‘Níl aon ‘aicmeachas ná éilíteachas’ ag teastáil ó mhúinteoirí Gaeltachta’

Tá múinteoir Gaeltachta amháin i ndiaidh labhairt amach go láidir i gcoinne cuid de na moltaí atá á ndéanamh faoi chúrsaí nua a thabhairt isteach do Ghaeilge na hArdteiste

‘Níl aon ‘aicmeachas ná éilíteachas’ ag teastáil ó mhúinteoirí Gaeltachta’

Tá “aicmeachas agus éilíteachas” ag baint le cuid de na moltaí atá á ndéanamh faoi chúrsaí nua a thabhairt isteach do Ghaeilge na hArdteiste, dar le múinteoir Gaeltachta amháin a labhair amach faoi.

Agus í ag caint ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, dúirt Máire Ní Choncheanainn, múinteoir Gaeilge i Scoil Cuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, gurb é an rud is práinní anois na cúrsaí nó na sonraíochtaí don Teastas Sóisearach a leasú agus a chur in oiriúint do dhaltaí na Gaeltachta.

Dúirt Máire Ní Choncheanainn go mbeadh 70 dalta dá cuid ar an gcéad dream a thabharfadh faoi Theastas Sóisearach nua na sonraíochtaí an samhradh seo mar nár reáchtáladh an scrúdú sin anuraidh de bharr na paindéime agus ní mó ná sásta a bhí sí leis mar chúrsa.

Bhí bean na Gaeltachta go láidir den tuairim nár cuireadh cás na Gaeltachta agus na gcainteoirí paiteanta atá sa scoil sin sa gcomhaireamh in aon chor agus an cúrsa sin ná an measúnú a dhéanfaí air á bpleanáil agus á gcur i láthair na n-oidí.

Bhí an t-oide cáinteach faoin oiliúint ghairmiúil, cúram na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM), a cuireadh ar fáil do mhúinteoirí a bhíonn ag teagasc cainteoirí dúchais, toisc nár aithníodh na sainriachtanais a bhaineann leis an obair sin.

Rinne Máire Ní Choncheanainn comparáid idir an cur chuige gairmiúil dea-phleanáilte a bhain leis an réiteach uilig don Tionscadal Mata (Project Maths) agus Sonraíochtaí na Gaeilge don Teastas Sóisearach.

I gcás na Matamaitice tugadh saineolaithe agus oidí ag an tríú agus ag an dara leibhéal le chéile chun an clár a ullmhú, ábhar feiliúnach a réiteach agus a chur ar fáil, a dúirt sí.

Dúirt sí gur eagraíodh grúpaí fócais agus ceardlanna chun an t-ábhar agus an cur chuige nua a chur ar a súile go mionchúiseach do na múinteoirí matamaitice.

I gcás na Gaeilge, áfach, bhí litríocht na chéad bhliana agus an dá bhliain eile scartha, ní raibh na foilsitheoirí agus lucht deartha an chúrsa ar an mbileog chéanna don phleanáil agus ní raibh teacht ag oidí dá réir ar an litríocht a mholtar. Níor dhírigh na ceardlanna ar mhúinteoirí na Gaeltachta ach oiread, a dúirt sí.

An moladh láidir a bhí ag Máire Ní Choncheanainn go gcuirfí cuma is caoi ar shonraíochtaí nó cúrsaí an Teastais Shóiséaraigh agus go dtógfadh an obair cúig nó sé de bhlianta agus ansin go bhféadfaí díriú ar an Ardteist.

An rud is práinní scrúdú cainte a thabhairt isteach arís ag an Teastas Sóisearach a mbeadh ar a laghad 30% de na marcanna ag gabháil leis, a dúirt sí.

Maidir leis an bplécháipéis a d’ullmhaigh an Dr Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn do Chonradh na Gaeilge agus a cuireadh i láthair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cheist a bhí ag Ní Choncheanainn ar iarradh comhairle ná barúil ar aon oide Gaeltachta agus an cháipéis sin a hullmhú.

