Saineolaithe na hEorpa ar nuachainteoirí in OÉG an tseachtain seo

Labhróidh nuachainteoirí Gaeilge as áiteanna éagsúla in Éirinn agus cainteoir amháin ón nGaeltacht faoina gcúlra teanga agus a dtaithí ar shealbhú na teanga

NUIG_DSC00304-770x449

Tiocfaidh scata mór saineolaithe ón Eoraip le chéile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo chun plé a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le ‘nuachainteoirí’ i dteangacha éagsúla, an Ghaeilge ina measc.

Is í Roinn na Gaeilge i Scoil na dTeangacha atá ag eagrú na hócáide faoi choimirce COST (an Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht), agus is príomh-chomhpháirtí sa tionscadal é an Dr John Walsh, Ceann Roinn na Gaeilge.

“Tagraíonn nuachainteoirí dóibh siúd atá ina gcainteoirí rialta agus líofa i dteanga seachas a ‘gcéad’ teanga nó a dteanga ‘dhúchais’”, a mhínigh an Dr Walsh. “Go stairiúil, i réimse na teangeolaíochta agus i ndisciplíní gaolmhara eile, tugadh tús áite don ‘chainteoir dúchais’ agus rinneadh cainteoirí eile a imeallú. Díríonn an gréasán seo ar dhaoine ilteangacha agus scrúdaíonn sé conas mar a dhéantar ‘nuachainteoirí’ de dhaoine i dteangacha éagsúla”, ar seisean.

Go dtí seo, díríodh ar nuachainteoirí teangacha mionlaigh, dála na Gaeilge agus na Bascaise. Féachadh, leis, ar nuachainteoirí mar inimircigh agus mar oibrithe trasnáisiúnta. Sa dara céim den taighde, scrúdófar gnéithe eile den cheist, mar atá, cumas ilteangach daoine, polasaithe teanga agus na ceisteanna a mbíonn tionchar acu ar chinneadh duine teanga faoi leith a fhoghlaim.

Labhróidh triúr nuachainteoirí Gaeilge as áiteanna éagsúla in Éirinn agus cainteoir amháin ón nGaeltacht faoina gcúlra teanga, a dtaithí ar fhoghlaim na Gaeilge agus an Bhéarla; a gcaidreamh le cainteoirí Gaeilge eile agus a gcuid smaointe ar an bhféiniúlacht agus ar an muintearas.

Beidh an ócáid ar siúl san Aula Maxima ag 4.30pm Déardaoin, an 24 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Saineolaithe na hEorpa ar nuachainteoirí in OÉG an tseachtain seo'