Cúrsa nua Gaeilge gan marcanna bónais ‘chomh craiceáilte le pointe amháin do chúl agus cúilín’

Léiríodh tacaíocht láidir ag cruinniú de choiste Oireachtais i seomra na Dála tráthnóna don éileamh go mbeadh marcanna bónais le fáil ag daltaí as cúrsa nua Gaeilge a dhéanamh

Cúrsa nua Gaeilge gan marcanna bónais ‘chomh craiceáilte le pointe amháin do chúl agus cúilín’

Tá teachtaireacht láidir tugtha ag a páirtí féin don Aire Oideachais go mbeadh sé ‘craiceáilte’ cúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist gan marcanna bónais.

Ag cruinniú de choiste Oireachtais i seomra na Dála tráthnóna, thacaigh triúr Teachtaí Dála agus Seanadóir de chuid Fhianna Fáil leis an éileamh go mbeadh marcanna bónais le fáil ag daltaí as an gcúrsa nua Gaeilge a dhéanamh.

Tá dhá chúrsa nua Gaeilge le tabhairt isteach don Ardteist – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Tá diúltaithe ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers aon tuairim a thabhairt faoi cheist na marcanna bónais.

Bhí Conradh na Gaeilge os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna chun ceist na gcúrsaí nua Gaeilge T1 agus T2 a phlé.

Léirigh na Teachtaí Dála Éamon Ó Cuív, Dara Calleary agus Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee tacaíocht láidir don éileamh ar mharcanna bónais don chúrsa níos dúshlánaí.

Tá ráite ag an Aire Oideachais go bhfuil bealaí chun daltaí a spreagadh chun an cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh á scrúdú ag a roinn ach meastar go doicheall ann roimh mharcanna bónais.

Dúirt an ceathrar ó Fhianna Fáil, an Seanadóir de chuid Fhine Gael Barry Ward agus Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go mb’fhearr leo féin múnla eile seachas múnla na Roinne Oideachais.

B’fhearr leo, a dúirt na polaiteoirí, go dtabharfaí isteach dhá chúrsa nua don Ghaeilge agus go mbeadh cead ag dalta an dá cheann a dhéanamh dá mba mhian leis.

Bheadh ceann de na cúrsaí seo le déanamh ag gach dalta agus bheadh sé dírithe ar labhairt na Gaeilge agus bheadh rogha ag daltaí an dara cúrsa a dhéanamh chomh maith, cúrsa a bheadh dírithe ar scríobh agus litríocht na teanga.

Tá próiseas comhairliúcháin poiblí ar siúl faoi láthair faoi mhúnla na Roinne Oideachais agus an NCCA – na sonraíochtaí T1 agus T2, mar a thugann siad orthu. Tá Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag iarraidh go gcuirfí siar an próiseas sin.

Má táthar le cloí le múnla na Roinne caithfear marcanna bónais a thabhairt isteach, a dúradh ag an gcruinniú.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur léir nach raibh “mórán eolais faoi dhaoine óga ná faoin ardteist” ag “cibé duine a smaoinigh” ar chur chuige na Roinne.

Baineadh “stangadh” as, dúirt Ó Cuív, nuair a chuala sé an smaoineamh go bhféadfaí cúrsa níos dúshlánaí a thabhairt isteach do chainteoirí líofa gan an dúshlán breise sin a chúiteamh leo. Bhí a leithéid de phlean chomh “craiceáilte” a dúirt sé agus a bheadh sé an luach saothair céanna a bheith ag imreoir iomána nó peile as cúl nó cúilín a scóráil.

“Séard a chuireann sé seo i gcuimhne domsa ná Comhdháil mhór den Chumann Lúthchleas Gael agus go socraíonn siad ag an gCumann Lúthchleas Gael go dtabharfar pointe lena chur os cionn an trasnáin agus pointe lena chur san eangach. Cé a thriailfeadh é a chur san eangach dá mbeadh sé i bhfad níos éasca é a chur thar an trasnán?

“Cé mhéad cúl a scórálfaí dá mbeadh an brabach céanna ar an dá rud. Ach ar ndóigh tá ciall ag an GAA agus tuigeann siad go mbeadh sé i bhfad níos deacra agus tugann siad trí phointe duit agus tá an rud seo chomh craiceáilte sin, tá sé cosúil lena rá go mbeadh an brabach ceannann céanna ar chúl agus cúilín agus a rá go mbeadh an brabach céanna as T1 agus T2.”

Dúirt Ó Cuív gur dhá chúrsa Gaeilge agus an rogha an dá chúrsa a dhéanamh a theastaigh agus go raibh “sé in am an rud a chaitheamh i dtraipisí agus tosaí as an nua”.

