‘Athbhreithniú iomlán’ ag teastáil ar na hathruithe atá beartaithe ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste – tuarascáil

Tá dhá rogha molta i dtuarascáil nua maidir leis an gcruth ba cheart a bheith ar churaclaim nua do chúrsaí Gaeilge na hArdteiste

‘Athbhreithniú iomlán’ ag teastáil ar na hathruithe atá beartaithe ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste – tuarascáil

Tá gá le “hathbhreithniú iomlán” a dhéanamh ar an bplean siollabais nua a chruthú do scrúdú Gaeilge na hArdteiste, de réir plécháipéise nua.

Deir údair na cáipéise go bhfuil sé soiléir nach féidir leis na hathruithe atá beartaithe do scrúdú na hArdteiste freastal go sásúil ar riachtanais na ndaltaí a bheidh ag tabhairt faoin nGaeilge don tsraith shinsearach.

Moltar sa cháipéis aon chinneadh faoi chúrsa nua Gaeilge don Ardteist a chur “ar leataobh” go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar churaclaim nua na sraithe sóisearaí déanta agus torthaí an athbhreithnithe sin ar fáil.

Tá dhá rogha nua molta sa tuarascáil, a scríobh beirt saineolaithe oideachais do Chonradh na Gaeilge, maidir leis na cúrsaí nua Gaeilge atá molta don tsraith shinsearach.

Tá tuairimí an phobail á lorg faoi láthair ag an Roinn Oideachais faoin bplean dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist – sonraíocht T1 atá in ainm is a bheith oiriúnach do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 atá in ainm is a bheith oiriúnach do scoileanna Béarla.

Tá go leor díospóireachta agus conspóide cothaithe ag na dréachtsonraíochtaí ó d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) iad mí Feabhra. Is é ab aidhm d’údair na plécháispéise nua ná anailís oideachasúil a dhéanamh ar na príomhábhair imní atá tagtha chun cinn i measc múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí ó foilsíodh na dréachtsonraíochtaí.

An Dr Áine Hyland, Ollamh Emerita le hOideachas agus iar-Leasuachtarán, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Fíona Uí Uiginn, iar-phríomhoide Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath agus iar-uachtarán Ghaeloideachas, a réitigh an phlécháipéis do Choiste Oideachais atá á chomhordú ag Conradh na Gaeilge.

Maítear sa cháipéis go bhfuil na dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 a chuir an CNCM ar fáil “lom” agus “tanaí” agus nach bhfuil aon eolas cuimsitheach iontu faoin méid a bheadh le múineadh ag an múinteoir ná le foghlaim ag an scoláire.

“Ní ceart go mbeadh aon sonraíocht ábhair sa tsraith shinsearach chomh lom, tanaí agus atá na dréachtsonraíochtaí seo a chuireann cnámharlach ar fáil ach nach gcuireann aon fheoil ar na cnámha,” a deirtear.

“Tá easpa soiléireachta sna dréachtsonraíochtaí faoi cheisteanna tábhachtacha a bhaineann lena gcur i bhfeidhm. San fholús seo tá imní agus frustrachas ag fás.”

I measc an eolais atá in easnamh sna dréachtsonraíochtaí, de réir údair na plécáipéise, tá eolas soiléir maidir leis an rogha idir T1 agus T2 agus eolas faoi bhearta le scoláirí a thugann faoi T1 a chúiteamh as cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh.  Deirtear chomh maith nach bhfuil míniú ceart tugtha faoin gcinneadh deireadh a chur leis an gcúrsa Gaeilge ag an mbonnleibhéal agus go bhfuil easpa eolais ann faoina bhfuil i gceist leis na torthaí foghlama, leis na treoirlínte teagaisc do na múinteoirí agus leis an liosta téacsanna/litríochta.

Maidir leis an moladh fáil réidh leis an mbonnleibhéal, deirtear sa cháipéis go bhfuil baol ann go ndéanfar “faillí” i riachtanais foghlama na scoláirí a thugann faoin mbonnleibhéal agus go bhféadfadh ardú teacht ar líon na scoláirí a lorgódh díolúine ón nGaeilge dá bharr.

Maidir le ceist na bpointí bónais, meastar nach bhfuil sé “réalaíoch” a bheith ag súil go dtabharfaidh scoláirí faoin tsonraíocht níos dúshlánaí – T1 – gan “cúiteamh tarraingteach” a bheith ar fáil dóibh.

Cé go bhfuil údair na cáipéise den tuairim nach n-éireoidh leis na dréachtsonraíochtaí, mar atá siad leagtha amach faoi láthair, deir siad go bhfuil gá le dhá chúrsa sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais éagsúla na scoláirí.

I measc na moltaí atá déanta acu, tá dhá rogha ann a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm in áit T1 agus T2.

Faoi cheann acu chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag ceithre leibhéal – Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal, Ardleibhéal agus Sárleibhéal. Bheadh na sonraíochtaí ag na leibhéil éagsúla seo oscailte do na scoláirí ar fad ar mian leo tabhairt fúthu agus bheadh líon áirithe pointí breise CAO ar fáil dóibh siúd a roghnaíonn an scrúdú ag an Sárleibhéal mar chúiteamh as an obair bhreise a bheadh ag dul leis.

Faoi rogha eile, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, chomh maith le hábhar nua a fhorbairt, Saíocht agus Litríocht na Gaeilge, a bheadh ar fáil do dhaltaí a mbeadh spéis acu tabhairt faoi ar an múnla céanna le Matamaitic/Matamaitic Fheidhmeach.

Arís, moltar go mbeadh na sonraíochtaí uile agus an t-ábhar nua ar fáil do scoláirí uile na tíre.

Meastar go mbeadh tacaíocht don chur chuige seo ó pholaiteoirí sna páirtithe éagsúla, bunaithe ar an bplé a rinneadh ar an gceist ag Coiste Gaeilge an Oireachtais.

Deirtear nár cheart “athrú chomh mór” leis an moladh T1 agus T2 mar atá a dhéanamh in aon ábhar “gan na himpleachtaí a mheas go cáiréiseach”. Deirtear go bhfuil sin fíor go háirithe faoin nGaeilge “ábhar a bhfuil tábhacht níos leithne ag baint leis ná an scrúdú féin”.

“Tá sé soiléir ón bhfreagairt ar na dréachtsonraíochtaí go dtí seo go bhfuil gá le hathbhreithniú iomlán ar an bhfráma atá ceaptha ag an CNCM do dhréachtsonraíochtaí T1 agus T2,” a deirtear sa phlécháipéis.

Tá próiseas comhairliúcháin ar bun ag an CNCM faoi na cúrsaí nua, próiseas a dtiocfaidh deireadh leis ar an 30 Samhain.

Fág freagra ar '‘Athbhreithniú iomlán’ ag teastáil ar na hathruithe atá beartaithe ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste – tuarascáil'