Dé Luain, sa Bhruiséil, theip ar iarracht 120,000 teifeach, atá sáinnithe san Iodáil, sa Ghréig agus san Ungáir faoi láthair, a athroinnt go cothrom thar bhallstáit éagsúla an Aontais Eorpaigh. Is cosúil nach ndéanfar an cheist sin a phlé arís go ceann seachtaine.
Idir an dá linn, ní i bhfeabhas atá cúrsaí ag dul.
Tá bac á chur ar an saorthrácht thar na teorainneacha inmheánacha ní hamháin ag an nGearmáin ach ag roinnt ballstáit Eorpacha eile, leis. Níos measa fós, tá rialacha nua diana friththeifeach curtha i bhfeidhm ag an Ungáir agus é ráite ag an tír sin go mbainfidh sí úsáid as an arm chun bac a chur ar theifigh a dhéanfaidh iarracht teacht isteach thar teorainn ón tSeirbia.
Ag an am céanna, tá sé á mhaíomh go mbainfidh an tSeirbia úsáid as a cuid fórsaí armtha féin chun bac a chur ar theifigh nár éirigh leo teorainn na hUngáire a thrasnú filleadh ar an tSeirbia, rud a chiallaíonn go bhféadfadh na céadta nó b’fhéidir na mílte duine a bheith i sáinn idir dhá thír roimh i bhfad.
Amach anseo, d’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag polasaithe an Aontais Eorpaigh na teorainneacha a choinneáil dúnta, polasaithe atá á gcur i bhfeidhm le hoiread dúthrachta ag an Ungáir.
Ní hiad na Balcáin an réigiún is seasmhaí san Eoraip; níl ach fiche bliain ann ó tháinig deireadh leis an gcogadh sa Bhoisnia agus sé bliana déag ó tháinig deireadh leis an gcogadh sa Chosaiv. Thar aon réigiún eile san Eoraip, ní bheadh sé inmholta go mbeadh na scórtha míle teifeach i sáinn ann. Ar thrí chúis:
Sa chéad áit, níl sé ceart ná cóir go n-iarrfadh an tAontas Eorpach ar an tSeirbia, ar an Macadóin agus ar thíortha eile sa réigiún nach ballstáit de chuid an Aontais iad soláthar fadtréimhseach a chur ar fáil do theifigh atá ag iarraidh an tAontas a bhaint amach agus nach féidir leo filleadh ar a dtíortha dúchais.
Sa dara háit, is baolach gur mó seans go sárófaí cearta daonna na dteifeach i réigiún nach bhfuil na hacmhainní ann chun freastal orthu – gan trácht ar stair chaonfhulaingt chine agus chreidimh – ná san Aontas féin.
Sa tríú háit, d’fhéadfadh rath a bheith – i bhfad ó shúile údaráis na hEorpa agus gan aon neart acu air – ar eilimintí radacacha a dteastódh uathu dul i bhfeidhm ar dhaoine leochaileacha chun úsáid a bhaint astu dá n-aidhmeanna suaracha féin.
Ba chiallmhaire i bhfad don Aontas Eorpach teifigh a dteastaíonn uathu an tAontas a bhaint amach a thabhairt isteach agus a athroinnt go cothrom thar na ballstáit éagsúla ná síolta achrainn úrnua a chur cois na teorann taobh amuigh.
Fág freagra ar 'Fadhb úrnua á cruthú ag dún na hEorpa?'