Níl fuaim ar bith níos measa ná an gheonaíl…

Ná bac cait an bhaile agus iad i mbun a léiriú bliantúil de Cúirt an Mheán Oíche nó an leagan panphíopach sin den Marino Waltz

Cute-Crying-Baby

Níl fuaim ar bith níos measa ná an gheonaíl. Déarfá liom, seans, go bhfuil neart fuaimeannaí atá níos measa ná geonaíl. Céard faoi chlog ag ticeáil nuair atá tú ag iarraidh titim i do chodladh – tic, tic…, tic?

Nó bíp bíp bíp an alaram deataigh nuair a imíonn an ceallaire ag leathuair tar eis a dó ar maidin is go bhfuil a fhios agat nach bhfuil aon cheallaire eile sa teach? Céard faoi bhraon anuas as sconna, sa gcistineach thíos staighre, ar oíche  fhuar agus tú díreach éirithe compordach sa leaba? 

Nach bhfuil na fuaimeanna sin níos measa ná geonaíl a déarfá, seans. Níl, a deirim leat, níl.

B’fhéidir go ndéarfá nach mbuailfeadh fuaim ar bith an leagan panphíopach den Marino Waltz a chasann do sholáthróir leathanbhanda mar phíonós ort nuair a ghlaonn tú orthu le ceist fhánach eicínt faoi do bhiolla.  “Ach cheap mé go raibh pacáiste íoslódála gan teorainn agam?” a déarfaidh tú go soineanta. “Coinnigh an líne soicind, led’ thoil,’” a déarfaidh siad leat agus tosóidh an váls.

Nó déarfá nach bhféadfadh rud ar bith a bheith níos measa ná an torann sin a bhíonn ag cait an bhaile is iad ag gráigeadh is ag cogaíocht ar an oíche úd i gceartlár an tsamhraidh a mbíonn siad i mbun a léiriú bhliantúil de Cúirt an Mheán Oíche?

Nach bhfuil sé sin níos measa ná an gheonaíl? Níl, a deirim leat. Tá sé ar nós ceol binn ó na beanna i gcomparáid leis an ngeonaíl.

Seans nár ionsaíodh riamh thú le lánchumhacht na geonaíle. Ach má ionsaítear riamh, glac leis nach n-éalóidh tú slán ón ionsaí.

Foilsíodh staidéar roinnt blianta ó shin inar tugadh cruthúnas gurb í an gheonaíl an fhuaim is measa atá ann. Thug na taighdeoirí tascanna do dhaoine le déanamh agus iad ag éisteacht le babaí ag caoineadh, sábh innill agus fuaimeanna éagsúla eile. D’éirigh leis na daoine sa staidéar níos mó tascanna a chríochnú leis an sábh innill ag imeacht sa gcúlra ná mar a rinne leis an ngeonaíl. Ní chuireann sé seo aon iontas orm.

Tá údar éabhlóideach leis, is cosúil; cinntíonn sé go dtabharfar aird ar an té atá ag caint. Is cuma más uachtar reoite don bhricfeasta atá ag teastáil nó deoch bhainne sa gcupán gorm (ní hea, an cupán gorm eile, an ceann le Mickey Mouse air, ní hé an ceann sin, sin í Minnie Mouse, ní raibh mé ág iarraidh an ceann sin, bhí mé ag iarraidh an ceann eile…).

Ceapaim faoin tráth seo go mb’fhéidir go bhfuil an gheonaíl tógálach freisin.

Fág freagra ar 'Níl fuaim ar bith níos measa ná an gheonaíl…'

  • cormac

    Níl fuaim ar bith níos measa ná
    1.’Fograi’ follamha siorai ar eitilti AER Lingus ar leibheal deicibeal a chrapann d’intinn le pian. Agus ‘ni feidir baint den choras’ mar fhreagra ar ‘ar mhiste leat an fhuaim a laghdu’?
    2. Bum Bum Bum an ‘cheoil’ i ngluaisteain fiairi oga taispeantach agus fuinneog an phaisineara ar oscailt acu a bhaineann craitheadh as na fallai fein agus iad ag gabhail thar do bhraid.
    3. Guth an mharcaigh duaine ar an raidio aitiuil (Prender i mo chas fein) e ag deargadh beara faoi seo siud is eile maraon leis an iliomad cnaimhsealai eile a ghlaonn isteach agus tu teanntaithe in Oifig Phoibli Rialtais ag fanacht ar do uain.
    4. Aon bharbarach a bhionn ag seamsaireacht isteach ina ghuthan poca in aice leat ag cluiche no sa bhus ‘ Ta me ar an mbus, ag dul abhaile, etc etc
    5. An t-aos og sa Cholaiste ag labhairt Bearla le tuin ‘ghalanta’ Mhean Atlantach agus sooo ——cooool agus wahtaever mar gach re focal acu.
    6. Polaiteoiri ag tlaithinteacht, ag bladaireacht agus ag meiligh le caoire na hEireann roimh thoghchan.
    7. Craoltoiri RTE; an uile dhuine acu.