Tús curtha leis an gcéad phodchraoladh Gaeilge ó RTÉ

Is iad Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin agus Sinéad Ní Uallacháin atá i mbun an phodchraolta nua ‘Beo Ar Éigean’ a bheidh á chur amach ar bhonn seachtainiúil ag an gcraoltóir náisiúnta

Tús curtha leis an gcéad phodchraoladh Gaeilge ó RTÉ

Tá tús curtha ag RTÉ le sraith nua podchraoltaí i nGaeilge darb ainm Beo Ar Éigean. Tá an podchraoladh á chur i láthair ag Siún Ní Dhuinn, Comhoirdaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, agus Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Foilsíodh an chéad eagrán den phodchraoladh nua ar shuíomh RTÉ inniu. Tá sí i gceist ag mná Beo Ar Éigean réimse leathan téamaí a chíoradh agus a phlé ar an bpodchraoladh, “an grá, an ghráin, an gnéas agus an gáire” ina measc.

“Díreoidh an podchraoladh seo ar chraic, ar chruatan agus ar cheisteanna an tsaoil,” a dúirt Siún Ní Dhuinn.

Beidh eagrán nua den phodchraoladh á chraoladh gach seachtain as seo amach agus na téamaí éagsúla sin á bplé. Beidh na heagráin tuairim is fiche nóiméad ar fad agus beidh siad ar fáil ar shuíomh RTÉ féin, chomh maith le iTunes, Google Play agus ardáin eile.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Rónán Mac Con Iomaire gur “forbairt shuntasach” é an podchraoladh don chraoltóir náisiúnta.

““Forbairt shuntasach í seo ó thaobh na meán digiteach in RTÉ, ní hamháin i nGaeilge ach trasna na heagraíochta ar fad. Seo an chéad uair gur tugadh aghaidh ar phodchraoladh den chineál seo nach raibh saolré ar raidió FM i dtosach báire aige, agus a dhíríonn ar spriocmhargadh sainiúil daoine gur mian leo éisteacht le podchraoltaí siamsúla trí Ghaeilge,” a dúirt sé.

Tá cuntais ag Beo Ar Éigean ar na meáin shóisialta freisin agus tá iarrtha ag na láithreoirí ar an lucht éisteachta tráchtanna agus moltaí eile a sheoladh acu ar Instagram agus ar Twitter.

Fág freagra ar 'Tús curtha leis an gcéad phodchraoladh Gaeilge ó RTÉ'

  • Braoin

    Ní raibh a fhios agam féin go mbíonn a leithéid ann… ach tá anois…
    Bíodh bliain nua mhór mhaith ag na cailíní breátha céanna… :)