Deireadh le scrúdú béil an Stáit don Teastas Sóisearach

Is sa seomra ranga amháin a dhéanfar tástáil ar chumas labhartha scoláirí feasta

Leaving-Cert-Dublin

Ní bheidh aon scrúdú béil oifigiúil ann ar shiollabas nua an Teastais Shóisearaigh a thabharfar isteach sa bhliain 2017. Tá sé deimhnithe ag an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie go ndéanfar scileanna béil sa Ghaeilge a mheasúnú sa seomra ranga.

“Tá sé i gceist go mbeidh measúnú ar scileanna béil ina chuid den mheasúnú rang-bhunaithe sa tsonraíocht nua sraithe sóisearaí don Ghaeilge atá lena thabhairt isteach i mí Mheán Fómhair 2017.

“Tagraíodh dá leithéid sa dréacht-sonrachán sraithe sóisearaí a d’fhoilsigh an CNCM le haghaidh comhairlithe i mí Márta/Aibreáin seo caite,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc.ie.

Tugadh le fios freisin go bhfuil síneadh curtha leis an gcomhairliú d’fhonn an chaoi le freastal ar riachtanais mac léinn i scoileanna lán-Ghaeilge faoin gcóras nua “a phlé a thuilleadh”.

Ní bheidh mar chuid den mheasúnú stáit a dhéanfar ar dhaltaí an Teastais Shóisearaigh feasta ach scrúdú scríofa dhá uair a’ chloig.

Beidh dhá thasc eile le déanamh ag na daltaí ach ní dhéanfar measúnú Stáit ar an dá thasc sin. Is faoi na múinteoirí féin a bheidh sé na tascanna a mharcáil. Faoi láthair, tá rogha ag scoileanna scrúdú béil a dhéanamh agus tá méadú mór tagtha in imeacht na mblianta ar líon na múinteoirí a roghnaíonn go ndéanfadh a ndaltaí é.

Bhí amhras ann faoina raibh i ndán don bhéaltriail i mí Bhealtaine na bliana seo nuair nach raibh an Roinn Oideachais a rá an mbeadh tasc béil ar cheann den dá thasc inscoile.

Dúirt múinteoir Gaeilge amhain le Tuairisc.ie inniu gur ‘ísliú stádais’ a bhí sa socrú nua.

“Ní bheidh sé roghnach a thuilleadh agus is maith an rud é sin, ach is ísliú stádais atá ann mar sin féin. Bheifeá ag súil go mbeadh an scrúdú béil mar rud oifigiúil sa scrúdú stáit.

“Tá ceist mhór ann faoi cén cruth a bheas ar an measúnacht ranga. Scrúdú béil sa dara bliain? Measúnachtaí leanúnacha i gcaitheamh na bliana? Nótaí ar cén chomh maith is a bhíonn a gcuid Gaeilge sa rang? Tá go leor ceisteanna le freagairt go fóill,” a dúirt an múinteoir le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Deireadh le scrúdú béil an Stáit don Teastas Sóisearach'

  • Katie McGreal

    Cathain a tháinig an scrúdú béil i bhfeidhm don Teastas Sóisearach? Níl sé ann i bhfad cheana féin. Ceap magaidh atá ann agus tá an ceart ag an múinteoir sin, isliú stádais atá ann go cinnte. Tá an rialtas ag iarraidh neamhaird a dhéanamh ar an nGaeilge agus tá ag éirí leo – Lá Dearg agus Lá Mór na Gaeilge Round 2 éinne?

  • Tuigim

    Céard sa ****?
    Tá siad ag déanamh an-jab ag marú an teanga!
    Muintir na hÉireann ag íoc as an Dúnmharú seo!