Ar chuala tú? Tá ‘Reddit na Gaeilge’ curtha ar fáil ag Kevin Scannell

Deir Kevin Scannell go raibh súil aige go mbeadh iriseoirí, eagraíochtaí agus grúpaí eile atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge ar líne in ann leas a bhaint as an gcóras nua le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ar a gcuid oibre ar phobal na Gaeilge ar líne

Ar chuala tú? Tá ‘Reddit na Gaeilge’ curtha ar fáil ag Kevin Scannell

Tá uirlis nua cruthaithe ag an ríomheolaí Kevin Scannell a léiríonn na scéalta is mó a bhíonn i mbéal phobal na Gaeilge ar líne. Taispeántar an 100 scéal is mó i nGaeilge, bunaithe ar an méid tráchta atá orthu ar na meáin shóisialta, ar an suíomh nua Chuala.me.

Feictear nasc chuig an scéal féin chomh maith leis an ngiolc nó an phostáil ar Facebook ina bhfuil an scéal luaite. Dúirt Scannell le Tuairisc.ie gur cineál ‘Reddit na Gaeilge’ atá sa suíomh nua gan an ghné vótála a bhaineann leis an áis sin. I gcás Chuala.me tarlaíonn an ‘vótáil’ ar na meáin shóisialta féin. Is é sin le rá, dá mhéid ordóg nó croí a thugtar do scéal ar na meáin shóisialta is ea is airde a bheidh an scéal sin ar liosta Chuala.me.

Leanann an suíomh gach foinse nuachta i nGaeilge, leithéidí Tuairisc.ie, seirbhísí Gaeilge RTÉ agus The Irish Times, Nós, Comhar, roinnt cainéal YouTube, na céadta blag éagsúil, agus go leor mionfhoinsí eile. Coinníonn an suíomh cuntas freisin ar na tráchtanna a dhéantar faoi na scéalta ar na meáin shóisialta, ar Facebook agus ar Twitter go príomha.

Tugtar ‘scór’ don 2,000 scéal a bhíonn á leanúint ag an suíomh bunaithe ar fhoirmle atá “an-chasta”, dar leis an Ollamh Scannell. Ní thaispeántar ach an 100 scéal is airde scór.  Déantar nuashonrú ar an liosta den 100 scéal gach uair an chloig gach lá.

Bhí suíomh cosúil le Chuala.me ann cheana féin sa Bhreatnais, ffrwti.com, agus tá cosúlachtaí idir Chuala.me agus an suíomh meán sóisialta Reddit. Níl an suíomh Breatnaise ann níos mó ach deir Scannell, a bhfuil aithne aige ar Rhodri ap Dyfrig, a chruthaigh an suíomh sin, go bhfuil an sprioc chéanna ag Chuala.me is a bhí ag an gceann Breatnaise — is é sin bealach éasca a chruthú le teacht ar na “scéalta is tábhachtaí” i saol na Gaeilge.

Dúirt Scannell freisin go raibh súil aige go mbeadh iriseoirí, eagraíochtaí agus grúpaí eile atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge ar líne in ann leas a bhaint as an gcóras nua le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag a gcuid oibre ar phobal na Gaeilge ar líne.

Fág freagra ar 'Ar chuala tú? Tá ‘Reddit na Gaeilge’ curtha ar fáil ag Kevin Scannell'