‘Cruthófar scoilt i bpobal na Gaeltachta, an é sin seo a theastaíonn ón Roinn Oideachais?’ – cáineadh ar phlean do chúrsa nua Gaeilge Ardteiste

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag iarraidh go gcuirfí stop iomlán leis an bpróiseas a bhaineann le tabhairt isteach na gcúrsáí nua

‘Cruthófar scoilt i bpobal na Gaeltachta, an é sin seo a theastaíonn ón Roinn Oideachais?’ – cáineadh ar phlean do chúrsa nua Gaeilge Ardteiste

Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta

Dúradh go raibh baol ann go bhfágfadh cur chuige an chórais oideachais i leith an chainteora dúchais nach mbeadh fágtha mar Ghaeltacht againn ach “ach corrtheaghlach fánach anseo is ansiúd ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann éinne ach iad féin”.

Chuir Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, ceist ag Coiste Gaeilge an Oireachtais inniu arb é seo an cuspóir a bhí ag an Roinn Oideachais leis na cúrsaí nua Gaeilge atá le tabhairt isteach don Ardteist – T1 agus T2.

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag iarraidh go gcuirfí stop iomlán leis an bpróiséas a bhaineann le tabhairt isteach na gcúrsaí nua.

Dúirt Ní Chéilleachair go gcruthódh an plean do na cúrsaí nua mar atá siad deighilt i bpobal na Gaeltachta agus go mbeadh muintir na Gaeltachta curtha trína chéile acu.

“Scéal fada é seo mar atá, ach má théann sé mórán níos faide, cruthóidh sé scoilt sa phobal Gaeltachta, mura bhfuil sé cruthaithe cheana féin. An é seo a theastaíonn ón Roinn Oideachais? An chun leasa na teanga é, muintir na Gaeltachta a chur in aghaidh a chéile?” a dúirt Ní Chéilleachair ag an gcruinniú de chuid an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Agus an easpa ceannasaíochta atá léirithe i dtaobh na n-athruithe cáinte aici, dúirt Ní Chéilleachair nach iad an Roinn Oideachais ná an NCCA “a chneasóidh an chréacht” a dhéanfadh na sonraíochtaí nua don Ghaeltacht.

“Fágfar faoi mhuintir na Gaeltachta féin é, na scoileanna agus na heagraíochtaí pobail agus teanga. Ní féidir an t-ualach seo a leagan orainne. Seo ualach don Roinn Oideachais agus don NCCA. Níl sé ceart, níl sé cóir. Bheadh sé mímhorálta agus mí-ionraic.”

Chomh maith le stop a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun i láthair na huaire, d’éiligh Tuismitheoirí na Gaeltachta go gceapfaí idirghabhálaí agus go gcuirfí córas ar bun, “le hiniúchadh ceart a dhéanamh ar an bhfreastal cuí teanga agus oideachais laistigh den gcóras atá i bhfeidhm – córas na bpointí – do dhaoine óga sa Ghaeltacht”.

“Mura dtabharfar faoi seo i gceart, beidh scoilt ann. Cuirfear go leor den dul chun cinn atá déanta ó thaobh cúrsaí oideachais agus pleanála teanga de sa Ghaeltacht ó mhaith,” a dúradh.

Dúirt Ní Chéilleachair gur cúis díomá a bhí ann di cé “chomh diúltach agus chomh cúng” a bhí an plé faoi na sonraíochtaí go dtí seo ach cháin sí freisin an easpa eolais a bhí tugtha maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochtaí nua, go háirithe i scoileanna Gaeltachta.

“Níl aon chaint faoi na tacaíochtaí a bheidh ar fáil do mhúinteoirí agus do scoileanna leis an gcóras nua seo a chur i bhfeidhm. An mbeimid fágtha ar an bhfaraor géar, mar atá tarlaithe cheana? Níl mórán muiníne á léiriú go mbeidh réimse ceart tacaíochta ar fáil – agus ar fáil in am,”a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Cruthófar scoilt i bpobal na Gaeltachta, an é sin seo a theastaíonn ón Roinn Oideachais?’ – cáineadh ar phlean do chúrsa nua Gaeilge Ardteiste'

  • Mairéad

    Maith thú a Shorcha! Aontaim go hiomlán leat. Ba chóir deireadh a chuir le T1 agus T2 láthair!