Is minic a bhris béal duine a shrón ach ní hamhlaidh an scéal i Stormont

I Stormont is cosúil nach mbíonn ar éinne freagracht a ghlacadh as gníomhartha nó briathra

File photo: Trouble in DUP party

Tá Stormont ina cheap magaidh, gan fios ar ann nó as dó, mórán ar nós an IRA Shealadaigh, ar thug tráchtaire ‘cat Schrodinger’ air; é beo agus marbh ag an am céanna.

In éagmais Airí, tá ‘geatóir’ ag an DUP sa bhFeidhmeannas chun an pobal aontachtach a chosaint ó ‘bhradaíl’ Shinn Féin agus ó ‘fheall’ an SDLP. Mar bharr feabhais ar neamhréalachas na bpoblachtánach, d’fhógair cathaoirleach Shinn Féin sa tuaisceart go raibh an tIRA iompaithe ina ‘fhéileacán’ a d’eitil ar shiúl. Agus tá diancheistiú i ndán do Phríomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton, faoi bhriathra agus gníomhartha.

Slán an tsamhail. Níl sa liosta thuas ach cuid den tseafóid agus den mhaslú a dtugtar díospóireacht pholaitiúil orthu i dTuaisceart Éireann an aimsir seo. Chloisfeá caint níos ciallmhaire i gclós scoile, dar leis an gcoitiantacht. Dá ainneoin sin, tá daoine buartha, ní hamháin faoin éiginnteacht maidir lena bhfuil i ndán do dhílárú cumhachta ach faoin gcol agus drochmheas atá de dhlúth agus d’inneach sa ngéarchéime reatha.

Cheap an DUP gur chleas an-chliste é cinneadh Peter Robinson nach n-éireodh a chuid airí ar fad as an bhFeidhmeannas, go seasfadh sé féin i leataobh ach nach n-éireodh sé as agus go gcoinneofaí Arlene Foster sa bhFeidhmeannas mar Aire Airgeadais agus mar Chéad Aire gníomhach. D’fhógair siad le ríméad go mbeadh Foster ina geatóir. Shíl a lán a chuimhnigh ar Cerberus, geatóir na marbh, nár chiallmhar an mhaise don DUP é a bheith ag meabhrú scannal Cerberus don phobal ó tá líomhaintí go leor déanta faoin bpáirtí agus díol maoine NAMA leis an gcomhlacht Meiriceánach.

Thairis sin, chuir Arlene Foster fearg ar Shinn Féin agus an SDLP nuair a thug sí soileiriú maslach ar a ról mar gheatóir. Dúirt sí ar BBC go raibh sí fágtha sa bhFeidhmeannas chun a chinntiú nach ndeanfadh Aire bradach ó Shinn Féin nó Aire fealltach ón SDLP aon damáiste don phobal aontachtach. Ba léir nar chreid an tAire Foster go raibh sí ag déileáil le hAirí comhionann léi féin.

Is dliodóir í Foster agus nuair a ceistíodh í lá arna mhárach, dúirt sí gur roghnaigh sí na focail go cúramach agus in aon turas. Gan dabht, bhí sí ag cuimhniú ar an uair a chuir Martin McGuinness deireadh le scrúdú an 11+ agus é ar tí oifig a fhágáil nó cinntí faoi phleanáil a rinne Mark H. Durkan nár fheil don DUP, ach ní shin a dúirt sí.

B’fhacthas do leor gur nocht sí an col le roinnt na cumhachta atá forleathan sa DUP agus nár shuim léi a dualgas i leith an daonra go léir, murab ionann agus an pobal aontachtach amháin.

Ba í an chéad chleas eile ón DUP a chuirfeadh na cait ag gáirí. D’fhógair Robinson go n-ainmneofaí an athuair na hAirí a d’éirigh as agus ansin go n-éireoidís as arís agus ar aghaidh leo mar sin go bhfaigheadh an DUP cead a gcinn. Tá na hAirí imithe ach níl siad imithe! Seift chun a chinntiú nach bhfaigheadh náisiúnaithe greim ar aireachtaí sa bhreis is ea é, a dúirt Robinson. Go praicticiuil, tá sé ag seachaint cáineadh an UUP faoi naisiúnaithe a fhágáil i gcumhacht – ach arís eile léiríonn sé dearcadh i leith náisiúnaithe nach bhfuil i bhfoisceacht scread asail do chothromaíocht measa.

Tá gach ceart ag páirtithe daonlathacha a bheith neamhghéilliúil faoi phrionsabail an daonlathais agus diúltú do phairtí a bhaineann leas as foreigéan. Sin ceart doshéanta. An bhfuil Sinn Féin in ann a dhul i ngleic leis na fadhbanna a chothaigh dúnmharú Kevin McGuigan? Ní léir, go fóill. Thug gaileamaisíocht na n-aontachtach seans do Shinn Féin a mhaíomh go bhfuil drochíde á tabhairt orthusan agus thug sé deis dóíbh cruacheisteanna a sheachaint.

Nuair a labhair Bobby Storey, (scaoilte saor ag an PSNI, gan chúiseamh) faoin IRA a bheith mar fhéileacán, dúirt sé freisin gur naimhde do Shinn Féin chomh maith le próiseas na síochána iad na dúnmharfóirí. Más fíor sin, ba cheart go bhfáilteodh Sinn Féin roimh chomhphlean chun gach rian den pharaimíleatachas a ghlanadh as an tír uilig.

Ba é fógra an PSNI gurb é a bhreithiúnas go raibh baint ag baill den IRA le dúnmharú Kevin McGuigan a bhain creathadh as Stormont. Ach cuireadh an lasair sa bharrach nuair a gabhadh Bobby Storey an mhaidin a raibh cainteanna ollphairtí le tosú. Déanfar diancheistiu ar an bPríomh-Chonstabla faoi thráthúlacht agus faoi bhainistiú an fhiosraithe, gan trácht ar mhaíomh Peter Robinson gur thug sé rabhadh roimh ré go raibh a leithéid de ghabháil ar na bacáin.

Bhí blas den tseanaimsir agus foinsí a bheith ag an DUP sna póilíní ar an maíomh sin agus ní he leas an PSNI é. Éileofar freagraí agus freagracht ó Bhord na bPóilíní, rud nach dtarlaíonn i Stormont.

Fág freagra ar 'Is minic a bhris béal duine a shrón ach ní hamhlaidh an scéal i Stormont'

  • Séamas Mac Coitir

    De réir cosúlachta, beidh sé deacair na bearta crua i dTuaisceart Éireann, a réiteach. Pé scéal é, deirtear go dtagann gach maith le cairde, agus grásta le foidhne! Is fearr mall cinnte, ná luath lochtach! Feicimid Linn!