19 milliún focal Gaeilge i gcorpas nua a seoladh ar líne inniu

Seoladh Corpas Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann tráthnóna, corpas a bhfuil 3,000 téacs agus os cionn 19 milliún focal ann ó aimsir Theitheadh na nIarlaí go hAthbheochan na Gaeilge

19 milliún focal Gaeilge i gcorpas nua a seoladh ar líne inniu

Tá 19 milliún focal Gaeilge i gcorpas nua a cuireadh ar fáil ar líne inniu. Tá Corpas Stairiúil na Gaeilge bunaithe ar théacsanna stairiúla Gaeilge ón mbliain 1600 go dtí an bhliain 1926.

Cuireadh an corpas i dtoll a chéile mar chuid de thionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann Foclóir Stairiúil na Gaeilge a fhoilsiú amach anseo.

Sa chorpas a seoladh inniu tá breis agus 3,000 téacs agus suas le 19 milliún focal. Is féidir na téacsanna agus na focail sin a chuardach ar líne ag corpas.ria.ie.

Ar na téacsanna, tá leithéidí An Claidheamh Soluis, a d’fhoilsítí ó 1899 go 1931, An Lóchrann, a d’fhoilsítí ó 1907 go 1927, agus foilseacháin eile a bhaineann le haimsir Athbheochan na Gaeilge chomh maith le leabhair agus téacsanna eile atá i bhfad níos sine, leithéidí Aithdioghluim Dána I, a foilsíodh i 1640, agus As ait leam stáid-bhean sgiamhach, a foilsíodh i 1630.

Is féidir na focail a fheiceáil ina gcomhthéacs dílis sa saothar inar scríobhadh iad ach cliceáil ar na torthaí a fhaightear ar an gcuardach a dhéantar ar an suíomh.

Agus an corpas á sheoladh aige, thréaslaigh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh le foireann Acadamh Ríoga na hÉireann a chuir an “obair dhúshlánach” i gcrích.

“Tá lúcháir mhór orm a bheith anseo tráthnóna inniu in bhur gcuideachta don ócáid fhíorthábhachtach agus spéisiúil seo, chun Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600-1926 a sheoladh go hoifigiúil. Cuimsíonn an Corpas réimse leathan ábhar ó stair na tíre seo, ó Theitheadh na nIarlaí i 1607, go dtí saothair an Athar Peadar Ó Laoghaire agus Phádraig Mhic Phiarais in An Claidheamh Soluis, le linn ré órga athbheochan na teanga.

“Tá obair dhúshlánach ag baint le gach gné den togra seo agus tapóidh mé an deis tréaslú leis an fhoireann atá i mbun oibre air. Tá sárobair ar siúl agaibh i réimsí éagsúla a chuimsíonn stair na hÉireann, an tseandálaíocht, an Ghaeilge, an cultúr agus cúrsaí eolaíochta,” a dúirt sé.

Chuir an Roinn os cionn €1.62 milliún ar fáil don Acadamh leis an bhFoclóir Stairiúil Gaeilge a dhéanamh agus caitheadh cuid den airgead sin ar an obair ar an gcorpas nua.

Fág freagra ar '19 milliún focal Gaeilge i gcorpas nua a seoladh ar líne inniu'