Ní neart go cur le chéile? Seo chuagainn an AAA-PbP…

Tá páirtí nua ar an saol. Fáilte dhaonlathach le bhur dtoil roimh an AAA-PbP

17/07/15 Pictured is TD Joe Higgins in Buswell's Hotel in Dublin today at an Anti-Austerity Alliance press conference along with other water charge activists as they map out how the boycott of water charges can be escalated. This follows the news that a massive 57% of households did not pay their first Irish Water Bill Photo: RollingNews.ie
Joe Higgins. Pictiúr: RollingNews.ie

Níl ainm an pháirtí nua ar fheabhas. Ná ní léir toil an cheathrar Teachtaí Dála atá á bhunú tarraingt le chéile. Ach más féidir leis an ngrúpa nua seo feidhmiú in éineacht, beidh ábhar dóchais réasúnta ag iarrthóirí an pháirtí san olltoghchán.

Focal foláirimh i dtosach báire. Ní cóir glacadh le tuairim ar bith dá bhfuil i gcló anseo mar thacaíocht don pháirtí nua ná dá pholasaithe. Ach is ábhar spéise é a bhunú, más mian leat plé dáiríre ar roghanna dáiríre a chloisteáil roimh an olltoghchán.

D’fhógair na Teachtaí Dála Joe Higgins, Ruth Coppinger, Paul Murphy agus Richard Boyd Barrett i ráiteas a chomheisigh siad Dé Céadaoin go mbeadh páirtí ar a dtabharfar ‘Anti-Austerity Alliance-People before Profit’ á chlárú mar ainm acu go luath. Thug an ceathrar le fios go reáchtálfaidís comhdháil nuachta i gceann trí seachtaine chun cur síos a dhéanamh ar a n-aidhmeanna agus ar a gcur chuige.

Ní tearc na ceisteanna a chuirfear faoin teacht le chéile seo. Mar shampla, i bhfianaise an easaontais ar an eite chlé ó 2011, an féidir bheith muiníneach go dtiocfaidh siad ar chomhthuiscint leanúnach sa Dáil nua? Sampla eile: mura mian leo tacú le rialtas ar bith (ná le páirtí ar bith, na Daonlathaigh Shóisialta, abair) sa Dáil nua, céard is féidir leo a bhaint amach?

Mar sin féin, is léir an phríomhchúis gur díol suntais é ráiteas an cheathrair, ainneoin é a bheith ráite ag Joe Higgins nach seasfaidh sé san olltoghchán. Níl bunú páirtí ná comhghuallíocht nua fógartha go dtí seo ag dream ar bith atá chomh mór leis an AAA-PbP, go háirithe má ghlacann comhairleoirí áitiúla uile an dá dhream (28 duine san iomlán) leis an lipéad nua. Is láidre comhghlór agus comhfheachtas i gcónaí, ach is láidre fós iad aimsir olltoghcháin.

Ar ndóigh, teastaíonn cóir ghaoithe ó gach páirtí nua. Leithéid na toghairme a thug Garda don Teachta Paul Murphy Dé Máirt, inar cuireadh ina leith gur choinnigh sé Joan Burton in aghaidh a tola i dTamhlacht anuraidh.

Ní léir fós an mbeidh an Teachta Dála agus a chomrádaithe os comhair cúirte roimh an olltoghchán nó ina dhiaidh. Is cuma. An bhfuil duine sa tír a shíleann nach neartóidh an cás dlí a gcás polaitiúil?

Casann gach Roth
Níor cheil Joan Burton a míshásamh ar an gcraoltóir náisiúnta nuair a labhair sí le mo chomradaí Gavin Jennings ar an raidió Dé Máirt.
“You should be talking the country up, not talking the country down,” a dúirt sí agus ceist faoi ionchais a páirtí san olltoghchán á freagairt aici.
Is furasta teacht ar fhreagra ar a gearán. An mbeadh muinín ag an bpobal as iriseoirí (ní áirím saineolaithe nó colúnaithe) dá mbeadh staid na tíre agus léargas na bplaiteoirí á síormholadh acu? Nár chóir dóibh cloí lena gcúram – fiosrú, ceistiú, cíoradh agus cur síos?

Níl aon amhras faoi na freagraí a thabharfadh duine neamhchlaonta ar an dá cheist: ní bheadh, agus ba chóir. Bhí macalla stairiúil i gcaint an Tánaiste chomh maith nár chóir a ligean i ndearmad. An bhliain: 2007.
An Taoiseach: Bertie Ahern. An t-ábhar: staid eacnamaíoch na tíre, daoine gan ainm a dúirt go raibh tubaiste ag bagairt.

A ndúirt sé: “Sittin’ on the sidelines, cribbin’ and moanin’ is a lost opportunity. I don’t know how people who engage in that don’t commit suicide…”

An leithscéal? Eisithe an lá dar gcionn.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Ní neart go cur le chéile? Seo chuagainn an AAA-PbP…'