“Níl mise sásta le haon rud a dhéanfadh … caint timpeall air agus mar sin de. Tá rud i bhfad níos radacúla ná mar atá molta ag teastáil. Tá rud éigin ag teastáil le haos óg na tíre a ghríosú. Ní hamháin le tuiscint agus cumas teanga a bheith acu ach le tuiscint a bheith acu ar litríocht na Gaeilge agus mheallfadh sé seo iad, níl aon amhras orm.”

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee go raibh sé “ríthábhachtach” go mbeadh an cúrsa níos dúshlánaí ar fáil do gach duine ach gurb í an phríomhcheist ná an rabhthas ag iarraidh “rud éigin suntasach” a dhéanamh ar son na Gaeilge nó nach raibh. Má bhíothas ag iarraidh beart fónta a dhéanamh ar son na teanga, chaithfeadh marcanna bónais a bheith ann.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Dara Calleary gur moladh “dainséarach” a bhí ann na cúrsaí nua a thabhairt isteach mar a bhí beartaithe.

Dúirt Teachta Dála eile de chuid an pháirtí chéanna Aindrias Moynihan gur aontaigh sé leis an éileamh faoi mharcanna bónais ach go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh an rogha ag dalta dhá chúrsa Gaeilge a dhéanamh.

 Ba chóir, a dúirt sé, an méid sin a chur in iúl don Roinn “arís agus arís agus arís eile” ar “gach ardán” ab fhéidir.

 Dúirt an Seanadóir de chuid Fhine Gael Barry Ward gur thacaigh sé leis an moladh faoi dhá ábhar ach go gcaithfeadh an deis chéanna a bheith ag daltaí i scoileanna lán-Bhéarla is a bheadh ag daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge.

Níor chóir aon deighilt a dhéanamh idir daltaí, a dúirt sé, mar go mbíonn daltaí “a oibríonn ar an nGaeilge go han-láidir ar fad” i scoileanna Béarla na tíre chomh maith.

Dúirt sé go bhfuil “buntáiste nádúrtha” ó thaobh na Gaeilge ag daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ach gur “buntáiste don teanga agus don tír” chomh maith é go bhfuil siad ag staidéar sna scoileanna sin.

Dúirt Marc Ó Cathasaigh, an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, go raibh sé “deacair easaontú” le caint Uí Chuív faoin difríocht idir “cúl agus cúilín”.

Dúirt Marc Ó Cathasaigh, áfach, go mbeadh an baol ann le marcanna bónais go mbeadh daltaí nach raibh teacht acu ar an ngaeloideachas faoi mhíbhuntáiste.

 “An gcuirfeadh pointí bónais an gnáthdhalta i scoil Bhéarla faoi bhuntáiste?” a d’fhiafraigh sé.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin agus Cathaoirleach an Choiste, go raibh cur chuige na Roinne agus an próiseas comhairliúcháin atá ar siúl ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta “seafóideach”.

Léirigh sé “easpa tuisceana” ar an dúshlán atá roimh an stát i dtaobh na Gaeilge, a dúirt sé, agus bheadh sé tubaisteach dá dtabharfaí isteach na cúrsaí nua de réir mar a bhí beartaithe.

 Mura mbeadh rogha ann dhá ábhar Gaeilge a dhéanamh, chaithfeadh “pointí bónais” a bheith ann, a dúirt Aengus Ó Snodaigh.

 

 

Fág freagra ar 'Cúrsa nua Gaeilge gan marcanna bónais ‘chomh craiceáilte le pointe amháin do chúl agus cúilín’'

  • Bríd

    A Eamoinn, a chara, munach thù agus an tseirbhís maith a thug tú do mhuintir na Gaeltachta thar bhlianta fada, nì bheadh aon ghlór againn. Go mba fada buan thú.

  • Eimear

    Cá bhfuil an tuiscint san NCCA chun cúrsa feiliúnach Gaeilge Ardteiste don chainteoir dúchasach Gaeilge a fhorbairt? An eagraíocht Béarla amach & amach iad an NCCA? Teastaíonn eagraíocht le comhdhéanamh de shaineolaithe oideachais Gaeltachta ag an dara leibhéal chun cúrsa feiliúnach a fhorbairt & a thástáil ar scéim phíolóiteach. Nì hiad HIERARCHY na Gaeilge an dream don tasc sin….an dream glórach nach leagann cos sa Ghaeltacht!

  • Seán Ó hAodha

    Céad faoin chúrsa fhéin?

    8 dán/amhrán atá le bheith sa gcúrsa?
    Bíonn 40 dán sa gcúrsa Bhéarla.

    An bhfuil ailléirge le filíocht na Gaeilge ag an NCCA?