John Beag le cloisteáil sa gCatalóin agus dóchas neamhspleáchais san aer…

Sa gCatalóin dó an deireadh seachtaine seo caite, bhí deis ag ár gcolúnaí labhairt le daoine faoi thoghchán mór an Domhnaigh seo chugainn

Catalan_National_Day

Más cóir géilleadh do na pobalbhreitheanna is deireanaí, beidh móramh i dtoghchán an Domhnaigh seo chugainn ag na páirtithe, idir dheis agus chlé, atá ar son an Chatalóin a scaradh ó chumhacht na Spáinne. Gheall Uachtarán na Catalóine, Artur Mas, má

bhíonn móramh ann go dtosóidh sé próiseas láithreach i dtreo an neamhspleáchais.

Ocht mí dhéag, a dúirt sé, a thógfadh an t-ullmhúchán sin.

Níl glacadh ar bith ag rialtas na Spáinne leis an gcaint seo. Dúirt Aire Cosanta na Spáinne Pedro Merenés an lá faoi dheireadh nár dhócha go gcuirfidís saighdiúirí chun na Catalóine dá bhfógróidís neamhspleáchas.

D’aithneofá go maith ar an gcaoi ar dhúirt sé é gur bhreá leis an deis a bheith aige é a dhéanamh.

Dá mbeadh an Ginearál Franco i gcumhacht inniu, bheadh díosail ag dul sna heitleáin chogaidh cheana féin.

Sa gCatalóin dhom an deireadh seachtaine seo caite bhí deis agam roinnt daoine a cheistiú faoina bhfuil i ndán don Chatalóin.

Ba thrua liom nach é an deireadh seachtaine roimhe sin a bhí muid ann, nó an deireadh seachtaine seo chugainn. Ó dheas de Bharcelona a bhí muid agus dá mbeadh muid ann an 11ú lá den mhí, bheadh muid ag an mórshiúl iontach, milliún go leith duine, a bhí acu i mBarcelona an Aoine sin. Dá mbeadh muid ann an Domhnach seo chugainn, bhéarfadh muid ar an toghchán.

Ní shin le rá nach raibh cúis mhaith againn le bheith sa gCatalóin: iníon le mo dheartháir Mícheál, Niamh, a bhí ag pósadh fir darbh ainm Vittorio Zucchiatti as an Airgintín.

Is fuath liom bainseacha go hiondúil ach ní raibh sin le rá agam an iarraidh seo: b’álainn an rud a bheith ag breathnú ar na náisiúin ag cur aithne ar a chéile agus ag coimhlint le chéile roimh dheireadh na hoíche ó thaobh damhsa agus ceoil de.

Labhraíodh Gaeilge ann, Béarla, Catalóinis agus Spáinnis.

An-dream damhsa iad na hAirgintínigh agus na Catalónaigh ach sheas muintir Chonamara clú go paiteanta dá gcultúr féin. Rinneadh damhsaí croíúla ar an sean-nós agus chas Áine agus Mairéad Ní Chuaig agus Danny O’Mahoney, as Ciarraí, ceol breá feiliúnach le linn shearmanas an phósta agus aríst ar an mbainis.

Nuair is tréine a bhí ceol Catalónach an disco ag dul go fraitheacha domhain san oíche, casadh dlúthdhiosca a raibh John Beag na nAncairí air agus é ag cur ‘Amhrán Sheáin Uí Mhainnín’ amach dá chroí. Chuaigh cuallacht Chonamara as a gcranna cumhachta ar fad ar a chloisteáil sin dóibh.

Idir an dá linn, bhí mise ag cuimhniú ar an toghchán a bheas ann Dé Domhnaigh agus ar an seans atá ann go dtiocfaidh náisiún nua chun cinn gan mórán achair.

Nuair a bhí searmanas an phósta thart, agus gaolta Niamh ag damhsa fós sa séipéal, sciorr mé isteach sa sacraistí gur chuir mé agallamh ar an sagart a phós iad.

Fear dathúil suáilceach chúig bhliana déag agus fiche d’aois a bhí ann. Dúirt sé liom go bhfuil sé féin ar son neamhspleáchas na Catalóine.

