Dea-chomhairle agus easpa seafóide i leabhar nua faoi chúram cnis 

Tá leabhar nua le Caroline Hirons ar an gcéad leabhar áilleachta le beagnach scór bliain a bhain áit amach ar bharr liosta mórdhíola an Sunday Times

Dea-chomhairle agus easpa seafóide i leabhar nua faoi chúram cnis 

Is annamh go mbím ag fanacht go mífhoighneach go dtiocfaidh leabhar ar leith chugam sa phost, ach sin mar a bhí agus mé ag fanacht go bhfaighinn cóip den saothar nua Skin Care: The Ultimate No Nonsense Guide le Caroline Hirons. Is minic tagairt déanta agam roimhe seo ar Tuairisc.ie do Caroline Hirons, an blagálaí agus saineolaí cúram cnis.

Tá altanna ar a blag léite os cionn 100 milliún uair agus breathnaíodh ar a cuid físeán ar YouTube os cionn 13 milliún uair. An cháil is mó atá uirthi ná go dtugann sí dea-chomhairle, go seachnaíonn sí caint sheafóideach agus gur féidir brath ar mhacántacht a cuid moltaí.

Ó tháinig an leabhar ar an margadh coicís ó shin, tá éacht suntasach amháin déanta aige – tá sé ar an gcéad leabhar faoi chúrsaí áilleachta a bhain amach barr an liosta mórdhíola ag an Sunday Times le 18 bliain anuas.

B’fhada liom go dtiocfadh mo chóip féin agus is cinnte nach raibh aon díomá orm. Tá an leabhar seo ar an gceann is fearr a léigh mé riamh faoi chúrsaí cúram cnis. Tá meascán ann den eolaíocht maidir leis an gcraiceann, na bealaí le cúram a dhéanamh don chraiceann sin agus moltaí faoi tháirgí áilleachta is fiú a cheannach.

Tá an leabhar féin scríofa ar bhealach díreach, simplí agus taitneamhach agus é ag cur thar maoil le comhairle stuama. Tá sé feiliúnach don té nach eol dóibh mórán faoi chúrsaí cúram cnis ach, fós féin, tá sé lán eolais nua don saineolaí a mbeadh taithí na mblianta acu.

Seo a leanas roinnt bheag nodanna an-simplí ón leabhar nua gur cheart do gach duine cloí leo:

  • Seachain a mbainfeá úsáid riamh as ceirtíní aghaidhe (face wipes) le d’éadan a ‘ghlanadh’. Ní dhéanann a leithéid ach an salachar a bhogadh timpeall ar d’aghaidh agus is mó dochar ná maitheas a dhéanann sin.
  • Úsáid glantóir maith agus tuáille aghaidhe i gcónaí le d’éadan a ní. Déan cinnte nach n-úsáideann tú riamh glantóir cúrach nó sobalach ach, ina áit sin, roghnaigh glantóir ola, uachtar nó glóthach.
  • Glanadh dúbailte an bealach is fearr le d’éadan a ghlanadh má chaitheann tú smideadh nó fachtóir cosanta gréine. Baineann an chéad ghlanadh an smideadh díot agus rachaidh an dara glanadh i ngleic leis an gcraiceann.
  • Ná nigh d’éadan riamh sa gcithfholcadán – bíonn an t-uisce ró-the chuige. Glan d’éadan as féin le huisce bog nuair atá an cith críochnaithe agat.
  • Ná triomaigh d’éadan le tuáille tar éis é a ghlanadh. Ina áit sin, cuir ort do rogha táirgí cúram cnis agus d’éadan fós tais.
  • Ná spáráil an fachtóir cosanta gréine. Teastaíonn lán taespúnóige le haghaidh d’éadan agus do mhuineál agus cuir tuilleadh ort féin go rialta i rith an lae.
  • Seachain an smaoineofá ar thaos fiacla a chur ar ghoirín/spota – is cosúil go bhfuil daoine ann a dhéanann sin ach níl fírinne ar bith sa teoiric go bhfuil leigheas éigin ann.
  • Is ceart neart maothóra a chuir ar ghoiríní nó spotaí sa gcaoi nach dtriomóidh an chraiceann mórthimpeall orthu.
  • Má tá airgead le caitheamh agat ar do rogha táirgí cúram cnis, is ar shéiream is ceart é a chaitheamh seachas ar mhaothóir nó ar ghlantóir.
  • Cleas margaíochta é lipéid a chur ar tháirgí le tabhairt le fios gur táirge ‘glan’ nó ‘glas’ é (clean/green beauty) nó go bhfuil sé neamhthocsaineach nuair nach bhfuil aon sainmhíniú ar a bhfuil i gceist leis na téarmaí seo.
Iomhá: Nicky Johnston

Tá os cionn 300 leathanach de nodanna, leideanna agus dea-chomhairle sa leabhar seo agus mholfainn go hard é do dhuine ar bith ar spéis léi cúrsaí cúram cnis. Measaim gur bronntanas álainn a bheadh ann a mbeadh fáilte mhór ag aon duine roimhe.

HarperCollins na foilsitheoirí agus tá sé ar fáil ar phraghas laghdaithe, €18.99, ó Easons faoi láthair.

Fág freagra ar 'Dea-chomhairle agus easpa seafóide i leabhar nua faoi chúram cnis '