Bhraith sí go raibh dreamanna eile ag déanamh cinntí beag beann ar chainteoirí dúchais na Gaeltachta. Ní raibh aon ghlacadh aici le moltaí na plécháipéise go dtabharfaí isteach ‘Sárleibhéal’ i scrúdú Gaeilge na hArdteiste agus marcanna bónais CAO ag dul leis.

Níl a leithéid á éileamh ar dhaltaí “sna nuatheangacha eile ná ar chainteoirí dúchais Béarla” a deir sí.

Ba chóir na trí leibhéal atá ag an Ardteist faoi láthair a choinneáil – Bonn, Gnáth agus Ard – agus an obair is práinní a dhéanamh ar an Teastas Sóisearach ar dtús.

Ní raibh aon “aicmeachas ná éilíteachas’ ag teastáil ó oidí Gaeltachta, dar léi agus ní bheadh aon ghlacadh dá réir le sárleibhéal i scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

D’iarr sí ar thuismitheoirí Gaeltachta a moltaí a chur ar aghaidh go dtí comhairliuchanT1@ncca.ie agus diúltú do na sonraíochtaí don Ardteist agus a cuid moltaí a dhéanamh faoin Teastas Sóisearach.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús tá dhá shiollabas nua Gaeilge á moladh don Ardteist – T1 agus T2. Bhí go leor conspóide ó shin faoi mholadh an NCCA go dtabharfaí isteach an dá chúrsa nua – ceann do chainteoirí líofa (T1) agus ceann do dhaltaí eile an stáit (T2).

Léirigh daoine áirithe imní, mar shampla, nach dtabharfadh daltaí Ardteiste a bhfuil Gaeilge líofa acu faoi chúrsa nua atá níos dúshlánaí mura mbeadh pointí breise ar fáil.

Dúirt an NCCA féin mí Iúil go bhfuil “géarghá” le soiléireacht ón Roinn Oideachais maidir le feidhmiú an dá chúrsa nua Gaeilge atá beartaithe don Ardteist.

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ar cheann de na grúpaí a deir go gcruthódh an plean do na cúrsaí nua mar atá siad deighilt i bpobal na Gaeltachta agus go mbeadh muintir na Gaeltachta curtha trína chéile acu.

Chuir duine d’údair na plécháipéise faoin gceist a ullmhaíodh do Chonradh na Gaeilge, Fíona Uí Uiginn, i leith na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) go bhfuil siad ag caitheamh leis an Ghaeilge san Ardteist ar an bhonn céanna is a chaithfí leis an Laidin.

Fág freagra ar '‘Níl aon ‘aicmeachas ná éilíteachas’ ag teastáil ó mhúinteoirí Gaeltachta’'

  • Mícheál

    Ceart ar fad ag Máire, tugtar ar ais an bhéaltriail sa Teastas Sóisearach.
    Níl sárleibhéal in aon ábhar eile agus cén fáth go mbeadh ar scoláirí sna Gaeltachtaí scrúdú níos deacra a dhéanamh ina dteanga féin?

  • Caitríona

    Alt iontach spéisiúil. Náireach cad atá ar siúl i saol an oideachais Gaeltachta agus an dochar atá déanta don Ghaolainn. Tír gan teanga & rl…

  • Pádraic

    Cad atá i ndán don teanga agus gan aitheantas tugtha ag an Stáit di sa Chóras Oideachais? Scannallach go bhfuil seo ag tarlúint.

  • Cormac

    Cuirfidh an córas T1/T2 seo, deiridh le Gaeilge. Pianós & tuilleadh brú á chur orthú siúd atá ag labhairt agus ag coinneáil an Ghaeilge beo, Deighiltg atá á dhéanamh seachas forbairt teanga.

