocht ard-déine a bhí i gcuid mhaith de na físeáin ina raibh sraith de chleachtaí ar leith ar feadh 30 soicind, sos idir 10-30 soicind agus ar aghaidh díreach go gcleachtadh eile.

Níl amhras ar bith orm ach gur iontach an dúshlán é seo do dhaoine nach bhfuil aclaíocht rialta ar bun acu. Thaitin an struchtúr go mór liom agus is cinnte go mbeadh cuid de na seisiúin curtha ar an mhéar fhada agamsa nó fágtha i mo dhiaidh ar fad agam ach nár tugadh an rogha sin dom.

Is buntáiste mór é gur féidir tabhairt faoin dúshlán seo thar thréimhse ama níos faide agus gluaiseacht ag do luas féin. Ach de réir mar a théann tú ina chleachtadh ní bheidh oiread fonn ort an cnaipe sosa a bhrú rómhinic.

Tá an cur chuige seo ar fad thar cionn don té nach maith leo a gcuid aclaíochta a dhéanamh go poiblí i giom agus atá i bhfad níos sásta i mbun na traenála sa mbaile.

Chríochnaigh mise an dúshlán míosa agus tá mé ag tosú ar cheann nua léi Dé Luain agus is teistiméireacht mhaith í sin ar aon chúrsa.

Tá na dúshláin seo déanta ag go leor daoine ar fud an domhain agus tá físeáin dá gcuid iarrachtaí curtha ag cuid acusan ar YouTube. Tá cuid acu sin thar a bheith greannmhar agus mothaíonn tú beagán níos fearr nuair a fheiceann tú daoine eile ag streachailt an oiread céanna agus a bhíonn tú féin.

Deir Chloe Ting sna físeáin ar fad nach féidir a bheith ag súil le torthaí ró-iontach ar dhúshláin aclaíochta agus traenála mura dtugann tú aghaidh ar an aiste bia atá agat freisin.

Bia folláin, sláintiúil le neart próitéine a theastaíonn chomh maith le neart uisce. Caithfidh tú níos lú calraí a ithe ná mar atá tú a ídiú.

Molaim do dhuine ar bith atá ag iarraidh an aclaíocht a fheabhsú agus meáchan a chailliúint dul ar thóir Chloe Ting ar YouTube. Tá 10 milliún duine eile ansin romhat.

Fág freagra ar 'Tá dúshlán aclaíochta Chloe Ting críochnaithe agam agus is mé atá sásta liom féin!'