Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta go bhfuil na chéad chéimeanna eile á dtabhairt ag a roinn maidir le hullmhú plean teanga do Chathair Chorcaí, ocht mbliana ó cuireadh tús leis an obair.
Tá Cathair Chorcaí aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin reachtaíocht agus cé go bhfuil plean teanga le cur i bhfeidhm sa gcathair, níl aon radharc go fóill air.
Mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Thomas Gould, dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary gur tugadh €20,000 don eagraíocht Gael-Taca i mí Aibreáin 2018 chun plean teanga do Chathair Chorcaí a ullmhú ach nár cuireadh plean “ar chaighdeán cuí” ar fáil.
Dúirt an tAire Calleary go bhfuil oifigigh i Roinn na Gaeltachta anois ag déanamh a machnaimh ar na chéad chéimeanna eile maidir le hullmhú plean don chathair agus go raibh súil aige go mbeadh cinneadh déanta go luath.
D’ullmhaigh Gael-Taca dréachtphlean teanga do Chathair Chorcaí ar dtús in 2019 agus cuireadh plean eile faoi bhráid an Fhorais in 2024.
Dúirt Cathaoirleach Ghael-Taca, Seán Ó Laoi, le Tuairisc gur cuireadh dréachtphlean teanga “cuimsitheach” faoi bhráid Fhoras na Gaeilge in 2024.
Dúirt Ó Laoi nár chualathas tada ó Fhoras na Gaeilge ná ón Roinn ó shin i leith, áfach, rud a chuir díomá air, a dúirt sé.
Dúirt Seán Ó Laoi go raibh Gael-Taca fós ag obair ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn i gCathair Chorcaí in ainneoin go bhfuil deireadh curtha leis an maoiniú a bhíodh á fháil ag an eagraíocht ó Roinn na Gaeltachta.
D’fhógair Roinn na Gaeltachta cúpla bliain ó shin go raibh deireadh curtha leis an maoiniú a chuirtí ar fáil do Ghael-Taca.
Dúirt an t-iar-aire Stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan sa Dáil go raibh “ceisteanna suntasacha” tagtha chun cinn sna blianta roimhe sin maidir le rialachas san eagraíocht.
Dúradh gur cinneadh in 2020 stop a chur leis an maoiniú rialta a chuirtí ar fáil agus gur íocadh beagnach €70,000 le Gael-Taca sa tréimhse 2022-2023 chun fiacha a ghlanadh agus chun billí a íoc.
Ba in 1987 a bunaíodh Gael-Taca ar dtús chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Chorcaí.
Aithníodh sé cinn déag de bhailte ar fud na tíre mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga, Cathair Chorcaí ina measc.
Tá pleananna teanga faofa agus á gcur i bhfeidhm i ndeich gcinn acu i láthair na huaire – Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, cathair na Gaillimhe, an Clochán Liath, Trá Lí, Caisleán an Bharraigh, Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, an Clochán agus Baile an Róba.
Deir an tAire go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas chun pleananna a ullmhú do Chathair Chorcaí agus do Bhéal an Mhuirthead.
Tá ceanneagraíochtaí á lorg freisin ag Foras na Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú don cheithre bhaile eile – baile Dhún na nGall, Maigh Chromtha, Baile Átha Buí agus an Uaimh.
Tugtar €20,000 do cheanneagraíochtaí chun pleananna a ullmhú agus cuirtear €96,000 sa bhliain ar fáil ar feadh seacht mbliana ar fáil chun tacú lena gcur i bhfeidhm.
Mícheál Ó Ruairc
Má’s mall is mithid.