‘Díolaim Beathaí 1916’ curtha ar fáil ar Ainm.ie

Tá sé i gceist ag lucht Ainm.ie tuilleadh díolamaí a chur ar fáil a bhaineann le himeachtaí, téamaí agus tréimhsí áirithe, i rannóg nua a seoladh ar an suíomh le deireanas

‘Díolaim Beathaí 1916’ curtha ar fáil ar Ainm.ie

Tá beathaisnéisí na ndaoine a raibh baint acu le hÉirí Amach na Cásca 1916 cruinnithe le chéile ag lucht Ainm.ie, an suíomh beathaisnéisí, in aon bhailiúchán amháin i rannóg nua ar an suíomh.

Tá liostaí na mbeathaisnéisí, in ord aibítre, ar fáil i ‘Díolaim Beathaí 1916’ sa rannóg nua ‘Díolamaí’ ar Ainm.ie. Tá cuntas ar shaol na ndaoine a throid le linn Éirí Amach na Cásca 1916, saol na ndaoine a raibh ar intinn acu troid ach nár éirigh leo a bheith páirteach ann agus daoine eile a raibh baint eile acu leis an réabhlóid. Tá beathaí luaite ar an liosta a bhaineann leo siúd a nocht tuairim láidir i dtaobh an Éirí Amach, freisin.

I measc na mbeathaisnéisí atá sa díolaim nua tá Pádraig Mac Piarais, a d’fhógair Poblacht na hÉireann os comhair Ard-Oifig an Phoist, Louise Gavan a d’oibrigh sa chistin sa bhfoirgneamh céanna i gcaitheamh na seachtaine, Eoin Mac Néill a rinne iarracht stop a chur leis an Éirí Amach, agus Micheál Ó Rathghaille, a maraíodh ar Sackville Lane (Lána Uí Rathghaille) le linn na troda.

Tá léarscáil idirghníomhach nua curtha leis an suíomh freisin ar a léirítear na háiteanna ina raibh na daoine a luaitear sna beathaisnéisí lonnaithe aimsir na Cásca 1916. Tá na haistí uilig a scríobhadh ar an Éirí Amach i gcaitheamh na bliana seo caite cruinnithe le chéile sa rannóg nua freisin, ‘Ról na mBan in Éirí Amach na Cásca’, ‘Frongoch — Ollscoil na Réabhlóide’, agus ‘Beatha agus Bás i ndiaidh Éirí Amach na Cásca’,

Tá sé i gceist ag lucht Ainm.ie an rannóg nua a fhorbairt agus tuilleadh díolamaí a chur ar fáil ann a bhaineann le himeachtaí, le téamaí nó le tréimhsí áirithe.

Tá “sraith forbairtí spéisiúla” ar na bacáin don suíomh freisin, seinnteoir fuaime agus áiseanna nua léirshamhlaithe sonraí ina measc. Tá ‘beathaí gaolta’ ar fáil cheana féin, mar shampla. Is féidir teacht ar na gaolta ar thaobh an leathanaigh sa chás go mbíonn beathaí tuismitheoirí nó a gclann ar an mbunachar freisin.

Fág freagra ar '‘Díolaim Beathaí 1916’ curtha ar fáil ar Ainm.ie'