Go raibh míle maith agaibh as na pictiúr ar fad a sheol sibh isteach chugainn le seachtain anuas; bhí ualach acu ann arís an tseachtain seo. Faraor, ní féidir linn ach ceann amháin in aghaidh na seachtaine a chrochadh ach coinnígí oraibh ag léamh Amú san Aistriúchán agus b’fhéidir go bhfeicfidh tú do cheannsa amach anseo.
Tagann pictiúr na seachtaine seo ó Eoin i mBaile Átha Cliath
An áit: Banc na hÉireann, Coláiste na Tríonóide
An Béarla: Open your Student Current Account today…
An Ghaeilge: ‘Oscail do mhic léinn…’ agus araile!
Focal ó na moltóirí: Níl aon amhras orainn ach gur ‘baineadh feidhm as seirbhís creidiúnaithe ghairmiúil’ chun Gaeilge a chur ar an bhfógra seo, ach tá muid buartha faoi na mic léinn i gColáiste na Tríonóide a bheas ‘á n-oscailt’…! Ar Mháirtín Ó Cadhain a chuimhnigh Eoin, an té a ghlac an pictiúr thuas, nuair a chonaic sé an fógra i gColáiste na Trionóide, an coláiste is mó atá luaite leis an gCadhnach.
An leagan ceart: ‘Oscail cuntas reatha mic léinn inniu agus gheobhair Pacáiste Cumhachta póca, ar fiú €25 é, agus ar féidir leis aon ghléas a luchtú.’ Nó rud éigin mar sin…
Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)
Ní úsáidfinn pacáiste sa chás seo.
Feicim go bhfuil “paca cumhachta” ag tearma.ie https://www.tearma.ie/Search.aspx?term=power+pack
Rud beag níos fearr.
L Ó Laoire
“Gheobhaidh tú” an C.O. dian.