Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Bíodh súil in airde agaibh le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Cathal Mac Coille, Mártan Ó Ciardha, John Allen, agus Alex Hijmans i mbun pinn againn.

Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar FacebookTwitter. Scaip an scéal, le do thoil!

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo


1. 15 comhartha gur Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath thú…


2. Deireadh le scrúdú béil an Stáit don Teastas Sóisearach


3. ‘Like Martin Luther King. A mhuintir Chiarraí agus a chairde go léir…’


4. LÉIRMHEAS RAIDIÓ: Dhá chlár fhiúntacha a chuireann beocht i sceideal RnaG

5. Áiteanna do dhaltaí Gaeltachta i gColáistí Oiliúna fágtha gan líonadh


A ndúirt siad…

Bhí macalla stairiúil i gcaint an Tánaiste chomh maith nár chóir a ligean i ndearmad. An bhliain: 2007. An Taoiseach: Bertie Ahern. An t-ábhar: staid eacnamaíoch na tíre, daoine gan ainm a dúirt go raibh tubaiste ag bagairt.

Cathal Mac Coille

Amach anseo, d’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag polasaithe an Aontais Eorpaigh na teorainneacha a choinneáil dúnta, polasaithe atá á gcur i bhfeidhm le hoiread dúthrachta ag an Ungáir

Alex Hijmans

Tá Stormont ina cheap magaidh, gan fios ar ann nó as dó, mórán ar nós an IRA Shealadaigh, ar thug tráchtaire ‘cat Schrodinger’ air; é beo agus marbh ag an am céanna

Póilín Ní Chiaráin

Maidir le piseoga, bhíodh a rud fhéinig ag gach éinne. Ba dheas liomsa i gcónaí package jellies a d’ithe– fruit pastilles – agus ceann uaithne agus agus ceann buí a dh’fhágaint go dtí an deireadh – rud beag neafaiseach ach bíonn a rud fhéinig ag gach éinne

Dara Ó Cinnéide

Déarfá nach bhféadfadh rud ar bith a bheith níos measa ná an torann sin a bhíonn ag cait an bhaile is iad ag gráigeadh ar an oíche úd i gceartlár an tsamhraidh a mbíonn siad i mbun a léiriú bhliantúil de Cúirt an Mheán Oíche. Tá sé ar nós ceol binn ó na beanna i gcomparáid leis an ngeonaíl

Bridget Bhreathnach

Sin é ár gcion-na an babhta seo.

Kevin Hickey 

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas)'