Deachtóireacht teanga – níor cheart do mhúinteoirí Gaeilge dearmad a dhéanamh ar na seanmhodhanna

Molann ár gcolúnaí filleadh ar sheanmhodhanna teagaisc atá imithe as faisean ach a bhfuil feidhm leo i gcónaí

 

Cartún antain cropped

Dá mbeinn i m’aire oideachais, dhéanfainn reacht: go mbeadh orthu sin a bhíonn ag plé le teagasc teangacha tabhairt faoi theanga nua a fhoghlaim go tráthrialta. Ag triall ar an chéad rang dúinn, bhraithfimis féin an míshuaimhneas a bhíonn ar dhaoine agus iad ag dul i ngleic le teanga nua, an frustrachas a bhíonn orthu ag iarraidh iad féin a chur in iúl le stór focal atá chomh lom le siopa Sóivéadach, an síorfhaitíos nach comhrá a bhainfidh siad as daoine eile, ach rachtanna gáire.

Tharla go raibh mé féin i rang in Nice na Fraince le gairid. Níl aon phobal teanga ar chlár na cruinne níos terrifiant ná na Francaigh. Molfaidh muintir na Gaeltachta an créatúr a dtig leis an t-am den lá a insint (“An gcluin tú sin? A dó a chlog, a deir sé. Arú, tá Gaeilge níos fearr aige ná mar atá againn féin.”) Tá na Francaigh ar a mhalairt de dhóigh – labhair mar a labhraíonn siadsan nó bí i do thost. Ar scor ar bith, bhí difear lá agus oíche idir an rang áirithe seo agus ranganna beaga Fraincise a rinne mé go dtí seo. Bhí an múinteoir an-cheanúil ar dhá mhodh teagaisc a díbríodh, nach mór, as seomraí ranga in Éirinn ach a bhfuiltear ag cur spéis iontu an athuair.

Deachtú an chéad mhodh díobh. Is ea, fiú an t-ainm, mhúsclódh sé seanchuimhní den mhúinteoir uilechumhachtach, uilefheasach ina sheasamh ag barr an tseomra agus sruth cainte aige ar nós Mussolini ag caint leis an slua ó bhalcóin. Luaigh mé na ceachtanna seo le cara de mo chuid, a bhíonn ag múineadh daoine fásta. Magadh a rinne sí faoina leithéid de sheanaimsearthacht: “Agus an raibh oraibh a chuid cainte a bhreacadh síos ar sclátaí?” Gan amhras, is cleachtadh atá ann ar cheart a bheith spárálach leis, ach ní heol dom bealach níos éifeachtaí chun an gaol idir fuaimeanna teanga agus an litriú a léiriú. Dá mbeadh sé níos coitianta i seomraí ranga Gaeilge, b’fhéidir go dtuigfí nach ar mhaithe leis an leathanach a mhaisiú atá an síneadh fada ann.

Abair ‘ceacht aistriúcháin’ i seomra foirne múinteoirí a oileadh sa chur chuige cumarsáideach agus beidh an t-ádh ort éalú le do bheo. Spreagtar pictiúr inár n-aigne de dhaltaí bochta i scoileanna cónaithe ag treabhadh trí dhíolaimí Laidine nó ag streachailt le ‘fadhb-abairtí’ a ceapadh chun tuisle a bhaint astu. (Sampla a chonaic mé le déanaí: It appears fifteen large boxes were carried in the taxis but the thirteen small ones are still missing.)

Dar liom gur cleachtadh ar fónamh atá san aistriúchán ach na habairtí a bheith gairid, simplí, nádúrtha. Féadann sé a bheith chomh hidirghníomhach le cleachtadh ar bith eile, ach cur chuige mar is ceart. Iarr ar lucht an ranga Two people were arrested a aistriú. Beidh deis ansin an difear a léiriú idir ‘bhí beirt gafa’ agus ‘gabhadh beirt’. Cén locht atá ar an chéad leagan, nó cén fáth a mbíonn a leithéid chomh coitianta is atá? An dtig tuilleadh samplaí a sholáthar?

Ach oiread le réimse saoil ar bith eile, tagann modhanna teagaisc i bhfaisean agus imíonn modhanna eile. Is é an dúshlán ná na modhanna is éifeachtaí a aithint.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Deachtóireacht teanga – níor cheart do mhúinteoirí Gaeilge dearmad a dhéanamh ar na seanmhodhanna'

  • Seán

    ‘Fuair siad geallta’

  • Pádraic

    ‘Níl muid ag iarraidh an Bille a bheith pléite sa Dáil’ atá in alt eile ar an suíomh seo nuair is cirte ‘Níl muid ag iarraidh go bpléifí an Bille sa Dáil’.

  • L Ó Laoire

    Bhí dúil agam sa deachtú riamh. Thriail mé cúpla uair é ó thosaigh mé féin ar mhúinteoireacht, ach níor éirigh rómhaith leis.

  • Seán Mór

    Cé go n-úsáidim féin an cur chuige cumarsáideach, níor chaith mise na seanmhodhanna ar leataobh riamh, agus is minic iad níos éifeachtaí. Rud eile, an fhoghlaim de ghlanmheabhair, modh iontach éifeachtach. Nuair a fhoghlaimíonn tú rud de ghlanmheabhair, thig leat a bheith níos cruthaithí leis ina dhiaidh sin. Is féidir an dá thrá a fhreastal sa chás seo. Alt maith eile.

  • Colm de Faoite

    Tá sé thar am rudaí áirithe a rá os ard fiú agus póilíní modhanna múinte ag éisteacht. Bíonn tairbhe le baint as aistriúchán agus as rudaí a cur de ghlanmheabhair.