‘Caitear amach an plean dhá shiollabas nua a thabhairt isteach do Ghaeilge na hArdteiste’

Seoladh plécháipéis tráthnóna ina moltar go bhfaighfí réidh leis an bplean ‘T1 agus T2’ atá á mholadh do Ghaeilge na hArdteiste agus labhair údair na cáipéise ag cruinniú i dTeach Laighean

‘Caitear amach an plean dhá shiollabas nua a thabhairt isteach do Ghaeilge na hArdteiste’

Caitear amach an plean dhá shiollabas nua a thabhairt isteach don Ghaeilge san Ardteist.

B’in an teachtaireacht a bhí ag gníomhaithe teanga taobh istigh agus taobh amuigh de Theach Laighean inniu.

Taobh amuigh den Dáil tráthnóna, seoladh plécháipéis nua ina moltar athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcóras T1 agus T2 atá á mholadh don Ardteist.

Ina dhiaidh sin, rinne údair na pléchaipéise céanna cur i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar ar impigh siad ar pholaiteoirí “diúltú” do mholadh na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach.

Deir na húdair, an Dr Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn gur chóir an moladh sin a chaitheamh i dtraipisí agus córas nua a thabhairt isteach don Ghaeilge ag leibhéal na sraithe sinsearaí a dhéanfadh “freastal ceart den chéad uair” ar dhaltaí uile na tíre.

Deir siad go bhféadfadh gur “tubaiste” a bheadh ann dá leanfaí leis an phlean atá beartaithe do shiollabais Ardteiste na Gaeilge – sonraíocht T1 atá in ainm is a bheith oiriúnach do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 atá in ainm is a bheith oiriúnach do scoileanna Béarla.

Deir na húdair go bhféadfaí an “tubaiste” sin a sheachaint agus “deis iontach” a chur ina háit ach córas “níos cothroime” a thabhairt isteach don Ghaeilge a d’fhreastalódh ar gach dalta.

Dar leis na húdair go bhfuil “an-chuid mearbhaill, imní agus feirge” i measc daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí de dheasca mholtaí an NCCA.

Ag labhairt di ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, dúirt Fíona Uí Uiginn, iar-phríomhoide Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath agus iar-uachtarán Ghaeloideachas, go raibh “baol mór” ann go gcuirfí le líon na ndaltaí a mbeadh díolúine ón Ghaeilge á lorg acu dá leanfaí leis an phlean do T1 agus T2.

“Bunaithe ar an eolas seo agus an méid atá sa phlécháipéis, tá sé soiléir nach féidir leis na dréachtsonraíochtaí Ardteiste, mar atá siad leagtha amach faoi láthair, freastal go sásúil ar riachtanais na scoláirí ar fad agus gur gá féachaint ar an bhfráma T1 agus T2 arís agus ceist a chur faoina oiriúnacht don tsraith shinsearach,” a dúirt Fíona Uí Uiginn.

“Is cinnte go bhfuil gá le sonraíochtaí ar leith le freastal ar riachtanais éagsúla na scoláirí. Níl an status quo sásúil mar nach bhfuil freastal á dhéanamh ar riachtanais na gcainteoirí dúchais ná cainteoirí cumasacha Gaeilge.
“Tá deis ann anois leis na sonraíochtaí nua dul i ngleic leis an gceist seo agus sonraíochtaí a dhearadh atá in oiriúint do na spriocghrúpaí éagsúla ar fad den chéad uair.”

Tá dhá rogha molta sa phlécháipéis.

Faoi cheann acu chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag ceithre leibhéal – Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal, Ardleibhéal agus Sárleibhéal.

Bheadh na sonraíochtaí ag na leibhéil éagsúla seo ar fáil do na scoláirí ar fad ar mian leo tabhairt fúthu. Bheadh líon áirithe pointí breise CAO ar fáil dóibh siúd a roghnódh an scrúdú ag an Sárleibhéal mar chúiteamh as an obair bhreise a bheadh ag dul leis.

Faoin rogha eile, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, chomh maith le hábhar nua a fhorbairt – Saíocht agus Litríocht na Gaeilge. Bheadh an t-ábhar nua ar fáil ar an múnla céanna le Matamaitic/Matamaitic Fheidhmeach do dhaltaí a mbeadh spéis acu tabhairt faoi.

Moltar go mbeadh na sonraíochtaí uile agus an t-ábhar nua ar fáil do scoláirí uile na tíre.

Tá tuairimí an phobail á lorg faoi láthair ag an Roinn Oideachais faoin phlean dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist – sonraíocht T1 atá in ainm is a bheith oiriúnach do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 atá in ainm is a bheith oiriúnach do scoileanna Béarla.

Tiocfaidh deireadh leis an phróiseas sin ag deireadh na míosa seo.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh sé tábhachtach go nglacfadh daoine páirt i bpróiseas comhairliúcháin na Roinne a bheas oscailte go dtí an 30 Samhain.

“Tá na grúpaí a bhfuil baint acu leis an bplécháipéis a seoladh inniu ag éileamh ar an Taoiseach, ar an Aire Oideachais agus ar pholaiteoirí eile a bheith páirteach sa chomhairliúchán seo chun a chinntiú go ndiúltaítear do na moltaí reatha ón NCCA maidir leis na sonraíochtaí ardteiste…” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Caitear amach an plean dhá shiollabas nua a thabhairt isteach do Ghaeilge na hArdteiste’'

  • Patricia Forrestal

    Táim chomh sásta go gcaithfear amach an plean seo níl sé cóir nó cothrom cúrsa níos deacra a thabhairt do na Gaelscoileanna. Más rud gur tháinig an córas T1 agus T2 isteach bheadh orm mo pháistí a bhaint ón Gaelcholáiste áitiúil agus iad a sheoladh chuig meánscoil lán-Bhéarla. Má thagann sé isteach bheadh orthu breathnú ar Bhéarla freisin . An mbeidh córas nua don Bhéarla? Agus páipéir níos éasca a thabhairt do na Gaelscoileanna toisc go bhfuil an míbhuntáiste acu nach bhfuil siad ag labhairt as Béarla gach lá.