Aip nua Raidió Rí-Rá seolta ag an Aire Cumarsáide

Dúirt Denis Naughten go bhfuil “ról lárnach” ag Raidió Rí-Rá deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, agus gur “céim chun tosaigh” í an aip nua

Aip nua Raidió Rí-Rá seolta ag an Aire Cumarsáide

Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá, an stáisiún ceoil do chainteoirí óga Gaeilge, ar aip nua a seoladh i gContae Ros Comáin inniu. Tá aip Raidió Rí-Rá ar fáil ar Android agus ar iOS ón lá inniu, saor in aisce.

Ba é an tAire Cumarsáide, Denis Naughten, a sheol an aip nua i gColáiste Chiaráin i mBaile Átha Luain tráthnóna. Dúirt Naughten go bhfuil “ról lárnach” ag Raidió Rí-Rá deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, agus gur “céim chun tosaigh” í an aip nua.

Bíonn Raidió Rí-Rá á chraoladh ón stiúideo atá thuas staighre i gceannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá an stáisiún ar fáil ar líne amháin gach lá sa tseachtain ó cheann ceann na bliana ar www.rrr.ie. Bíonn fáil ar an stáisiún ar an gcóras raidió DAB in áiteanna áirithe timpeall na tíre agus tugtar ceadúnas FM don stáisiún ó am go chéile le cláir a chraoladh le linn Sheachtain na Gaeilge. Beidh fáil anois ar an stáisiún ar fud na tíre ar an aip nuasheolta.

Tá súil ag lucht bainistíochta an stáisiúin Raidió na Rí-Rá a chur ar aerthonnta FM na tíre amach anseo.

“Cuireann Raidió Rí-Rá seirbhís iontach ar fáil dóibh siúd ar mian leo tuilleadh dá gcuid Gaeilge a úsáid, go háirithe daoine óga. Tá súil againn an stáisiún a chur i mbun craolacháin ar FM ar fud na tíre amach anseo, ach idir an dá linn, táimid an-sásta go mbeidh teacht ag tuilleadh daoine ar Raidió Rí-Rá tríd an aip nua.

“Bíonn an meascán is fearr den tsiamsaíocht agus den cheol is úire ó na cairteacha ag Raidió Rí-Rá, agus gach rud á chur i láthair trí mheán na Gaeilge ag ár bhfoireann iontach de láithreoirí óga,” a dúirt Niamh Ní Chróinín, bainisteoir an stáisiúin.

Tá Raidió Rí-Rá ag lorg €1.6 milliún ón gceadúnas teilifíse leis “an gcéad chéim eile” a thógáil agus stáisiún Gaeilge FM uile-oileánda don aos óg a dhéanamh den stáisiún idirlín.

Fág freagra ar 'Aip nua Raidió Rí-Rá seolta ag an Aire Cumarsáide'