Eolas foilsithe faoi dhá chúrsa Ardteiste nua don Ghaeilge 

Tá 35% den mharc iomlán le cur ar leataobh don scrúdú cainte sa chúrsa Ardteiste nua atá le tabhairt isteach don chainteoir líofa Gaeilge

Eolas foilsithe faoi dhá chúrsa Ardteiste nua don Ghaeilge 

Tá eolas foilsithe faoin dá chúrsa nua Gaeilge atá le tabhairt isteach don Ardteist – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla.

Tá tuairimí an phobail á lorg anois faoin dá shiollabas nuafhoilsithe.

Tá saineolaithe ar an oideachas Gaeilge agus Gaeltachta ag éileamh le blianta fada go dtabharfaí isteach cúrsa breise don Ardteist a thabharfadh aird ar riachtanais an chainteora dúchais. 

Ach léirigh roinnt saineolaithe ar labhair Tuairisc.ie leo aréir iontas agus imní faoi ghnéithe de na cúrsaí nua, nó na sonraíochtaí T1 agus T2 mar a thugann an Roinn Oideachais orthu.

Bhí iontas ar roinnt daoine faoina chosúla lena chéile is a bhí cur chuige an dá shiollabas.

B’údar iontais go háirithe an bhéim chéanna a bheith ar an gcumarsáid sa dá chúrsa agus 35% den mharc iomlán le cur ar leataobh don scrúdú cainte sa dá cheann, an cúrsa T1 don chainteoir líofa agus an cúrsa T2 do na daltaí eile atá ag saothrú na Gaeilge mar dhara teanga.

Cúrsa nua níos dúshlánaí a mbeadh an-bhéim ann ar shaibhriú na teanga agus ar an litríocht an t-éileamh is coitianta atá déanta ag saineolaithe ar feadh na mblianta.

Maidir le cúrsaí litríochta, is beag difríocht idir líon na dtéacsanna a bheidh le staidéar ag an dalta líofa agus an dalta eile. 

Trí dhán bhreise le file ainmnithe a bheidh le déanamh ag an dalta a roghnódh an scrúdú níos dúshlánaí. 20% don litríocht atá molta don dá chúrsa. Mar a chéile atá na marcanna roinnte amach idir léamh, labhairt agus scríobh na Gaeilge don dá chúrsa.

Beidh scrúdú ardleibhéil agus gnáthleibhéil ar fáil don dá chúrsa agus is cosúil go gcuirfeadh na cúrsaí nua deireadh leis an nGaeilge bonnleibhéil don Ardteist.

Leagan amach na marcanna do T1 agus T2 Ardleibhéal
Labhairt agus idirghníomhú cainte 35%
Éisteacht i gcomhthéacs 10%
Léamh i gcomhthéacs agus feasacht teanga 15%
Tascanna ceapadóireachta cruthaitheacha 20%
Freagairt phearsanta ar théacsanna litríochta 20%

D’fhógair an NCCA chomh maith próiseas comhairliúcháin faoi na sonraíochtaí nua. Mar chuid den phróiseas sin is féidir suirbhé ar líne a líonadh isteach go dtí an 28 Bealtaine. Beidh fócasghrúpaí agus cruinnithe le heagraíochtaí ar leith mar chuid den phróiseas chomh maith agus beifear ag glacadh le haighneachtaí go dtí an 31 Lúnasa.

Ní théitear i ngleic sa suirbhé le ceann de na ceisteanna is bunúsaí faoin gcúrsa nua do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta, is é sin cé acu an mbeidh nó nach mbeidh marcanna bónais ar fáil as é a dhéanamh.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley le Tuairisc.ie an samhradh seo caite nach raibh cinneadh déanta fós aici maidir le cé acu an mbeidh nó nach mbeidh pointí bónais ar fáil chun spreagadh a thabhairt do dhaltaí Ardteiste tabhairt faoin gcúrsa nua Gaeilge atá á fhorbairt do chainteoirí líofa.

Tá iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn agus ar an Aire an scéal is déanaí faoin gcinneadh sin a chur ar fáil dúinn.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie mí Iúil seo caite, dúirt an tAire Foley gur “gnó casta” atá i bhforbairt na gcúrsaí nua agus sa cheist faoi conas “spreagadh” a thabhairt do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge an cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh.

Tá COGG ar cheann de na heagrais oideachais a bhfuil amhras mór orthu faoi rath an chúrsa nua cheal luach saothair a bheith le fáil as.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

“An féidir nach mbeidh fonn ar dhaltaí tabhairt faoin scrúdú is dúshlánaí mura bhfuil buntáiste breise ann dóibh?” a fhiafraítear sa tuarascáil Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta: Anailís ar a dTionchar.

 Tá siollabas Gaeilge don Ardteist á éileamh le fada an lá. Tá saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go dteastaíonn dúshlán níos mó ó chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile má táthar chun forbairt a dhéanamh ar a scileanna teanga.

Cúrsa atá á éileamh a mbeadh an dúshlán agus an fhorbairt phearsanta chéanna ag baint leis is a bhaineann, mar shampla, leis an siollabas ardleibhéil Béarla.

Fág freagra ar 'Eolas foilsithe faoi dhá chúrsa Ardteiste nua don Ghaeilge '

  • Éamonn Ó Gribín

    I nGaelscoileanna agus in aonaid Ghaeloideachais sa Tuaisceart, cuirtear Curaclam Thuaisceart Éireann ar fáil trí mheán na Gaeilge.

    Sna Gaelscoileanna sa Tuaisceart, de ghnáth, tosaítear ar theagasc foirmiúil an Bhéarla ag deireadh Bhliain 3 nó ag tús Bhliain 4 .

    Leanfaidh go leor daltaí Gaelscoile lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge san iar-bhunscoil, áit a ndéanfaidh siad staidéar ar an churaclam iomlán, nó ar chuid de, trí mhéan na Gaeilge. Is féidir leo tabhairt faoi scrúduithe trí mhéan na Gaeilge ag leibhéal GCSE agus GCE chomh maith. Ní mór níos mó a dhéanamh, áfach, toisc nach bhfuil scrúdú “A Leibhéal Ghaeilge” á thairiscint, ní thairgtear ach an scrúdú “A Level Irish” scrúdú atá oiriúnach do dhaltaí a thosaigh ag foghlaim na Gaeilge mar dhara teanga sa mheánscoil.

    Is mór an trua é gur ceadaíodh don staid seo maireachtáil … gan agóid ó na Gaelscoileanna, nó na heagraíochta eile ..Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge Comhairle na Gaelscolaíochta, Coláiste Feirste srl!

    Beidh an t-ábhar “English” mar chéad teanga ar fáil do gach leanbh in Éirinn (26 Contae), ach ní bheidh a leithéid ar fáil i nGaeilge!

  • Críostóir Ó Faoláin

    Trí Mheán na Bhéarla?