‘Like Martin Luther King. A mhuintir Chiarraí agus a chairde go léir…’

Tríocha bliain ó shin go Domhnach, thug Páidí Ó Sé ceann de na hóráidí is cáiliúla dár tugadh riamh i bPáirc an Chrócaigh…

All Ireland Football Final Dublin vs Kerry 22/9/1985 Paidi O'Se with the Sam Maguire Mandatory Credit ©INPHO/Billy Stickland
Páidí Ó Sé. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

I dtús mhí Mheán Fómhair 1985, bhí Páidí Ó Sé sínte siar ar a leaba dó fhéin in Ard a’ Bhóthair agus sos á thógaint aige ón bhfuadar agus ón bhfuirseadh a bhain le bheith ag prapáil do chluiche ceannais na hÉireann.

Gan amhras, bhí cúraimí breise an bhliain áirithe sin air toisc é a bheith mar chaptaen na foirne.

Agus gan ach coicíos fágtha roimh an gcluiche mór in aghaidh Átha Cliath, bhí treoir tugtha ag captaen Chiarraí gan ligint d’éinne cur isteach air.

Diarmuid Ó Súilleabháin
Diarmuid Ó Súilleabháin

Ba bheag an bheann, áfach, a bhí ag a chara, an t-amhránaí agus an t-iriseoir, Diarmuid Ó Súilleabháin, ar an gcosc seo ar chuairteoirí.

B’sheo leis anairde staighre agus ceist thábhachtach le plé aige le captaen na Ríochta.

“Bhfuil óráid déanta ‘gat? N’fheadar cad ‘tánn tú chun a rá.”

Lig Páidí liúbhéic uaidh ón leaba. Ní raibh faic ullamh aige, a dúirt sé.

Níor chuir sé an Súilleabháineach dá bhuille agus lean sé air ag áiteamh go diongbháilte ar a chara go gcaithfí óráid a ullmhú agus go gcaithfeadh an óráid sin a bheith “as Gaoluinn”.

Fear ab ea Páidí Ó Sé a bhí tugtha riamh do phiseoga agus thuigfeá dó dá mbeadh sé ábhairín buartha faoin dtrácht seo ar ‘óráid bhuacach’ agus gan aon chluiche buaite go fóill.

De réir an méid a dúirt sé le Seán Potts in Páidí, The Life of a Gaelic Football Legend, ní róbhuíoch a bhí sé d’fhear Chúil Aodha.

“My first reaction was to tell Diarmuid to go and fuck off. “Will you leave me alone, haven’t I enough on my plate?’”

Sheas Diarmuid an fód mar ba dhual dó, áfach, agus thuig Páidí ná raibh sé i ndán dó an cath áirithe seo a bhuachtaint.

“That was Diarmuid. He was so forceful and passionate that I reckoned that, had I refused, I’d have lost a friend,” a dúirt Páidí.

Shuíodar beirt síos chun óráid ‘an chaptaein bhuacaigh’ a dhréachtadh, agus d’aontaíodar go luafaí ann Corca Dhuibhne, muintir Chiarraí agus bainisteoir Chiarraí, Mick O’Dwyer.

Bhí Páidí mar thraenálaí ag Ciarraí Thiar ag an am agus i measc na moltaí eile a bhí ag Diarmuid, dúirt sé gur cheart spreagadh éigin a thabhairt don ‘Private’ Tommy Doyle, fear Ghleann na nGealt a bhí ag imirt do Chiarraí agus Ciarraí Thiar ag an am.

Coicíos ina dhiaidh sin, ba le Páidí agus Ciarraí a bhí an lá i gcluiche ceannais na hÉireann i gcoinne Bhaile Átha Cliath, an seachtú huair ag fear Ard a’ Bhóthair a leithéid de ghaisce a dhéanamh.

I ndiaidh an chluiche, agus é ag iarraidh a shlí a dhéanamh tríd an slua go dtí céimeanna Ardán Uí Ógáin – ‘my toughest battle of the day, through a forest of well-wishers’ – rug duine éigin greim ar a ghualainn.

A chara ó Chúil Aodha a bhí ann, fear cumtha na hóráide a bhí le tabhairt anois aige. Bhí Diarmuid ag obair an lá san do Raidió na Gaeltachta agus nuair a séideadh an fhéadóg dheireanach d’fhág sé an bosca preasa le cinntiú go gcuimhneodh Páidí ar an méid a  bheartaíodar beirt coicíos roimhe sin.

“Bhuel, ‘bhfuil tú ullamh?” arsa Diarmuid.

Dhein Páidí cur síos ina dhírbheatháisnéis ar conas mar a mheabhraigh an Súilleabhánach go gonta dó cérbh iad na príomhphointí a bhí le déanamh aige ach a mbeadh an micreafón ina ghlac aige.

