Tá an t-ádh leat go n-íocann an Stát as mórchuid na bhfocal sa cholún seo…

Is féidir leat fáil réidh leis na fógraí ar an idirlíon ach aip a íoslódáil a chuireann bac orthu. Iontach! Ach cé a íocfas na hiriseoirí a scríobhann an t-ábhar a léann tú?

maxresdefault

‘Tá aip agat a chuireann bac ar fhógraí. Ná cuir bac ar scothiriseoireacht.’

Sin an teachtaireacht a chonaic daoine a thug cuairt ar shuíomh idirlín The Washington Post an tseachtain seo caite agus a raibh aip a chuireann bac ar fhógraí (adblocker) in úsáid acu ar a nguthán póca, ar a dtaibléad nó a ríomhaire.

Déanann teachtaireacht an nuachtáin Mheiriceánaigh achoimre den scoth ar an mbagairt is déanaí atá roimh an iriseoireacht i gcoitinne: aipeanna a chuireann ar chumas an léitheora (nó an lucht féachana agus éisteachta) fáil réidh leis na fógraí a íocann pá an iriseora.

Bhí a leithéid ar fáil le tamall anuas, ach ó chuir Apple córas oibriúchán nua iOS9 amach don iPhone agus don iPad an tseachtain seo caite, córas a chuireann ar chumas lucht úsáidte na ngléasanna sin aipeanna a choscann fógraí a úsáid, is léir go bhfuil an fógra idirlín traidisiúnta ar an dé deiridh.

Seans nach bhfeiceann tú féin na fógraí atá in aice leis an téacs seo toisc go bhfuil aip a chuireann bac ar fhógraí in úsáid agat. Tá an t-ádh leat, mar sin, go n-íocann Foras na Gaeilge agus an saoránach as mórchuid na bhfocal seo. Ach ní airgead stáit a íocann as na hailt a léann tú ar mhórchuid na suíomhanna nuachta a dtugann tú cuairt orthu uair nó dhó sa lá.

Agus má leanann tú ort ag baint úsáide as aip a chuireann bac ar fhógraí, seans nach mbeidh na suíomhanna sin ann i bhfad eile.

Is cosúil gur tháinig aithreachas ar fhorbraitheoir bogearraí amháin an tseachtain seo faoin aip a bhí cruthaithe aige a chuir bac ar fhógraí. Bhí cúpla lá caite ag barr na gcairteanna díolacháin san Apple App Store ag an aip ‘Peace’, ach an deireadh seachtaine seo shocraigh forbaitheoir na haipe sin a tháirge a tharraingt siar toisc gur mheas sé go mbeadh fógróirí ‘nach raibh a leithéid tuillte acu’ ag fulaingt de bharr a aipe.

Ar ndóigh, ní inniu ná inné a thosaigh cruachás na hiriseoireachta.

Fadó, fadó bhí daoine sásta íoc as nuachtán clóite ag seastán nuachta. Bhí fógraí sa nuachtán sin ach níor chuireadar isteach ar éinne; níor ghá duit féachaint orthu munar theastaigh uait. Ansin tháinig an t-idirlíon, agus shocraigh eagrais nuachta an domhain a dtáirge a thabhairt amach saor in aisce ar líne, ag súil go ndéanfaidís brabús ollmhór ar fhógraíocht. Droch-chinneadh má bhí droch-chinneach riamh ann: samhlaigh go dtabharfadh bácús amach an t-arán saor in aisce ag súil go meallfaí slua isteach a cheannódh milseáin.

Ach is deacair nós a athrú, agus roimh i bhfad, ghlac an saol agus a mháthair leis go mbíonn an ‘nuacht’ saor in aisce. Saor in aisce go pointe: bhí ar an léitheoir cur suas le bratacha ag barr an leathanaigh agus le boscaí a léim aníos i lár an téacs ar theastaigh uathu rudaí a dhíol leis agus a chuir moill ar an lódáil. Níor éirigh le gach eagras nuachta maireachtáil sa ré nua seo; is iomaí nuachtán a d’éag dá bharr.

Tá cor eile i scéal hiriseoireachta anois. Muna n-aimsítear bealaí nua chun airgead a thuilleamh as nuacht – agus muna n-éiríonn le heagrais nuachta a chur ina luí ar an bpobal nach féidir le nuacht neamh-státurraithe a bheith saor in aisce – beidh titim mhór ar chaighdeán agus soláthar araon.

Deirtear faoi scríbhneoirí cruthaitheacha go gcuirfidh siad peann le pár in uireasa pá; ní dóigh liom gur féidir an rud céanna a rá faoi iriseoirí.

Fág freagra ar 'Tá an t-ádh leat go n-íocann an Stát as mórchuid na bhfocal sa cholún seo…'

  • Eoghan ONeill

    Tá’n ceart agat, tá muid i dtaithí ar an nóisean go bhfuil saothar na hiriseoireachta saor in aisce ar an idirlíon. Tá tábhacht mhór go mbeadh fáil ag an pobal ar fhíor-scéalta bainteach leis an eacnamaíocht, sláinte, eolaíocht, timpeallacht, saol sóisialta, polaitíocht srl. Is le haghaidh leas an phobail a bhfuil saothar iriseoirí fiosracha agus caithfear a luach a íoch leo ar dhóigh amháin nó dóigh eile!