Is é an fíorchomhartha go bhfuil an samhradh tagtha ná nuair a fhaighim mo chéad bhlas de thrátaí milse na hÉireann. Tá siad ar cheann de na pléisiúir is simplí sa saol agus ar cheann de na comhábhair is fearr liom i rith an tsamhraidh.
Cuireann a mboladh sainiúil i gcuimhne dom na laethanta a chaith mé le m’athair sa teach gloine agus mé i mo pháiste. Ba ghnách leis scéalta a insint dom faoin gcaoi a soláthraíodh sé féin agus mo dhaideo a gcuid trátaí do bhialanna agus d’óstáin áitiúla, chomh maith le custaiméirí Mhargadh na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine.
Tá trátaí thar a bheith ilúsáideach agus is féidir taitneamh a bhaint astu ar bhealaí éagsúla. Inniu, tá cinneadh déanta agam trátaí atá breá aibí a chur le gliomach Chonamara; comhábhar eile atá flúirseach ag an am seo den bhliain.
Is minic a fheicim go mbíonn faitíos ar dhaoine roimh an ngliomach, agus tuigim cén fáth. Tá roinnt oibre i gceist lena ullmhú agus meastar gur bia costasach é. Mar a dúirt Darina Allen ina leabhar Forgotten Skills of Cooking: ‘The best place to eat lobster is at home.’ Aontaím léi.
Nuair a cheannaítear gliomach ón gceannaí éisc ní bhíonn sé chomh costasach agus a bhíonn sé ar bhiachlár bialainne. Go hiondúil, bíonn sé thart ar aon cheathrú den phraghas a d’íocfá i mbialann. Don chaighdeán atá ann, measaim féin go bhfuil sé réasúnta. Bhí meáchan 500g sa ngliomach a d’úsáid mé don oideas seo agus chosain sé €14, praghas atá sách maith le ceathrar a bheathú.
Ceann de na rudaí is tábhachtaí don oideas seo, agus do thrátaí go ginearálta, ná iad a thabhairt go teocht an tseomra sula n-ullmhaítear iad. Chomh maith leis sin, is maith liom na trátaí a bhlaistiú thart ar 15 nóiméad sula n-itear iad. Tugann sé sin deis don salann dul isteach sa tráta i gceart, neartaíonn sé na blasanna agus na bolaithe, agus cruthóidh an sú a sceitheann amach cuid den anlann dúinn.
Beidh an mhias seo ar fáil i Daróg i rith an tsamhraidh ar fad.
OIDEAS
Comhábhair:
* 1 500g gliomach beo agus úr
* 4 tráta aibí
* 1 seallóid
* 1 spúnóg bhoird d’ola olóige.
* 1 spúnóg bhoird de fhínéagar Chardonnay
* 1 taespúnóg d’ola sillí
Modh:
Gearr na trátaí ina bpíosaí timpeall orlach ar mhéid agus cuir i mbabhla iad. Cuir salann mara, an fínéagar, an ola olóige agus an ola sillí leo.
Tabhair pota d’uisce saillte chun fiuchta.
Sáigh scian trí lár cheann an ghliomaigh agus cuir san uisce fiuchta é ar feadh 5 nóiméad. Tóg amach é agus lig dó fuarú ar feadh cúpla nóiméad.
Ag baint úsáid as siosúr láidir, gearr taobh íochtair eireaball an ghliomaigh agus bain an fheoil as an mblaosc.
Cuir an crúb i dtuáille agus bris é le bun pota. Bain an fheoil chócaráilte agus an teannán amach.
Gearr an gliomach ina phíosaí atá thart ar an méid céanna leis na trátaí agus cuir leis an mbabhla iad. Slisnigh an tseallóid agus tabhair meascadh deireanach do gach rud.
Blais é agus leasaigh an séasúrú mar is fearr leat féin.
Cuir ar phláta é agus bain taitneamh as.
Mhaisigh mé mo shailéad le bláthanna ón gcrann troim sa ngairdín. Is cócaire gairmiúil agus cainteoir Gaeilge ó dhúchas é Stiofán Ó Féinne as an Spidéal i gConamara. Bhain sé céim amach as clár cócaireachta Óstán an Savoy, Londain in 2019 agus tá sé ag obair faoi láthair i nDaróg, i gCathair na Gaillimhe.
Kevin
Is maith an t-anlann an tseallóid!