“Grabbed a hold of me, shook me, gave me a quick summary, bang bang, bang! Kerry…Dwyer…West Kerry…Corca Dhuibhne…the Private. Like Martin Luther King. A mhuintir Chiarraí agus a chairde go léir…”

Níor lig Páidí síos a chara, agus tá an óráid a thug sé áirithe i measc na n-óráidí is breátha agus is bríomhaire a chualathas riamh i bPáirc an Chrócaigh, agus cuimhne ag daoine go háirithe ar spleodar na chéad abairte:

“A mhuintir Chiarraí agus a chairde go léir, tá áthas ó chroí orm gur ormsa atá an phribhléid seo i mbliana Sam a thabhairt thar n-ais go dtí an Ríocht agus thar n-ais go dtí an Ghaeltacht…’

Ina dhiaidh sin, dhein Páidí de réir mar a chomhairligh Diarmuid dó agus d’fhógair sé go misniúil gurbh é a chomrádaí Tommy Doyle a ghlacfadh le Corn Sam Mhig Uidhir an bhliain dar gcionn. 

Chun go dtiocfadh an tuar faoin tairngreacht, chaithfeadh Ciarraí Thiar craobh an chontae a bhuachan agus chaithfeadh Ciarraí craobh na hÉireann a bhuachan don triú bliain as a chéile. Ba mar sin a tharla i 1986.

Is cuimhin le Mícheál Ó Sé, iarcheannasaí ar RnaG agus duine de dhlúthchairde Pháidí, an lúcháir agus an bród a bhí ar mhuintir Chiarraí agus iad ag éisteacht lena gcaptaen buacach i bPáirc an Chrócaigh, an chéad duine le Corn Sam Mhic Uidhir a thabhairt thar Dhroichead an Mhuillin siar go dtí’n nGaeltacht.

“Lá dár saol ab ea é. Bhí laochas an domhain orainn; bhíomair chomh mórtasach san go raibh an gaisce seo déanta ag duine de mhórlaochra na caide, fear dár gcuid féin.

“Bhí sé ar aon dul le hóráid Joe Connolly roimhe sin nó ceann Dhara Uí Chinnéide naoi mbliana déag ina dhiaidh. Thug Páidí chomh binn sin í, bhí sé chomh bríomhar líofa sin agus an oiread san fuinnimh ann,” a deir Michéal Ó Sé le Tuairisc.ie.

Ba chara leis chomh maith Diarmuid Ó Súilleabháin agus níor chuir sé lá iontais air nuair a chuala sé an scéal ina dhiaidh sin go raibh baint ag fear Chúil Aodha leis an óráid.

“Bhíodh griothal ar Pháidí i gcónaí roimh chluiche ceannais na hÉireann, agus cuimhnigh gur imir sé i ndeich gcinn acu agus nár scóráladar siúd ar fad a mharcáil sé sna cluichí ceannais san ach aon bháide agus aon phointe amháin.

“Is cuimhin liom Páidí agus bhíodh a chroí tógtha ar fad roimh chluiche ceannais na hÉireann, ach thuig Diarmuid go raibh gnó tábhachtach le déanamh agus dhein sé an bheart. Sin mar a bhí Diarmuid”.

All Ireland Football Final 1985. Kerry captain Paidi O'Se gets congratulated by Kerry Manager Mick O'Dwyer. © INPHO/Billy Stickland
Páidí le hiarbhainisteoir Chiarraí, Mick O’Dwyer i 1985. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Nuair a cailleadh Páidí Ó Sé i Nollaig na bliana 2012, tugadh suntas ar leith d’óráid 1985 san eagarfhocal a breacadh in ómós dó ar nuachtán an Kerryman.

“Páidí Ó Sé’s now iconic speech after the 1985 All-Ireland win over Dublin still fills Kerry hearts with pride. Here was the man from Ard a’ Bhóthair bursting with passion on the steps of the Hogan. His life’s dream now a reality. The pride was etched on his face.”

Ba mhó fós an mórtas a bhí ar Pháidí toisc gur Átha Cliath a bhí cloíte ag Ciarraí an lá sin. Bhí ardmheas agus cion riamh ag Páidí Ó Sé ar mhuintir na hardcathrach, agus dar lena bhean Máire, bhí sé níos mó ar a shuaimhneas i mBaile Átha Cliath ná mar a bhí sé in aon áit eile ar domhan seachas ag baile in Ard a’ Bhóthair i gCeann Trá.

Mar a dúirt an fear féin le Seán Potts in Páidí, The Life of a Gaelic Football Legend:

“The Dubs…love the Dubs. Hickey, Mullins, Hanahoe, Cullen, McCarthy, O’Driscoll. Love their fans, “Howaye, Pawdee, ya bollix. I suppose yiz’ll bate us ou’ the ga’e again dis year.” Don’t know what it is, exactly, that relationship between Dublin and Kerry. Unlike any other. Maybe we’ll meet this summer.”

Fág freagra ar '‘Like Martin Luther King. A mhuintir Chiarraí agus a chairde go léir…’'