Tá siad ag caint, slán an tsamhail!

Cé a chuirfeadh ina choinne dá n-éileofaí tiomantas do riail an dlí ar gach páirtí i Stormont? Ní mór an ní é sin i ndaonlathas ar bith

File Photo The North's First Minister Peter Robinson stepped aside as the Executive teeterson collapse. 03/10/2014. North South Ministerial Council. (ltoR) Sinn Feins Deputy First Minister Martin McGuinness, Unionist Party First Minister Peter Robinson speaking to the media at the North - South Ministerial Council meeting at Dublin Castle this morning. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá siad ag caint, slán an tsamhail! Tar éis seachtainí de gheáitsíocht, siúl amach, diúltú a bheith in aon seomra lena chéile agus milleánú, níor shiúil éinne de lucht na bpáirtithe ó thuaidh amach as na cainteanna ollpháirtí i Stormont ar an Luan.

Ní raibh éinne ag déanamh talamh slán de go dtiocfadh na cúig pháirtí agus an dá rialtas ar bhealach imeachta a chinnteodh go mbeadh an pholaitíocht dhíláraithe inmharthanach ach ba chosúil go ndéanfaí iarracht. Meastar go mairfidh an idirbheartaíocht ar feadh míosa nó sé seachtaine. Tá réiteach indéanta mura dtiocfaidh leas na bpáirtithe salach ar an leas coiteann.

Ní háibhéil é a rá go raibh an caidreamh idir na páirtithe roimh thús na gcainteanna searbh. Go deimhin, bhí sé nimhneach i gcásanna áirithe. Bhí teannas follasach le míonna anuas mar gheall ar an mbuiséad ach chuir an chonspóid faoi líomhaintí an PSNI go raibh an tIRA bainteach le dúnmharú Kevin McGuigan gach rud dá threoir.

Ní bheidís ag caint le chéile in aon chor murach an tseift a d’fhógair an Statrúnaí Theresa Villiers – painéal measúnachta ar fhíorstaid na bparaimíleatach a chuirfidh tuairisc ar fáil an mhí seo chugainn. Drochsheans gur réiteach fadthéarmach ar an bhfadhb é an painéal ach ba chleas é chun na caoirigh a chur thar abhainn.

Cá bhfios nach mbáifidh sé na caoirigh an mhí seo chugainn? Tá na ceisteanna oidhreachta agus na ciorruithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh sách casta ach is baolach gur gaiste báis é ceist na bparaimíleatach. Bhí an DUP agus an UUP meáite gurb ann don IRA agus nach mór an córas polaitíochta a chosaint uaidh. Bhí Peter Robinson, ceannaire an DUP ar ais ag obair tar éis babhta eile san ospidéal. D’éiligh sé go mbunófaí córas buan chun pionós a ghearradh ar pháirtí tionóil dá mbeadh paraimíleataigh a bhí luaite leo gníomhach. Go bunúsach, is éard a bhí i gceist ná go bhféadfaí Sinn Féin a ruaigeadh de bharr choiriúlacht an IRA.

Níorbh iontas, mar sin, go raibh Martin McGuinness gairgeach. ‘Déan é nó druid é’ an teachtaireacht a bhí aige do pháirtithe a luaigh coiriúlacht le Sinn Féin. Mhaígh sé go ndúirt sé leo ‘Cuirigí an fhianaise faoi bhráid an chruinnithe agus, níos tábhachtaí fós, tugaigí don PSNI é – nó éirigí as líomhaintí gan bhunús’. Ní chuirfeadh sé suas leis an tseafóid seo a thuilleadh, a dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tionól.

Bhí Sinn Féin fós ag séanadh go raibh an tIRA ann agus iad meáite go raibh sé de cheart acu a bheith sa Tionól agus sa bhFeidhmeannas i ngeall ar líon a vótaí. D’admhaigh McGuinness go bhféadfadh tuairisc an phainéil an mhí seo chugainn na cainteanna a chur de dhroim seoil. Agus cad faoi scannal NAMA? D’fhéadfadh na cúrsaí sin teacht salach ar na cainteanna chomh maith céanna.

Ní bheidh sé éasca é sin a sheachaint ach níl an gnó dodhéanta. Gan dabht, ós ó na seirbhísí faisnéise MI5, MI6 agus an PSNI a gheobhfaidh siad an chuid is mó dá gcuid eolais, bheadh sé doshamhlaithe nach n-aontóidís leis an méid atá ráite cheana féin ag na póilíní. D’fhéadfaidís, áfach, aitheantas a thabhairt do Shinn Féin as a ráiteas gur coirpigh iad na daoine a mharaigh Kevin McGuigan agus Jock Davidson. D’fheadfaidís freisin creidiúint a thabhairt do McGuinness as an seasamh láidir a ghlac sé in aghaidh fhoréigean na n-easaontóirí. De ghrá na cothromaíochta, ach ar mhaithe leis an tsochaí fré chéile, ní mór don phainéal géarscrúdú a dhéanamh ar na paraimíleataigh dhílseacha atá an-ghníomhach taobh thoir den Bhanna. Tá an UVF agus an UDA sáite i gcoiriúlacht agus iad i mbun foréigin ina gcomharsanachtaí féin.

Cé a chuirfeadh ina choinne dá n-éileodh an painéal tiomantas do riail an dlí ar gach páirtí i Stormont? Ní mór an ní é sin i ndaonlathas ar bith. Ach, go praicticiúil, dá gcomhlíonfadh gach páirtí é, bheadh deireadh le débhrí faoi ‘iarpharaimíleataigh’ nó faoi rannpháirtíocht le dreamanna amhrasacha i dtaca le paráidí agus bratacha dílseacha.

Bheadh deireadh chomh maith le riail an omerta maidir le faisnéis a thabhairt don PSNI faoi smugláil breosla, imeaglú, cambhrú cosanta, ionsaithe lámhaigh agus marú.

Ansin bheadh na páirtithe in ann a dhul i mbun gnáth-easaontais. Más é a dtoil é.

Fág freagra ar 'Tá siad ag caint, slán an tsamhail!'