  • Máire Ní Fhéinidh

    Tréaslaím agus déanaim comhgháirdeachas le Máire faoin bpíosa iontach cainte a rinne sí ar Iris Aniar faoin bpraiseach dar liom a bhaineann leis an tSraith Shóisearach nua agus na moltaí a bhaineann leis an tSraith Shinsearach. Tacaím 100% léi mar mhúinteoir Gaeilge eile. Tá neart múinteoirí Gaeilge ar eolas agam a cheapann an rud céanna ach faraor, níl an CNCM ag éisteacht a bheag nó a mhór le leithéidí Mháire a bhfuil fios a gnó aici, mar aon le saineolas agus taithí na mblianta aici sa seomra ranga. Táirne eile i gCónra na Gaeilge agus buille marfach do theagasc na Gaeilge ag an Ardleibhéal i Scoileanna T1. I leaba scoláirí a mhealladh i dtreo an ardleibhéil, is é an chaoi a mbeimid á gcur ó dhoras. Cén fáth a roghnódh aon dalta freastal ar Scoil T1 nuair atá a fhios acu go mbeidh sé níos éasca acu toradh maith a fháil i Scoil T2. Éagóir arís eile ar lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tugtar ar ais an scrúdú béil don tSraith Shóisearach agus ná bítear ag cur dallamullóg orainn a thuilleadh faoi na ‘buntáistí’ a bhaineann leis! Ba cheart marcanna bónais, mar a dhéantar sa mhata, a bhronnadh ar gach dalta sa tír a thugann faoin litríocht bhreise mar shampla chun ugach agus misneach a thabhairt do dhaltaí tabhairt faoi. Nár laga Dia thú, a Mháire!

  • Donncha

    Tá an t-alt seo cumhachtach maidir leis an léiriú atá ar an bhail atá ar an nGaolainn agus ar na hEagrais Ghaolainne ar nós cuma liom. Náireach go bhfuil polasaithe stáit an Oideachais Gaeltachta teipthe ar an nGaolainne. Ní dhearnadh aon rud i gCorcaigh dúinn chun cudiú linn an Polasaí Oid. Gaeltachta a fheidhmiú. Náireach

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nuair a bhí mé ar an scoil sa Ghaeltacht i nGaoth Dobhair tá scór go leith nó daichead bliain ó shoin bhí dhá rang Gaeilge ag leibhéal meánteiste agus ardteiste – gnáth leibhéal agus ardleibhéal. Bhí an leibhéal suime a chuir mé sna hábhair scoile ag brath ar chomh maith is a bhí an múinteoir ag teagasc. Tarlaíonn sé go minic nach réitíonn achan dalta le achan múinteoir agus ní réitíonn achan múinteoir le achan dalta agus is trua sin ó thaobh an teagaisc de, ach sin mar atá an saol.

    Sé’n léamh atá agam ar an t-alt seo ná go bhfuil éiginnteacht nó doiléire ann fá theagasc na Gaeilge sa Ghaeltacht i gcomparáid le teagasc na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. An seo rud úr atá tagtha isteach i saol na Gaeilge? Cinnte, más í an Ghaeilg teanga labhartha (agus scríofa?) na Gaeltachta nár cheart go mbeadh béim níos mó ar fhoghlaim na Gaeilge, ar úsáid na Gaeilge in achan gné de shaol na Gaeltachta? Nár cheart go mbeadh nasc níos mó idir Ghaeltachtaí agus nár cheart don phobal iomlán Gaeltachta tacaíocht a thabhairt leis an Ghaeilg a spreagadh i measc achan duine sa phobal sin agus go n-aithneofaí na Gaeltachtaí mar cheantracha a bhfuil sárleibhéal Gaeilge iontu agus achan duine ina chainteoir/scríbhneoir líofa agus ina shaineolaí ar an Ghaeilg? Mar atá sé le COP26 agus an t-athrú aeráide, an bhfuil sé ró-mhall don Ghaeilg sa Ghaeltacht?

  • Siobhán

    Cordelia, tá an ceart agat. Is iad na Gaeltachtaí a chuidíonn leis an teanga agus iad ag cuidiú lena chéile mar go dtuigeann siad a chéile. Tá teip ar an bPolasaí Oid. Gaolainne anseo i gCiarraí agus tá sé suas dúinne anois sna Gaeltachtaí tacú lena chéile.

  • Sorcha

    Léiriú ar na difríochtaí atá ag baint leis an nGaeilge sna Gaeltachtaí agus lasmuigh. Ní hionann riachtanais an dá cheann. An bhfuil múnla nach bhfuil cuí á bhrú ar na Gaeltachtaí? Cá bhfuil an tacaíocht dóibh?