Súil siar ar an nGaeltacht Dhigiteach in 2017 – aipeanna podchraoltaí agus eile

Bliain bhisiúil go maith a bhí ann don Ghaeilge sa saol digiteach. Bhí an aip nua do Teanglann.ie agus an podchraoladh nua Beo, Ar Éigean i measc na mbuaicphointí

Súil siar ar an nGaeltacht Dhigiteach in 2017 – aipeanna podchraoltaí agus eile

Aipeanna

Níor tháinig mórán aipeanna nua Gaeilge amach i mbliana.  Seoladh leagan aipe den suíomh Teanglann.ie, na leaganacha digiteacha d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe chomh maith leis an bhFoclóir Beag agus na huirlisí gramadaí atá ar fáil ar an suíomh sin.

Sheol Raidió Rí Rá, atá ag iarraidh stáisiún náisiúnta FM a dhéanamh díobh féin, aip nua i mbliana freisin agus súil acu tuilleadh éisteoirí a mhealladh léi.

Stáisiún eile raidió a tháinig chun cinn i mbliana is ea RG Lurgan a seoladh le linn Sheachtain na Gaeilge agus a chraol ar feadh an tsamhraidh, faoi stiúir bhainisteoir Raidió na dTreabh Emma Ní Chearúil, ó Choláiste Lurgan in Indreabhán. Tá aip an stáisiúin ar fáil ó thús an tsamhraidh agus cláir an tsamhraidh le cloisteáil air anois.

Ní bhaineann an scéal a tháinig ó Google leis an nGaeilge faoi láthair ach tá an seans ann go mbeifear in ann an ‘Babel Fish’ atá forbartha ag an ollchomhlacht idirlín a chur in oiriúint don Ghaeilge amach anseo.

Labhraíonn an té atá ag caitheamh Google Pixel Buds ina theanga dhúchais agus tugtar aistriúchán ar an méid sin trí challaire an fhóin. Nuair a fhreagraíonn an duine eile, tugtar aistriúchán ar an bhfreagra sin trí na cluasáin.

Tháinig sé chun solais i mbliana freisin nach bhfuil an rath ar an aip foghlama Duolingo ó thaobh na Gaeilge de agus a cheapfá ó na staitisticí a eisíodh anuraidh a léamh.

aip eile foghlama teanga á forbairt in Albain i láthair na huaire agus súil ag lucht a déanta go gcabhróidh sí le húsáideoirí an Ghaeilge, an Ghàidhlig, agus an Bhreatnais a fhoghlaim amach anseo.

Tionscadail Ghaeilge Fiontar agus Scoil na Gaeilge

Bhí foireann Logainm.ie, Gaois.ie, Ainm.ie agus Téarma.ie gnóthach arís i mbliana. Tháinig an leagan Gaeilge de léarscáil an Tuaiscirt ar Logainm.ie ag tús na bliana. Ní raibh an leagan Gaeilge den léarscáil idirghníomhach atá ar an suíomh ar fáil ar feadh i bhfad mar go rabhthas ag brath ar pháirtithe seachtracha, Ordanáis Suirbhéireachta Thuaisceart Éireann, ina measc.

Cuireadh ‘Díolaim Beathaí 1916’ ar an suíomh Ainm.ie ag tús na bliana agus cuntais ar phearsana móra Éirí Amach na Cásca 1916 agus daoine eile a shaothraigh ar son na Gaeilge an tráth sin ar fáil ann.

Cuireadh ábhar ó The Irish Times leis an gcorpas atá ar Gaois.ie, rud a d’fhág go bhfuil os cionn 13.5 milliún focal Gaeilge sa chorpas comhaimseartha.

Is éard atá i gceist leis an gCorpas ná bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge a foilsíodh ó thús an chéid seo i leith. Tá ábhar ó shuíomhanna atá beo faoi láthair, leithéidí Tuairisc.ie,

 Nós.ie agus Nuacht RTÉ, agus ó shuíomhanna nach bhfuil ag feidhmiú níos mó, leithéidí Beo! Tá samplaí ó chartlanna na bhfoilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht agus Cois Life ar fáil sa chorpas freisin chomh maith le samplaí ó fhoilseacháin, leithéidí Comhar agus Seachtain.

Suíomhanna agus Uirlisí Eile

Cuireadh an suíomh Teic na nGael ar bun mí Mhárta a bhfuil sé mar aidhm aige ardán plé agus eolais a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teicneolaíochta, go háirithe teicneolaíocht atá ar fáil i nGaeilge, nó a chabhraíonn le duine “saol digiteach” a chaitheamh i nGaeilge.

Chuir an foireann Abair.ie i gColáiste na Tríonóide seirbhís nua ar fáil a chuireann sintéis ‘téacs-go-hurlabhra’ ar fáil d’aon suíomh idirlín Gaeilge. Fágann sé seo go mbeidh eagraíochtaí in ann sintéiseoir Abair.ie a cheangal lena suíomh idirlín agus go ‘léifear’ an téacs ar an suíomh sin amach os ard do chuairteoirí.

Cothrom an ama seo anuraidh ní fhéadfá a mhaíomh go raibh aon phodchraoladh ceart Gaeilge ann ach tháinig athrú ar an scéal i mbliana agus Beo, Ar Éigean agus Cluasraon tagtha ar an saol. Tá an-éileamh go deo ar an bpodchraoladh Beo, Ar Éigean ó Shiún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin agus tá ag éirí go maith freisin le Cluasraon a dhéantar i bPort Láirge.

Tá 19 milliún focal Gaeilge i gcorpas nua a cuireadh ar fáil ar líne i mbliana. Tá Corpas Stairiúil na Gaeilge bunaithe ar théacsanna stairiúla Gaeilge ón mbliain 1600 go dtí an bhliain 1926. Cuireadh an corpas i dtoll a chéile mar chuid de thionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann Foclóir Stairiúil na Gaeilge a fhoilsiú amach anseo.

Ceapadh ‘Vicipéideoir’ in Albain le hoiliúint a chur ar chainteoirí Gàidhlig sa tír sin maidir le scríobh agus eagarthóireacht a dhéanamh ar ailt ar an gciclipéid dhigiteach. Níl aon phlean ann a leithéid a cheapadh in Éirinn go fóill.

Ar deireadh, chruthaigh an tOllamh Kevin Scannell suíomh nua Gaeilge, ‘Chuala.me’, a choinníonn súil ar na rudaí is mó a bhíonn i mbéal phobal na Gaeilge ar líne agus tá an-éileamh go deo ar áis mar chineál ‘cairteacha na Gaeilge’ ar-líne ó shin. 

Fág freagra ar 'Súil siar ar an nGaeltacht Dhigiteach in 2017 – aipeanna podchraoltaí agus eile'