€1.6 milliún á lorg ag Raidió Rí Rá le ‘stáisiún uile-oileánda don aos óg’ a chur ar bun ar mhinicíocht FM

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur beag airgead atá i gceist le plean Raidió Rí Rá agus go gcosnódh sraith mhaith amháin teilifíse ar TG4 níos mó ná mar a chosnódh bliain iomlán ar mhinicíocht FM

€1.6 milliún á lorg ag Raidió Rí Rá le ‘stáisiún uile-oileánda don aos óg’ a chur ar bun ar mhinicíocht FM

Tá an stáisiún cairtcheoil Raidió Rí Rá ag lorg €1.6 milliún ón gceadúnas teilifíse leis “an gcéad chéim eile” a thógáil agus stáisiún Gaeilge FM uile-oileánda don aos óg a dhéanamh den stáisiún idirlín.

Faoi láthair, craoltar Raidió Rí Rá ar an suíomh www.rrr.ie agus ar sheirbhísí digiteacha eile, amhail an seinnteoir raidió agus aip an stáisiúin féin.

Bhí bainisteoir agus rúnaí an stáisiúin, Niamh Ní Chróinín agus Julian de Spáinn, i láthair ag cruinniú de chuid an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán tráthnóna inné nuair a rinneadh an achainí ar mhaoiniú ón gceadúnas teilifíse.

Dúirt Ní Chróinín go bhfuil “bearna” i soláthar na stáisiún raidió Gaeilge i láthair na huaire agus go bhfuil an stáisiún réidh le dul i ngleic leis an dúshlán an bhearna sin a dhúnadh.

“Tá bearna ann, níl stáisiún uile-oileánda ann do dhaoine óga. Tá muid réidh agus tá an chreatlach ann. Tá breis agus 25 craoltóir ag obair go deonach agus duine amháin [Ní Chróinín féin] fostaithe go lánaimseartha, agus tá daoine eile ar fud na tíre ag obair ar an suíomh idirlín,” a dúirt sí.

Tá Ní Chróinín ina bainisteoir ar an stáisiún le beagnach bliain anuas agus bíonn sí le cloisteáil go minic ar an gclár comhchraolta “Rí Rá ar RnaG” a chraoltar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió Rí Rá i rith na seachtaine.

Dúirt sí leis an gCoiste Oireachtais go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Raidió Rí Rá le tamall agus go bhfuil an stáisiún “tagtha go pointe nach féidir mórán sa bhreis a dhéanamh” gan an tacaíocht agus an maoiniú atá á n-éileamh acu. Tá pleananna ag Raidió Rí Rá láithreoirí lánaimseartha agus foireann riaracháin a fhostú “dá bhfaighfí an maoiniú sin”.

Thagair lucht an stáisiúin don suirbhé a rinneadh breis is deich mbliana ó shin inar léiríodh go raibh tacaíocht láidir (75%) i measc an phobail do stáisiún Gaeilge don aos óg. Dúradh gurb é an príomhchostas a bheadh i gceist leis na forbairtí atá le déanamh an costas a bhainfeadh leis an stáisiún a chur ar FM ar fud na hÉireann.

“Ní bheadh i gceist leis ach 0.79% den airgead a fhaightear ón gceadúnas teilifíse. Bheadh €1.1 milliún den €1.6m le caitheamh ar tharchur amháin agus bheadh sé sin le híoc le RTÉ,” a dúirt Ní Chróinín.

Bíonn Raidió Rí Rá ag craoladh ar FM ó am go chéile i gcúpla áit éagsúil sa tír. Tá sé i gceist ag an stáisiún tógáil ar an méid sin agus a bheith ar FM ar feadh na bliana uile ar fud na tíre.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur beag airgead atá i gceist i ndáiríre agus go gcosnódh sraith mhaith amháin teilifíse ar TG4 níos mó ná mar a chosnódh bliain iomlán ar mhinicíocht FM.

Chuir baill an Choiste Oireachtais fáilte roimh phlean Raidió Rí Rá agus mhol idir Theachtaí Dála agus Sheanadóirí go molfadh an Coiste do na Ranna Rialtais gur cheart aird a thabhairt ar achainí an stáisiúin.

Fág freagra ar '€1.6 milliún á lorg ag Raidió Rí Rá le ‘stáisiún uile-oileánda don aos óg’ a chur ar bun ar mhinicíocht FM'

  • AnRógaire

    Is stáisíún popcheoil béarla é an stáisiún seo, le beagán gaeilge le cloisteáil air. Má tá airgead le caitheamh ar thograí gaeilge, ní mar seo a ba cheart é a chaitheamh.

  • Seanán Ó Coistín

    Ní ceol i mBéarla amháin a chloistear ar Raidió Rí-Rá. Craoltar amhráin i nGaeilge gach uair an chloig. Sin an beartas atá acu. Tá a fhios agam mar chuir mé clár i láthair ar feadh breis agus bliain ar Raidió Rí-Rá. Tá gá le raidió mar seo don aos óg mar ní oireann Raidió na Gaeltachta do dhaoine óga. Is mian le daoine ceol a chloisteáil. Tá cónaí ormsa sa Ghearmáin agus cloistear na hamhráin chéanna i mBéarla ar na craolacháin ansin. Bíonn an chaint, an nuacht, na fógraí agus míreanna eile i nGearmáinis. Mar aon leis sin, bíonn roinnt de na hamhráin i mBéarla. Dá mbeadh maoiniú ag Raidió Rí-Rá bheadh siad in ann níos mó cláir a chraoladh beo ina mbeadh na láithreoirí in ann caint. Faoi láthair, is gá na cláir a thaifead mar níl láithreoirí fostaithe chun a bheith ag craoladh beo agus ag caint. Ní bheadh aon amhras orm faoi chraolachán mar seo. Níl an dara rogha ag daoine le Gaeilge más mian leo éisteacht le craolachán le ceol nua.

  • Concubhar

    Is cosúil gur seift é an plean seo chun deontas €1m a thabhairt do RTÉ. Nach fearr brú a chur ar an gcraoltóir náisiúnta níos mó a dhéanamh ar son na ‘n-óg’ as Gaeilge ar 2fM is na staisiúin digiteacha atá acu. Nár cheart staisiún Ghaeilge bheith ina measc!

  • Feardorcha

    Is é an ceann is fearr ná na stáisiúin neamhspleácha Béarla a bhfuil de dhualgas orthu roinnt áirithe Gaeilge a dhingeadh isteach in áit éigin sa sceideal. Tháinig alfraits éigin suas leis an smaoineamh gur chóir abairtí le gach re-fhocal i nGaeilge a úsáid. Táim lán i ndáiríre. Bheadh sé deacair an lomadh croí a chuir i bhfocail.