Clúdaigh aghaidhe le manaí Gaeilge do Ghaeil dhea-ghléasta

D’fhéadfadh go bhfuil bearna sa mhargadh do mhaisc le teachtaireachtaí i nGaeilge líonta ag fiontraithe cliste

Clúdaigh aghaidhe le manaí Gaeilge do Ghaeil dhea-ghléasta

 Ní féidir an clúdach aghaidhe ó Thuairisc.ie leis an mana ‘Ar son na cúise’ a cheannach ar ór ná ar airgead. Chaithfeá labhairt go deas leis an eagarthóir nó an bua a bheith agat i gcomórtas éigin amach leis an masc is faiseanta ar fad a fháil.

Ach ní baol do Gaeil dhea-ghléasta mar is léir gur aithin fiontraithe áirithe go raibh bearna sa mhargadh do chlúdaigh aghaidhe le teachtaireachtaí i nGaeilge. Is dócha gur ionann an mana i nGaeilge ar do mhasc agus an Fáinne Nua a chaitheamh tráth den saol – tuigfidh daoine go bhfuil Gaeilge ar do thoil agat agus seans gur sa teanga sin a labhróidh siad leat.

Tá an Spailpín Fánach sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe chun cinn sa ghnó nua seo agus rogha leathan de mhaisc le manaí Gaelacha acu, ach tá tuilleadh ar fáil freisin ó dhearthóirí agus ó dhíoltóirí ar líne.

 

1.      €8.50 atá ar an gceann seo ón Spailpín Fánach

 

2.      Ceann don mhúinteoir bunscoile, b’fhéidir, ar €12.50 ó Hairybaby.com

 

3.      An chéad cheist i gcónaí na laethanta seo…€14.07 ó JockDove ar Redbubble.com

 

4.      Bunaithe ar Wonder Woman atá an ceann seo… €12.50 arís ó Hairybaby.com

 

5.      Bród tíre is téama don ceann seo ar €11.99 ó CatwalkMasks ar Etsy.com

 

6.      Tá an ceann seo níos tráthúla ná riamh. €8.50 ón Spailpín Fánach arís

 

7.      Níl ligfear i ndearmad go luath an mana seo ó Carlsberg. €11.00 ó Avokadoandco.com

Fág freagra ar 'Clúdaigh aghaidhe le manaí Gaeilge do Ghaeil dhea-ghléasta'