Vicipéideoir Gáidhlig ceaptha in Albain

Níl sé beartaithe ag Foras na Gaeilge faoi láthair infheistíocht a dhéanamh sa Vicipéid Ghaeilge, mar atá déanta ag Bòrd na Gàidhlig

Vicipéideoir Gáidhlig ceaptha in Albain

Níl aon phlean ag Foras na Gaeilge faoi láthair infheistíocht a dhéanamh sa Vicipéid Ghaeilge, nó i ‘Vicipéideoir Gaeilge’, mar atá déanta ag Bòrd na Gàidhlig.

Chuir an Vicipéideoir Gàidhlig nuacheaptha, an Dochtúir Susan Ross, tús lena cuid oibre i Leabharlann Náisiúnta na hAlban le déanaí.

Tá Vicipéideoirí Cónaitheacha ag obair in institiúidí oideachais sa Bhreatain agus ar fud an domhain. Oibríonn na Vicipéideoirí seo le húsáideoirí an tsuímh cáiliúil ‘Wikipedia’ le borradh a chur faoi réimsí éagsúla den eolas ann.

Níl aon vicipéideoir cónaitheach, Béarla ná Gaeilge, ceaptha in Éirinn go fóill.

Thug urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge le fios nach raibh “aon phlean” ag an eagraíocht “faoi láthair” infheistíocht a dhéanamh sa Vicipéid Ghaeilge, nó i ‘Vicipéideoir Gaeilge’, mar atá déanta

Dúirt Susan Ross le Tuairisc.ie go bhféadfadh Vicipéideoir Cónaitheach Gaeilge cur leis an teanga sa tír seo dá mbeartódh na húdaráis teanga in Éirinn a leithéid de phost a chruthú.

Beidh an Dr Ross ag obair le cainteoirí Gàidhlig, le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí náisiúnta leis ‘An Uicipéid’, leagan Gàidhlig na Vicipéide, a fheabhsú i gcaitheamh na bliana seo amach romhainn.

Dúirt Ross le Tuairisc.ie nach ag scríobh a bheidh sí, ach ag spreagadh daoine eile le bheith ag  scríobh agus ag cur oiliúint ar dhaoine conas an suíomh a chur in eagar, agus conas míreanna eile, comhaid fuaime agus pictiúir, mar shampla, a chur leis.

“Beimid ag obair ar théamaí éagsúla agus ag spreagadh daoine le bheith ag scríobh alt a bheidh bunaithe ar na téamaí sin. D’fhéadfadh topaic ar bith a bheith i gceist, oileáin Mhuir Chairib, mar shampla.

“Beidh gníomhaíochtaí éagsúla i gceist, tograí ar líne, ceardlanna ar fud na tíre. Beidh mé ag obair le grúpaí pobail agus eagraíochtaí a bhfuil oifigí Gàidhlig acu ar dtús, chomh maith le grúpaí tuismitheoirí, scoileanna agus cumainn ollscoileanna,” a dúirt sí.

Is uirlis thar a bheith úsáideach í an Vicipéid don té a bheadh ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna teanga san 21ú haois, go háirithe do dhuine nach mbeadh an oiread sin deiseanna aige an Ghàidhig a scríobh go minic, dar leis an Dr Ross.

Tá sí ag súil le cainteoirí Gàidhlig ó gach cearn den domhan a mhealladh chun an togra, go háirithe daoine in oirthear Cheanada agus áiteanna eile a ndeachaigh muintir na hAlban ar imirce.

Tá seantaithí ag Ross ar an Uicipéid. Tá an leagan Gàidhlig ann ó 2004 ach thosaigh sí ag déanamh eagarthóireachta ar mhionbhotúin ar an gciclipéid dhigiteach seacht mbliana ó shin.

De réir a chéile, thosaigh sí ag déanamh athruithe móra ar ailt agus ar deireadh, thosaigh sí ag scríobh a cuid alt féin.

“Feictear domsa go bhfuil féidearthachtaí móra ann na hacmhainní Gàidhlig ar fad atá ann a cheangal le chéile in aon áit amháin agus moll mór eolais i nGàidhlig a chruthú.

“Tá go leor alt ann nuair a chuardaíonn tú an Uicipéid ach tá go leor acu nach bhfuil aon fhorbairt déanta orthu. Tá eolas ann faoi bhailte beaga na hÉireann mar shampla, ach níl ann ach líne amháin a deir ‘is baile é seo in Éirinn’,” a dúirt Ross.

Tá os cionn 14,000 alt ar an Uicipéid, i bhfad níos lú ná mar atá ar an Vicipéid Ghaeilge (40,000) ach i bhfad níos mó ná mar ar fáil ar an leagan Manainnise (5,000).

Dúirt Ross go bhfuil obair mhór déanta ag Vicipéideoir Cónaitheach na Breataine Bige le cúig bliana anuas agus gur chun leas na teanga a chuaigh an obair sin.

“Tá rogha amach romhainn anois, an bhfuilimid ag iarraidh cur le líon na n-alt atá ar an Uicipéid nó an bhfuilimid ag iarraidh cur leis na hailt atá ann cheana féin? D’fhéadfadh sé nach mbeadh ach 14,000 alt ann i gceann bliana, ach go mbeadh i bhfad níos mó eolais le fáil iontu ná mar atá anois.

“Ní hé mo phostsa an cinneadh sin a dhéanamh ach cabhrú le daoine eile a gcuid oibre féin a dhéanamh ar an suíomh agus an t-infreastruchtúr a chur ann a ligfeadh do dhaoine eile an chiclipéid a dhéanamh níos fearr,” a dúirt Ross.

Tá tuairim is 40 úsáideoir gníomhach ar an Uicipéid a bhíonn i mbun oibre gach mí.

Is eagarthóirí a bhformhór acu sin, dar le Ross, ach tá croíphobal ann a bhíonn ag soláthar ábhar nua don suíomh go rialta.

“Tá eolas faoi réimse leathan ábhar ann, i ndáiríre, tá a shainspéis féin ag gach úsáideoir. Scríobhann siad faoi oileáin na hAlban, faoi dhúlra agus faoi ainmhithe, agus tá leathanaigh ann faoin spás agus an réalteolaíocht freisin. Tá ailt scríofa agam féin ar an Iúgslaiv ach tá spéiseanna eile agam freisin.

“Dírítear go leor den ábhar clóite Gàidhlig atá ann leis na blianta fada ar Ghaeltacht na hAlban agus ar an gcultúr Gaelach sa tír sin, agus b’fhurasta, mar sin, cur leis an ábhar sin ar an Uicipéid. Tá íomhánna agus míreanna eile i seilbh na Leabharlainne Náisiúnta ar fáil dúinn freisin agus cuirfear na rudaí sin leis an gciclipéid, ach beidh orainn cead a lorg do rudaí eile,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Vicipéideoir Gáidhlig ceaptha in Albain'