Tá airgead á bhailiú ag an gcomhlacht teicneolaíochta Braw Media le haip foghlama Gaeilge a fhorbairt.
Tá súil ag Magnus Orr, bunaitheoir Braw Media, cúrsaí sa Ghaeilge, sa Ghàidhlig agus sa Bhreatnais a fhorbairt, a chabhródh le foghlaimeoirí teanga na mionteangacha sin a fhoghlaim “go héasca”.
Tá leathanach bailithe airgid oscailte aige ar an suíomh Kickstarter, suíomh a d’úsaid roinnt mhaith grúpaí Gaeilge roimhe seo le hairgead a bhailiú do thograí éagsúla.
Tá súil ag Orr an £15,000 a theastaíonn uaidh a bhailiú in achar gairid agus na socruithe don aip a bheith réitithe aige lena seoladh i mBealtaine na bliana seo chugainn. Tá rún aige tús an chur leis an bhforbairt theicniúil i mí Eanáir 2018 agus an aip a bheith críochnaithe trí mhí ina dhiaidh sin.
Tá Braw Media lonnaithe i nDún Éideann agus iad ag díriú ar theangacha Ceilteacha faoi láthair. Deir Orr go bhfuil an cosán leagtha amach agus an teicneolaíocht aitheanta anois acu le bealaí eile a fhorbairt le teangacha a mhúineadh, go háirithe i réimse na foghraíochta.
Beidh leibhéil éagsúla ar an aip a fheilfidh d’fhoghlaimeoirí éagsúla, ó thosaitheoirí go daoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna teanga.
Tá sé i gceist ag Orr an aip a chur ar fáil ar chórais iOS agus Android agus na “pacáistí teanga” don aip a chur ar fáil le híoslódáil amach anseo.
Mar a bhíonn i gceist le feachtais eile Kickstarter, bronnfar duaiseanna beaga ar dhaoine a thugann urraíocht don aip. Ar na duaiseanna sin tá cúrsaí teanga suas go ‘leibhéal 3’, pacáistí cairde agus teaghlaigh, nó stádas mar ‘urraitheoir speisialta’, agus is é méid an deontais a shocraíonn an duais.
Tá go leor oibre amach roimh Orr agus a fhoireann leis an aip chuimsitheach seo a fhorbairt. Tá sé i gceist aige bogearra aitheanta glóir a fhorbairt don Ghaeilge, don Ghàidhlig agus don Bhreatnais, macasamhail Siri Apple a úsáidfear le foghraíocht an fhoghlaimeora a mheas. Tá sé i gceist aige scoláirí ó Ollscoil Dhún Éideann a fhostú chun é seo a chur i gcrích.
Beidh cartlann fuaime le cur i dtoll a chéile freisin, le samplaí foghraíochta a chur ar fáil don fhoghlaimeoir. Beidh eolas ar fáil sa chartlann seo faoi chanúintí agus faoi ghramadach na dteangacha.
Fág freagra ar 'Maoiniú á lorg le haip foghlama Gaeilge a fhorbairt'