Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agaibh le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Cathal Mac Coille, Mártan Ó Ciardha, Seosamh Ó Cuaig, John Allen, agus Alex Hijmans i mbun pinn againn. 

Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar FacebookTwitter. Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!

 

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

Cartún-antain-cropped-770x385

Deachtóireacht teanga – níor cheart do mhúinteoirí Gaeilge dearmad a dhéanamh ar na seanmhodhanna

GAA Football All Ireland Senior Championship Final, Croke Park, Dublin 20/9/2015 Kerry vs Dublin Dublin's Bernard Brogan and Alan Brogan celebrate with the Sam Maguire trophy after the game  Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne


A mbua tuillte ag fir na hArdchathrach

ColáisteNaTrioblóide-770x385
Amú san aistriúchán…(32)

NUIG_DSC00304-770x4492-770x449
Saineolaithe na hEorpa ar nuachainteoirí in OÉG an tseachtain seo

Seamus_Heaney-770x385
‘Whatever you say, say nothing’ fós i réim i mBéal Feirste

 

A ndúirt siad…


Nuair is tréine a bhí ceol Catalónach an disco ag dul go fraitheacha domhain san oíche, casadh dlúthdhiosca a raibh John Beag na nAncairí air agus é ag cur ‘Amhrán Sheáin Uí Mhainnín’ amach dá chroí. Chuaigh cuallacht Chonamara as a gcranna cumhachta ar fad ar a chloisteáil sin dóibh.”


Seosamh Ó Cuaig

 

Níl aon phobal teanga ar chlár na cruinne níos terrifiant ná na Francaigh. Molfaidh muintir na Gaeltachta an créatúr a dtig leis an t-am den lá a insint (“An gcluin tú sin? A dó a chlog, a deir sé. Arú, tá Gaeilge níos fearr aige ná mar atá againn féin.”)


Antain Mac Lochlainn

 

Ní airgead stáit a íocann as na hailt a léann tú ar mhórchuid na suíomhanna nuachta a dtugann tú cuairt orthu uair nó dhó sa lá. Agus má leanann tú ort ag baint úsáide as aip a chuireann bac ar fhógraí, seans nach mbeidh na suíomhanna sin ann i bhfad eile.


Alex Hijmans

 

Cé a chuirfeadh ina choinne dá n-éileofaí tiomantas do riail an dlí ar gach páirtí i Stormont? Ní mór an ní é sin i ndaonlathas ar bith


Póilín Ní Chiaráin

 

Tá scéim fógartha ag an rialtas faoina gcaithfear €30m ar athnuachan bhailte tuaithe. Is léir do chách an phríomhaidhm.


Cathal Mac Coille

 

B’shin an phríomhuirlís dhiagnóiseach a bhíodh ag mo mháthair, cuimhním. ‘Gabh i leith anseo go bpógfaidh mé do bhaithis,’ a déarfadh sí, ba chuma dá ndéarfá gur pian a bhí i do bholg nó go ndéarfá go raibh dhá adharc fásta amach as taobhanna do chloigne in imeacht na hoíche.”


Bridget Bhreathnach


Sin é ár gcion-na an babhta seo.

Kevin Hickey 

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas)'