Mhínigh sé dhom go bhfuil easpa sagart orthu in Ard-Deoise Tarragona. Nuair a chuaigh mé i muinín an ríomhaire ó shin, fuair mé amach nach bhfuil acu ach sagart amháin ar an meán in aghaidh chuile 3,100 fíréan. Tá sagart in aghaidh chuile 1,300 Caitliceach in Ard-Deoise Thuama agus bíonn siad ag casaoid ina dhiaidh sin féin.

Ar theacht amach as an séipéal dom, casadh lánúin dom a thug léargas spéisiúil ar an dóchas neamhspleáchais atá ag neartú i gcónaí. Catalónach a bhí sa bhfear agus b’as réigiún na mBascach an bhean.

Dúirt an Catalónach liom gur cúrsaí airgid is mó atá ag spreagadh a mhuintire féin. Níl sé de chumhacht acu cánacha na Catalóine a chaitheamh ag baile, a dúirt sé. Cuireann siad go leor airgid go Madrid agus is beag de a thagann ar ais.

B’údar gaisce dá bhean nach bhfuil siadsan chomh saolta leis na Catalónaigh. Ón gcroí agus ní ón gceann is minicí a smaoiníonn siad, a dúirt sí. Ach d’admhaigh sí freisin go bhfuair siad margadh níos fearr ó Mhadrid ná mar a fuair na Catalónaigh ó thaobh cumhachtaí áitiúla agus caitheamh na gcánach de.

Bídís buíoch de threallchogaithe ETA, a dúirt fear óg de bhunadh Chonamara a tógadh i Londain nuair a chuala sé an chaint seo.

Tá cúrsaí cultúir agus teangan i gceist ag an dá dhream freisin, ar ndóigh. Tá ceantar amháin sa gCatalóin a bhfuil trí theanga oifigiúil ann –Catalónais, Spáinnis agus an teanga áitiúil, Aranés.

Thuas in aice le teorainn na Fraince atá an gleann seo, Val d’Aran. Níl ann ar fad ach 10,000 duine ach tá córas rialtais áitiúil dá gcuid féin acu.

Tugann siad lántacaíocht don teanga áitiúil dúchais. Is í a labhartar leis na daltaí sna ranganna ísle sa scoil agus cuirtear uaireanta ar leataobh ina dhiaidh sin le staidéar a dhéanamh ar na trí theanga oifigiúil. De réir mar a bhíonn na daltaí ag teacht chun cinn, is minic a thugtar isteach teanga iasachta eile fós.

Is mór idir é agus an clamhsán síoraí a bhíonn ag múinteoirí agus ag tuismitheoirí sa nGaeltacht nach bhfuil in ann dhá theanga oifigiúil a láimhsiú. Ba mhaith ab fhiú do chuid acu cuairt a thabhairt ar Val d’Aran.

Inseoidh toghchán an Domhnaigh go leor. Ach níl sé cinnte ar chor ar bith go mbeidh náisiún nua againn go luath—náisiún a bheadh taobh amuigh den Aontas Eorpach, fiú amháin, dá mbeadh cead a gcomhairle féin ag cuid den dream atá i bhfeachtas na saoirse.

Faoi mar a tharla in Albain, tá na comhlachtaí móra agus na bancanna ar a míle dícheall ag iarraidh scéin a chur sa bpobal agus ag moladh dóibh gan dul leis an neamhspleáchas ar a bhfaca siad ariamh.

Fágfaidh mé an focal deireanach faoin lánúin sin ar phléigh mé an cás leo. Bhí siad ar aon intinn faoi rud amháin: dá ndéanfadh Madrid margadh cóir leis an gCatalóin faoi úsáid na gcánach, agus faoi roinnt rudaí eile, a dúirt siad, bheadh tromlach an phobail sásta.

Fág freagra ar 'John Beag le cloisteáil sa gCatalóin agus dóchas neamhspleáchais san aer…'

  • Seán Ó Cearbhaill

    Déarfainn go bhfuil sé i bhfad níos fearr idirspleachas a fhorbairt in áit neamhspleachas a bhaint amach. Úsáidtear go minic an focal sin “seny” san Chatalóin, sé sin le rá “ciall”. Tá sé éasca go leor gáir agus geoin na ndaoine a léamh agus iad ag ardú an naisiúineachas go barr na spéire ach is rud níos deacaire meon na daoine tostach a léamh. Creidim go bhfuil níos mó ciall acu, níos mó “seny” acu.