‘Whatever you say, say nothing’ fós i réim i mBéal Feirste

Cé chomh fada is a chaithfear fanacht go gcothófar dóthain muiníne sa pholaitíocht i measc an phobail go nochtfar a ndílseachtaí, a gcúl le cine nó a bhfealsúnacht gan scáth gan eagla?

Seamus_Heaney

Ó mhaidin go hoíche, seacht lá na seachtaine bíonn muintir Bhéal Feirste ag spaisteoireacht, ag rith nó ag rothaíocht ar an gcosán tarraingthe cois Lagáin. Bealach álainn aon mhíle dhéag ar fhad is ea é, cois abhann agus canálach, idir an Sruthán Milis i ndeisceart na cathrach agus Lios na gCearrbhach. Tógáil croí é an taobh tíre; móinéar, bogach agus coillte faoi ordú cosanta, fiadhúlra iolrach agus comhluadar cuideachtúil.

Whatever You Say, Say NothingBeannaíonn daoine dá chéile ar an gcosán agus de réir mar a théann siúlóirí rialta i dtaithí ar a chéile, roinntear seanchas agus eolas. Tá oiliúint le fáil ó dhaoine a bhfuil saineolas acu ar an iora liath atá flúirseach sa cheantar anois, ar an bhail atá ar na beacha, an meas nár aibigh ar sceacha i mbliana cheal gréine, nó míle ábhar eile. Roinntear scéalta pearsanta. Insíonn duine faoin mbriseadh croí nuair a fhaigheann gadhar bás, duine eile faoi bhás a fir nó is breá le pinsinéir áirithe scéalta a aithris faoin gceithre ghlúin dá mhuintir a ritheann idir deich agus scór míle sa ló.

Ar an aimsir seo, mar sin, shílfeá go mbeadh go leor cainte ar bhruach na habhann faoin bpraiseach i Stormont. Bheadh dul amú ort. Nuair a scríobh Séamus Heaney a dhán cáiliúil Whatever You Say, Say Nothing, bhí an tost sothuigthe; le linn na dTrioblóidí ba chontúirteach an rud é a bheith béalscaoilte. Is iomaí íobartach a fágadh sínte ar thaobh an bhóthair, piléir i gcúl a chinn mar gur chinn dream féincheaptha go raibh cead acu é a mharú toisc nach raibh glas ar a theanga; is iomaí duine eile a ruaigeadh nó ar déanadh imeaglú air.

Ní shílim go bhfuil faitíos ar dhaoine anois go marófaí iad faoi labhairt go neamhbalbh nó ‘thar a gceart’, ach is comhartha sóirt ar an tsochaí fós é an dúnárasacht. Má chuireann iriseoir le micreafón ceist ar dhaoine ar an tsráid, freagróidh cuid mhór acu go hoscailte é. Gníomh poiblí is ea é sin, is san eadarphlé príobháideach, ag dinnéar nó ar shiúlóid a chloistear an nath seachantach.

Cáiréis is ea é, a bheag nó a mhór, faoi smaointe príobháideacha a roinnt le daoine nach bhfuil ach aithne shóisialta agat orthu. Bíonn blas d’amhras agus d’imní na seanaimsire ar dhaoine fós, áfach, agus éiginnteacht faoina bhfuil i ndán dóibh. Is furast a thuiscint go raibh an tráma a d’fhulaing daoine chomh holc sin gur deacair talamh slán a dhéanamh de gur ribín réidh an saol feasta.

Tá dalladh lochtanna ar na polaiteoirí i Stormont gan dabht. Níl neart acu ar chuid acu; na fadhbanna sin nach bhfuil leigheas orthu ach aimsir – agus díchuimhne, seans. Is féidir an milleán a chur orthu, áfach, faoin atmaisféar a chinntíonn nach bhfuil dóthain muiníne ag daoine chun gnáthchomhráite a bheith acu faoi pholaitíocht. Níl drogall ar mo lucht aitheantais ar an gcosán labhairt faoi ghéarchéim na dteifeach; tá siad ann a éilíonn gníomh carthanach, coinsiasach chun dídean a sholáthar ach nochtann roinnt a mhalairt de thuairim.

Nuair a tharraingítear anuas an pholaitíocht logánta, áfach, is beag nach ndéantar aithris, focal ar fhocal ar dhán Heaney, ‘tá siad ar fad chomh holc lena chéile’.

Freagra róshimplí, seachaint breithiúnais nó freagracht as breithiúnas. Léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil an pobal chun tosaigh ar na polaiteoirí i dtaca le ceisteanna sóisialta agus cearta an duine aonair. Is cosúil gur fusa na tuairimí sin a nochtadh le glór ar ghuthán ná iad a chíoradh i ngnáthchomhrá. Is maith ann na hathruithe a léirítear sna suirbhéanna ach cé chomh fada is a chaithfear fanacht go gcothófar dóthain muiníne sa pholaitíocht i measc an phobail go nochtfar a ndílseachtaí, a gcúl le cine nó a bhfealsúnacht gan scáth gan eagla?

Fág freagra ar '‘Whatever you say, say nothing’ fós i réim i mBéal Feirste'

  • Fearn

    Castar na daoine ar a chéile, ach ní chastar na sléibhte ná na gleannta!

  • Concubhar

    Is cosúil nach dtaobhaíonn scríobhnóír an ailt seo na meáín soisialta….tá go leor á rá ansan faoin gcacamas ar an gcnoc….