‘Tá pian i mo bholg!’ a bhéic Beainín na Naíonáin. Cad á dhéanfaidís ar Gray’s Anatomy?

An phríomhuirlís dhiagnóiseach a bhíodh ag mo mháthair ná ‘Gabh i leith anseo go bpógfaidh mé do bhaithis’

Ricard Canals (1903)
Ricard Canals (1903)

‘Tá pian i mo bholg!’ a bhéic Beainín na Naíonáin Bheaga amach ón leaba an mhaidin cheana agus thosaigh ag deargchaoineadh go truamhéalach, cráite.

Ní raibh caoineadh péine dá leithéid cloiste agam ó bhí mé ag an mbunscoil nuair a chuir duine de na leaids sa rang críán suas ina shrón agus go raibh ar an múinteoir é a bhaint anuas le biorán cniotála. Is dócha nach é go raibh ar an múinteoir an críán a bhaint anuas leis an mbiorán ach b’shin an cur chuige a roghnaigh sí. Múineann gá seift, is dóigh.

Thriail mé cuimhneamh ar mo chuid saineolas leighis, formhór de atá caite le chéile agam ó chlárachaí Gray’s Anatomy agus leathanach leighis na hirise Woman’s Way.

Is dócha gurb í an fhadhb ná go bhfuil líon teoranta uirlísí diagnóiseacha ar fáil don ghnáthdhuine agus tá líon mór leithscéaltaí ann le fanacht sa mbaile ón scoil. Nuair a chuaigh mé chuig an meánscoil, cuimhním gurb í an cheist a chuirfeadh an feighlí ort dá ndéarfá go raibh pian i do bholg ná ‘did you move your bowels today?’.

Ní raibh a fhios agam riamh cén fáth a mbíodh sí ag cur ceiste faoi bhabhlaí ná cén bhaint a bhí acu le mo bholg. Shocróinn i gcónaí ar an bhfreagra sábháilte, mar a mheas mé é, is déarfainn nach raibh aon eolas agam ar na babhlaí ná cé a chorraigh iad.

An mhaidin cheana, chuaigh mé i muinín na leabhar. Bhí cóip de When Your Child Is Ill ar an tseilf agam. Fuair mé leathanach na bpianta boilge is thosaigh mé ar na ceisteanna. ‘Pian boilge gan teocht ard, téigh ar chlé, ‘pian boilge agus teocht ard,’ téigh ar dheis, agus lean mé orm síos an leathanach mar sin. Ag an deireadh, mhol an leabhar dom ceist a chur ar mo dhochtúir. Ceapaim go mb’fhéidir go bhfuil patrún tugtha faoi deara agam sa chomhairle a chuirtear ar fáil sna leabhair seo.

Chuaigh mé i muinín na seanbhealaí traidisiúnta. Phóg mé a baithis.

B’shin an phríomhuirlís dhiagnóiseach a bhíodh ag mo mháthair, cuimhním. ‘Gabh i leith anseo go bpógfaidh mé do bhaithis,’ a déarfadh sí, ba chuma dá ndéarfá gur pian a bhí i do bholg nó go ndéarfá go raibh dhá adharc fásta amach as taobhanna do chloigne in imeacht na hoíche. 

Níl a fhios agam cén critéar measúnaithe a bhí aici, ach bhíodh an toradh céanna ar an bpóg i gcónaí. ‘Faigh do mhála,’ a déarfadh sí, ‘tá tú in ann a ghabháil ag an scoil.’

Fág freagra ar '‘Tá pian i mo bholg!’ a bhéic Beainín na Naíonáin. Cad á dhéanfaidís ar Gray’s Anatomy?'