‘An NCCA ag caitheamh leis an Ghaeilge san Ardteist ar an mbonn céanna is a chaithfí leis an Laidin’

Dúradh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go raibh ‘easpa tuisceana agus solúbthachta’ i gceist le plean an NCCA don Ghaeilge sa tsraith shinsearach

‘An NCCA ag caitheamh leis an Ghaeilge san Ardteist ar an mbonn céanna is a chaithfí leis an Laidin’

Tá sé curtha i leith na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) go bhfuil siad ag caitheamh leis an Ghaeilge san Ardteist ar an bhonn céanna is a chaithfí leis an Laidin.

Ag labhairt di ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inné, dúirt duine d’údair plécháipéise nua go raibh “easpa tuisceana agus solúbthachta” i gceist le cur chuige an NCCA i dtaca leis an Ghaeilge.

Bhí Fíona Uí Uiginn ag labhairt ag an chruinniú faoi mholadh conspóideach an NCCA go dtabharfaí isteach dhá chúrsa nua Gaeilge don Ardteist – T1 don chainteoirí líofa agus T2 do dhaltaí eile an stáit.

“Tá teimpléad ag an CNCM, tá bealach acu le rudaí a dhéanamh. Beartaíonn siad go bhfuil siad chun athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar agus ansin leanann siad an teimpléad céanna do gach uile ábhar, bíodh siad ag caint ar an nGaeilge nó an Laidin san ardteist, [ábhar] go bhfuil 47 duine ag tabhairt faoi.

“Sé an cur chuige céanna atá ann, níl siad solúbtha ar an gcaoi sin. Tá tábhacht i bhfad níos leithne ag baint leis an nGaeilge ó thaobh polasaithe eile an stáit ach b’fhéidir nach bhfuil an tuiscint sin ag an CNCM,” a dúirt Uí Uiginn.

Dúirt Uí Uiginn, Iaruachtarán Gaeloideachais agus iarphríomhoide Choláiste Íosagáin, nach léir go raibh dóthain plé ag an NCCA leis an Roinn Oideachais agus eagraíochtaí eile faoi chás na Gaeilge san Ardteist agus go raibh an chuma air nach raibh daoine “ag labhairt le chéile”.

“Mar shampla, an raibh aon duine ag smaoineamh ar an bpolasaí don oideachais Gaeltachta nuair a cuireadh an moladh don T1 agus T2 chun cinn?” a dúirt sí.

‘Athbhreithniú iomlán’ ag teastáil ar na hathruithe atá beartaithe ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste – tuarascáil

Dúirt Fíona Uí Uiginn gur léir nár rith sé leis an NCCA gur ábhar an Ghaeilge atá “an-éagsúil” le teangacha eile.

“Níor smaoinigh siad go bhfuil an Ghaeilge an-éagsúil, agus freisin is ábhar éigeantach atá sa Ghaeilge,” a dúirt sí.

Tá Uí Uiginn agus an Dr Áine Hyland, údar eile na tuarascála a ullmhaíodh do Chonradh na Gaeilge, glan in aghaidh mholadh an NCCA go bhfaighfí réidh leis an chúrsa Gaeilge bonnleibhéil don Ardteist.  Dúirt Uí Uiginn go raibh sé “fíorthábhachtach” go mbeadh “leibhéil éagsúla” ann chun freastal ar an uile dhalta.

Dúirt an Dr Áine Hyland, Ollamh Emerita le hOideachas agus iar-Leasuachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh nach raibh múnla an NCCA maidir leis an T1 agus T2 in úsáid in aon tír eile sa domhan.

“Scríobh mise chuig an CNCM mar gheall air seo timpeall ceithre nó cúig uaire ach ní éisteann siad,” arsa an Dr Áine Hyland.

“Bhí sé ag teacht síos an bóthair chugainn…Bhí sé soiléir nuair a chuir siad an teimpléad ar fáil ar dtús cúpla bliain ó shin nach raibh sé oiriúnach in aon chor don ardteist Ghaeilge.”

Éilíodh taobh istigh agus taobh amuigh de Theach Laighean inné go gcaithfí  amach an plean dhá shiollabas nua a thabhairt isteach don Ghaeilge san Ardteist.

Taobh amuigh den Dáil tráthnóna inné, seoladh plécháipéis nua ina moltar athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an chóras T1 agus T2 atá á mholadh don Ardteist.

Fág freagra ar '‘An NCCA ag caitheamh leis an Ghaeilge san Ardteist ar an mbonn céanna is a chaithfí leis an Laidin’'

  • Deirdre Ní Chuinneáin

    Caithfidh an NCCA éisteacht le múinteoirí.

  • Rose Keogh

    Is teanga beo í an Ghaeilge agus ba chóir go mbeadh níos lú béime ar an litríocht & níos mó béime ar an dteanga labhartha, go háirithe sa gnáthléibhéal. Féach ar chúrsaí na dteangacha Eorpacha…..bíonn daltaí beagnach líofa iontu tar éis cúig bliaina agus dearcadh dearfach acu ina leith. Lean an dea-shampla sin, le bhur dtoil. Cuir an bhéim ar chumarsáid sa Ghaeilge.