Léarscáil Thuaisceart Éireann curta ar fáil ar Logainm.ie

Ní raibh an leagan Gaeilge den léarscáil idirghníomhach atá ar an suíomh ar fáil ar feadh i bhfad mar go rabhthas ag brath ar pháirtithe seachtracha, Ordanáis Suirbhéireachta Thuaisceart Éireann ina measc

Léarscáil Thuaisceart Éireann curta ar fáil ar Logainm.ie

Tá léarscáil Ghaeilge de Thuaisceart Éireann ar fáil ar an suíomh Logainm.ie. Rinneadh nasc idir Logainm.ie agus Placenamesni.org tuairim is dhá bhliain ó shin, rud a d’fhág go bhfuil eolas faoi 20,000 logainm ó thuaidh ar fáil ar Logainm.ie.

Ní raibh an leagan Gaeilge den léarscáil idirghníomhach atá ar an suíomh ar fáil ar feadh i bhfad mar go rabhthas ag brath ar pháirtithe seachtracha, Ordanáis Suirbhéireachta Thuaisceart Éireann ina measc.

Tá an léarscáil idirghníomhach anois ar fáil a bhuí le hobair a rinne Logainm.ie i gcomhar le hOrdanáis Suirbhéireachta na hÉireann agus an Land and Property Services, atá faoi scáth na Roinne Airgeadais ó thuaidh.

An léarscáil seo a chur ar fáil an moladh ba mhó a bhí ag an bpobal nuair a scaip lucht Logainm.ie ceistneoir ar lucht úsáide an tsuímh in 2015.

Tá forbairtí eile beartaithe ag lucht Fiontar, a riarann na suíomhanna Dúchas.ie, Téarma.ie, Ainm.ie, Gaois.ie agus Logainm.ie.

Tá imleabhair uile Bhailiúchán na Scol seolta ar Dúchas.ie agus beifear ag tabhairt aghaidh ar bhailiúchán eile de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann anois, an Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní agus an Chartlann Grianghraf ina measc. Tá cuid den ábhar sin digitithe cheana féin agus beifear á réiteach le foilsiú ar líne.

Beidh athnuachan á déanamh ar shuíomh Logainm.ie freisin, agus cuirfear leis na taifid, agus de réir a chéile, le “cruinneas agus feabhas” na dtaifead sin.

Rinne lucht Téarma.ie taighde ar tuairim is 4,000 coincheap anuraidh agus iad ag cruthú téarmaí do bhunachar IATE agus tá an líon céanna mar sprioc acu i mbliana.

Tá “sraith forbairtí spéisiúla” ar na bacáin don suíomh Ainm.ie freisin, seinnteoir fuaime agus áiseanna nua léirshamhlaithe sonraí ina measc. Tá ‘beathaí gaolta’ ar fáil cheana féin, mar shampla. Is féidir teacht air ar thaobh an leathanaigh sa chás go mbíonn beathaí tuismitheoirí nó a gclann ar an mbunachar freisin. Beifear ag obair ar dhíolamaí téamúla beathaí freisin, amhail an díolaim ar bheathaí 1916 atá ar fáil cheana féin ar an suíomh.