An dua chun bua faoi chaibidil ar chlár breá ar TG4

An aisling sin atá lárnach sa dá chlár Brú, scéal ceathrair atá ag plé le spóirt dhifriúla

An dua chun bua faoi chaibidil ar chlár breá ar TG4

Tá deiseanna sa spórt ar fáil anois nach raibh ann roimhe seo. Tóg cúrsaí sacair, mar shampla, is beag duine againn anois nach mbeidh scéal aige faoi bhuachaill óg áitiúil a d’earcaigh club sacair de chuid Shasana nó na hAlban. Tá gréasán eolais ag na clubanna seo atá dochreidte sofaisticiúil agus aimsíonn siad peileadóirí óga sna háiteacha is uaigní abhus go minic; gasúraí tá ag imirt le club beag tuaithe nó cathrach.

Meallann na clubanna móra iad le conradh gairmiúil a ghlacadh i Sasana.

An éiríonn leo uilig? Ní éiríonn. Sin an tubaiste. Ach an aisling atá acu sacar a imirt ag an chaighdeán is airde agus aitheantas a bhaint amach mar scothpheileadóir, sin an rud a choinníonn ag dul iad.

An aisling sin atá lárnach sa dá chlár, Brú (TG4), scéal ceathrair atá ag plé le spóirt dhifriúla: Kaci Rock le dornálaíocht; Róisín Nic Ruairí le peil Ghaelach; Fódhla Nic Pháidín sa léim fhada agus Pádraig Ó Dochartaigh le galf agus tírdhreach álainn Dhún na nGall mar chúlra le hiarrachtaí triúir acu.

(Bhí an t-ádh ar lucht déanta an chláir; bhí an ghrian ag soilsiú agus iad ag taifeadadh.)

Cur chuige simplí a bhí ann; bhí na lúthchleasaithe le feiceáil i mbun traenála; iad ag caint i nGaeilge ar an dúil bhocht a bhí acu ina spórt agus ag tuairimíocht faoinar mhaith leo a bhaint amach san am a bhí le teacht. Bhí siad uilig muiníneach ina gcuid cainte agus ba mhaith an t-eolas a bhí acu ar an dúshlán a bhí rompu.

Bhí cuspóirí acu agus bhí siad meáite ar na cuspóirí sin a bhaint amach. Bhí caint ann ar na cluichí Oilimpeacha agus craobhacha uile-Éireann peile agus lúthchleasaíochta agus craobhacha idirnáisiúnta gailf.

Agus an traenáil. Bhuel, sin an chuid is measa den ghnó ar fad; an íobairt mhór ama sin; an t-am a chaitheamh ar pháirc na peile nó sa ghiom nó ar an bhánóg ag cur snas ar gach aon ghné de do spórt. Agus nuair nach mbíonn tú ar an pháirc nó sa ghiom nó ar an bhánóg, bíonn tú ag smaointeamh ar an spórt, ag fanacht le pilleadh ar an traenáil, ag déileáil le gortú, ag ithe mar is ceart, ag tabhairt cuairt ar an fhisio; ar bís leis an chéad chomórtas eile.

Ní raibh éalú ar bith acu ón spórt agus ní raibh siad ag iarraidh go mbeadh éalú ann. Bhí siad sáite ann, tiomanta dó ach bhí praghas le híoc as sin. Labhair triúr acu faoina bheith gortaithe agus an drochthionchar a bhí ag an ghortú ar a gcumas. Leoga, bhí duine amháin acu, Pádraig, i ndiaidh dul faoi scian agus gan é ach bliain is fiche.

Ní thiocfadh leat gan meas a bheith acu ar an díograis a bhí acu uilig, ar an mhisneach a bhí acu iad féin a chaitheamh isteach sa bhearna bhaoil, dul sa tseans leis an spórt ab ansa leo. Ach chuirfeadh an díograis chéanna eagla ar an léirmheastóir mheánaosta seo. Is minic a bhíonn an spórt cruálach; is minic nach bhfaigheann tú luach do shaothair nó do cheart.

Cad é a tharlaíonn sa chás nach mbaineann tú an cuspóir amach? Cad é a tharlaíonn sa chás is go gcaithfidh tú dul san iomaíocht agus tú gortaithe go fóill? Cad é a tharlaíonn le linn comórtais má chastar dornálaí, galfaire, lúthchleasaí, peileadóir ort atá beagán níos fearr, beagán níos láidre, beagán níos gaiste, beagán níos cumasaí?

Déanfar cíoradh breise ar na ceisteanna seo sa dara cuid den chlár a chraolfar anocht ar TG4. Beidh mise ag amharc.

Brú? An dua chun bua.

Fág freagra ar 'An dua chun bua faoi chaibidil ar chlár breá ar TG4'